Duine í Réaltán Ní Leannáin nach bhfuil eagla uirthi a bealach féin a shiúl nó an fód a sheasamh ar son chearta na mban. Ina theannta sin is scríbhneoir coinsiasach í atá airdeallach agus tuisceanach ar an saol.
Bhí saol neamhchoitianta ag an údar agus í ag éirí aníos fá shráideanna Bhéal Feirste. Tógadh í ar Bhóthar na bhFál. I rith na dTrioblóidí is cuimhin léi a bheith ag siúl chun na scoile fríd smidiríní gloine agus píosaí de bhuamaí peitril a phléasc thar oíche. Nuair a cuireadh bus trí thine, is os comhair an tí s’aici a rinneadh é de ghnáth. Nuair a bhíodh snípéirí ina suí gar don teach, a ngunnaí sínte i dtreo an bhealaigh, is faoi na leapacha sa seomra codlata a bhíodh Réaltán agus a teaghlach sínte.

Ba léir go ndeachaigh siad i gcleachtas ar an nós seo nó bhí taithí na mblianta ag a tuismitheoirí air, go háirithe a hathair, nó throid a athair siúd sa chéad chogadh domhanda ar ghealltanas Redmond go bhfaighfí féinriail ar oileán na hÉireann, agus chuaigh sé san IRA ar philleadh abhaile dó in 1918.
Chuaigh sé ón Fhrainc go Málta, an áit ar chaith sé an chuid is mó den chéad chogadh domhanda. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn chonacthas dó gur mhaith leis bean a bheith aige: “Dar leis féin ‘scríobhfaidh mé chuig na sagairt seo i Málta’ mar go raibh a fhios aige go raibh cúpla bean dheas thall ansin a bhí Caitliceach agus bhí sin tábhachtach dó, agus iad ciúin, modhúil, múinte lena chois sin. Chuir sé litir anonn agus tháinig sise anall, saghas postal bride a bhí i mo mháthair mhór,” a dúirt sí.
RM Block
Is mar gheall ar a máthair mhór a bhí clann Réaltán ar cheann den bheagán teaghlach sa tuaisceart a bhíodh ag úsáid ola olóige ar a sailéad ag am dinnéir.
Blianta ina dhiaidh sin, chuaigh Réaltán go Málta agus is ann a rinne sí taighde dá húrscéal Cití na gCartaí.
Tá neart siúil curtha thairsti ag Ní Leannáin lena cuid scríbhneoireachta. Chaith sí seal in Leeuwarden san Ísiltír ar chónaitheacht: “Fuair mé go leor déanta mar nach raibh na daoine iontach sóisialta - bhí siad seachantach,” a dúirt sí.

Agus is de bharr easpa comhluadair agus comhrá a chuaigh Réaltán i dtaithí ar chaitheamh aimsire úr ag an am: “Ar an tríú hoíche ansin d’aimsigh mé Netflix don chéad uair agus shínigh mé suas leo,” a dúirt sí.
Bhí sí ar chónaitheacht sa tSlóivéin fosta ach dar léi nach gcaithfidh tú do thír féin a fhágáil lena leithéid d’eispéireas a bheith agat. Caitheann sí go leor ama ag Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg, Contae Mhuineacháin, agus bhí sí ar dhuine de seachtar scríbhneoir ar bronnadh cónaitheacht i gCill Rialaigh, Contae Chiarraí, orthu i ndiaidh na dianghlasála.
Tá cónaí ar Réaltán lena fear céile i Leamhcán, Baile Átha Cliath. Tá beirt chlainne orthu. D’éirigh Réaltán torrach leis an chéad pháiste sular pósadh iad, rud nach raibh ar bhealach ar bith inghlactha ag an am agus í sé bliana fichead. Tá cuimhne aici ar a fear ag inse na nuachta dá thuismitheoirí.

“Ba léir gur baineadh siar astu nuair a d’inis muid daofa go raibh muid ag súil roimh phósadh, ach is cinnte gur chuir sé isteach giota maith níos mó orthu cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a d’fhógair m’fhear céile lena mhuintir Fianna Fáileach go raibh sé ag gabháil leis an pholaitíocht, ach le páirtí Fhine Gael,” a deir Réaltán.
Cé go bhfuil Réaltán ábalta gáire a dhéanamh anois agus i ag cuimhneamh siar, deir sí gur am iontach crua a bhí ann do mhná. Is iomaí sin girseach a d’imigh as radharc i mBéal Feirste ag an am agus nach bhfacthas ar feadh seala iad, nó choíche arís, in amanna.
An chéad uair ar éirigh mé torrach bhí na tithe Maigdiléana fós ann. Dúirt mo mháthair liom go raibh sí ag caint leis an sagart paróiste…
— Réaltán Ní Leannáin
Ba bheag nár tharla an rud céanna do Réaltán: “An chéad uair ar éirigh mé torrach bhí na tithe Maigdiléana fós ann. Dúirt mo mháthair liom go raibh sí ag caint leis an sagart paróiste agus go raibh aithne aige siúd ar mhná rialta deasa a raibh teach galánta acu thíos faoin tír agus nár dheas an smaoineamh é dá rachainnse síos chucu, d’fhéadfainn an páiste a bheith agam thíos agus theacht abhaile ar nós is nár tharla rud ar bith riamh.”
Sheas an dís acu an fód agus níor phós siad go raibh siad féin réidh. Mhúscail siad an bheirt pháistí maidin amháin agus in áit iad a chur chun na scoile chuaigh siad uilig síos chuig Oifig an Chláraitheora ar Shráid Theach Laighean agus phós siad.

Nuair a bhí na páistí óg ba bheag am a bhí aici le bheith ag cur peann le pár. Ach nuair a fuair Réaltán amach go raibh ailse uirthi, d’athraigh a saol go mór. Agus í ina suí léi féin sa teach thosaigh sí ag scríobh blaganna agus filíochta agus, diaidh ar ndiaidh, líonadh na leathanaigh le focail, abairtí agus scéalta. Tá cnuasach filíochta, úrscéal, dhá chnuasach gearrscéalta agus drámaí raidió scríofa aici go dtí seo. Bhí sí ar dhuine d’eagarthóirí an leabhair Bláth na dTulach agus tá leabhar úr gearrscéalta le teacht an bhliain seo chugainn.
I mbliana bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a bhí sí roimhe seo, in 2019. Is í a bhí mar scríbhneoir cónaitheach i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, in 2024 agus ghnóthaigh cónaitheacht ó Bhaile Átha Cliath, Cathair Litríochta UNESCO, in 2021.
Tá dhá ghearrscéal aistrithe go Béarla aici agus curtha i gcló sa leabhar Stepsisters, in éineacht le seachtar scríbhneoirí ban eile. D’fhoilsigh Mercier Press an bailiúchán i mbliana agus foilseofar i Meiriceá agus i Sasana é in 2026.
Ach, dar ndóigh, ceann de na buaicphointí is mó ar bhain sí tairbhe as cuimse as le dhá bhliain nó gur rugadh a gariníon: “Tá mo chroí istigh inti. Tuigim an nath ‘ola ar mo chroí’ anois, nó caithim cuid mhór ama léi ach ní chaillim codladh na hoíche léi! Tá sí galánta, amach is amach,” a dúirt sí.
Foclóir: coinsiasach = conscientious; airdeallach = alert; tuisceanach = understanding; neamhchoitianta = unusual; comhluadair = company; cnuasach = collection.


















