Foclóir úrnua aonteangach ar fáil don phobal

Is ar foclóir.ie a bheidh teacht ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge

Foilsíodh Foclóir Béarla-Gaeilge Uí Mhianáin (thuas) in 2020 ach anois tá fáil ar foclóir nua aonteangach Gaeilge ag focloir.ie. Grianghraf: Foras na Gaeilge
Foilsíodh Foclóir Béarla-Gaeilge Uí Mhianáin (thuas) in 2020 ach anois tá fáil ar foclóir nua aonteangach Gaeilge ag focloir.ie. Grianghraf: Foras na Gaeilge

Seolfaidh an tUachtarán Catherine Connolly foclóir nua aonteangach Gaeilge i Músaem Imirce na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu.

Tá breis is 20,000 ceannfhocal san fhoclóir, le cois 40,000 brí mínithe sna hiontrálacha sin, agus ón lá inniu beidh an pobal in ann teacht ar leagan digiteach den saothar saor in aisce trí chnaipe úr ar an suíomh Foclóir.ie.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Bainisteoir Thionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, go raibh folúntas mór ann le fada an lá de bharr nach raibh fáil ar fhoclóir aonteangach nua-aimseartha mar seo sa Ghaeilge roimhe.

“Tá an pobal ag lorg foclóir aonteangach Gaeilge le 100 bliain nó níos mó. Níl mórfhoclóir aonteangach ag pobal na Gaeilge agus tá sé go hiontach anois go mbeimid in ann an bhearna sin a líonadh,” a dúirt sé.

“Go dtí seo, bhí cainteoirí Gaeilge ag brath ar fhoclóirí dátheangacha agus ar fhoclóirí Béarla chun tuiscint a fháil ar an domhan mórthimpeall orthu.”

Bhí an tUasal Breathnach mar chuid den fhoireann bheag a bhí ag obair ar an bhfoclóir seo ó cuireadh tús leis an tionscadal i mí Mheán Fómhair 2022.

Níl deireadh tagtha leis an tionscadal fós agus leanfaidh an obair ar aghaidh go dtí mí Lúnasa 2027 - cuirfear leis na hiontrálacha de réir a chéile.

Táthar ag súil leis go mbeidh os cionn 80,000 brí san fhoclóir nua i gceann dhá bhliain nuair a bheidh sé le fáil ina iomláine.

Tá súil ag Breathnach go mbeidh tionchar dearfach ag an bhfoclóir seo ar an nGaeilge agus go gcuideoidh sé le meon daoine a athrú faoin teanga.

Dúirt sé, “Má chuimhníonn tú ar scoláire óg Gaeltachta a thagann ar fhocal nach dtuigeann sé nó sí, an rud a bhí le déanamh ag an duine sin go dtí seo ná an focal Gaeilge a aistriú go Béarla agus ansin an focal Béarla a lorg i bhfoclóir aonteangach Béarla agus is dóigh gur thug sin le fios i gcónaí gur sa Bhéarla a bhí an t-eolas.”

“Tugann sin le fios do dhuine, bíodh sé sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht, gur gá an Béarla a bheith agat chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a thuiscint.”

Ina theannta sin, dúirt Breathnach go mbíonn tionchar mór ag acmhainní foghlama cosúil le foclóirí ar theangacha mionlaigh go háirithe agus go raibh dualgas ar leith ar an bhfoireann freastal ar gach sórt duine agus an foclóir á dhréachtú acu.

Dúirt sé, “Baineann breis is dhá mhilliún duine úsáid as Foclóir.ie gach bliain agus baineann breis is dhá mhilliún duine úsáid as Teanglann.ie chomh maith.”

“Braithimid cinnte freagracht an táirge is fearr agus is fónta a chur ar fáil. Ní hamháin do scoláirí ach do dhaoine ag gach leibhéal.

“Tá súil againn go mbeidh daltaí i scoileanna in ann an teanga atá san fhoclóir a thuiscint. Ach do dhaoine go dteastaíonn níos mó eolais uathu, beidh an t-eolas breise sin ar fáil chomh maith.”

Bhí sé i gceist ag an bhfoireann léiriú cruinn a thabhairt ar an nGaeilge mar a bhíonn sí á labhairt agus á scríobh san fhíorshaol, bunaithe ar an taighde atá á dhéanamh acu.

Ciallaíonn sé seo go mbaineann an foclóir nua úsáid as focail iasachta ó theangacha eile scaití.

Dúirt Breathnach, “is é pobal na teanga i ndáiríre a mhúnlaíonn an teanga. Má úsáideann an pobal focal nó nath cainte, tá spéis againne ann agus ba mhaith linn é a chlúdach.”

“An sampla is fearr is dócha ná ‘mobile phone’. ‘Fón soghluaiste’ a thugtaí air sin ar dtús, ach thosnaigh an pobal ag tabhairt ‘fón póca’ air agus é sin atá in úsáid anois.

“Rud spéisiúil faoin bhfoclóir nua ná go bhfuilimid tar éis glacadh le focail iasachta agus tá siad marcáilte againn mar fhocail iasachta.”

“Mar sin, beidh ‘pizza’ san fhoclóir agus más léir dúinn go bhfuil ‘píotsa’ in úsáid ag daoine, beidh sé sin ann chomh maith.”

Ar ndóigh, tá sé seo mar chuid d’iarracht an foclóir a dhéanamh daonlathach agus feiliúnach do phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Dúirt Breathnach, “Ceann de na rudaí spéisiúla faoi fhoclóirí go ginearálta ná go traidisiúnta, bhíodar sórt saintreorach agus féachadh ar fhoclóirí mar nod don eolach.”

“Bhíodar casta amanna, go háirithe ó thaobh na gramadaí de, agus bhí gá eolas áirithe a bheith agat roimh ré chun a bheith in ann ceann de na foclóirí móra traidisiúnta a úsáid.

“Go ginearálta, tá foclóirí áirithe i bhfad níos daonlathaí anois agus táimid ag iarraidh leis an gceann seo nod don eolach a bheith ann ach treoir don duine éiginnte a bheith ar fáil chomh maith.”

Os a choinne sin, tá dualgas fós ar fhoireann an fhoclóra nua cinntí eagarthóireachta a dhéanamh agus iad ag díriú ar an gcoimhlint idir an Ghaeilge nua-aimseartha a léiriú agus an teanga thraidisiúnta a chaomhnú.

Dúirt Breathnach, “Caithfimid líne a tharraingt áit éigin - an sampla a úsáidimid i gcónaí ná ní bheidh ‘tá sé fear’ san fhoclóir agus is cuma cé mhéad duine a úsáideann é.”

“Tá rudaí san fhoclóir anois agus fiú i bhFoclóir Uí Dhónaill a chuirfeadh uafás ar dhaoine 200 bliain roimhe sin ach bíonn teangacha ag athrú agus is dea-chomhartha é sin i ndáiríre.”