Cláir na Nollag ar TG4

Na Ceithre hAirde: Gael óg ar an Late Late Toy Show, Clár na Nollag TG4 agus Comóradh ar Niall Mac Giolla Bhrighde

Bláth na hÓige An turas go Lorient
Bláth na hÓige An turas go Lorient

D’fhógair TG4 sceideal cuimsitheach d’fhéile na Nollag i mbliana le rogha mhaith de scannáin, de chláir faisnéise, agus de chláir speisialta cheoil.

I measc na mbuaicphointí beidh ceiliúradh ar na ceangail chultúrtha atá idir Éire agus an tSeapáin ar Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25 Dé Domhnaigh an 21 Nollaig ag 9.30pm.

Craolfar clár speisialta Geantraí na Nollag 2025 ag a 7pm ar Lá Nollag, beagnach 30 bliain ó cuireadh tús leis an tsraith. Is in Eastát an Droma Riabhaigh i gContae Mhaigh Eo a chuirfear i láthair é agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth ar an gclár.

Ina dhiaidh sin, ag a 8pm, craolfar Scannán Cine4: Fidil Ghorm dráma faoi chailín óg a shíleann go dtiocfaidh a hathair as cóma má chasann sí an fhidil dó.

Ar Oíche Chinn Bliana ag a 10.10pm craolfar agallamh idir Liam O’Connor atá ina stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus Christy Moore. Tá a chartlann féin bronnta ag Christy ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus tabharfar léargas ar a chruthaíocht agus ar a choinsias sóisialta.

Ar Lá Caille ag 8.45pm, craolfar Bláth na hÓige An turas go Lorient - clár faisnéise faoi Bhláth na hÓige agus iad ag triall ar Fhéile Idircheilteach Lorient sa Bhriotáin.

Déanfar ceiliúradh ar iarUachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ar an 3 Eanáir ag a 9pm nuair a chraolfar clár ómóis bunaithe ar ócáid a reáchtáladh sa Cheoláras Náisiúnta i mí Mheán Fómhair 2025 chun albam d’fhilíocht ó bhéal leis, Against All Certainty, a sheoladh.

Ar ndóigh, níl ansin ach blúirín beag dá bhfuil beartaithe ag TG4 i mbliana. Is féidir breis eolais a fháil ag tg4.ie

Anna Ní Bhuaidhe
Anna Ní Bhuaidhe

Gael óg ar an Late Late Toy Show

Bhí Anna Ní Bhuaidhe as Scoil Bhríde na nDúnaibh, Co. Dhún na nGall, le feiceáil ar an Late Late Toy Show oíche Dé hAoine agus ba léir gur ócáid a bhí ann a chuir réalta óg sa tsiúl.

Chan Anna leagan Gaeilge den amhrán Killeagh, amhrán a cheolann an banna ceoil Kingfishr.

Tá Anna i rang a cúig ar scoil na nDúnaibh agus deir sí nach n-éiríonn sí neirbhíseach agus í i mbun ceoil os comhair an tsaoil: “Tá mo chroí istigh sa cheol mar sin ní raibh mé neirbhíseach,” a dúirt sí.

Tá bród as cuimse ar phríomhoide Scoil Bhríde na nDúnaibh, Éamonn Catterson, as a scoláire Anna agus bhí sé cos ar chois léi ar a turas ceoil. Thug an scoil gach tacaíocht di le roinnt seachtainí anuas agus í ag ullmhú don oíche mhór.

Dúirt seisean gur thóg an dea-scéala spiorad na scoile agus gur thug sé ardú meanman do gach duine a bhfuil baint acu le teach na scoile.

“Éacht atá ann don scoil go raibh ceann dár gcuid scoláirí ar an Late Late Toy Show. Tháinig an iliomad teachtaireachtaí isteach chugam mar gheall uirthi.

“Tá muid fíor, fíorbhródúil as Anna. Dar ndóigh is ócáid stairiúil dúinn sa scoil gur tharlaigh a leithéid agus ní rachaidh sé i ndearmad ar feadh i bhfad. Rinne sí jab ar dóigh. Rinne sí éacht,” a dúirt sé.

Tá an príomhoide tiomanta go mór an Ghaeilge a chur chun cinn: “Tá sé fíorspeisialta go ndearna sí amhrán a cheol i nGaeilge agus thug sí lár stáitse don teanga os comhair na tíre,” a dúirt sé.

Is é Pádraig Mac Piarais a bhí mar abhcóide ag Niall Mac Giolla Bhrighde.
Is é Pádraig Mac Piarais a bhí mar abhcóide ag Niall Mac Giolla Bhrighde.

Comóradh ar Niall Mac Giolla Bhrighde

Beidh oíche mhór ar siúl ar an Chraoslach i nDún na nGall an 11 Nollag le ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar údair de bhunadh na háite a sheas an fód ar son na Gaeilge na blianta siar.

Ar an Fhaiche Mhór, An Craoslach a rugadh Niall Mac Giolla Bhrighde, Oíche Shamhna 1861. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir amhrán agus gníomhaí teanga. Ba é a chum Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí, An Trucailín Donn agus Noreen Bawn.

Is í Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a d’oibrigh i dtreo beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde a chur ar fáil go digiteach, saor in aisce ar líne.

Cuireadh fíneáil air Niall in 1905 siocair a ainm a bheith scríofa i nGaeilge ar a charr capaill. Ag an am sin, bhí cainteoirí Gaeilge á gciontú ar chúiseanna a bhain le húsáid na Gaeilge, agus fíneálacha á ngearradh orthu dá bharr.

Tugadh an cás chun na hArd-Chúirte agus is é Pádraig Mac Piarais a bhí mar abhcóide aige. Cé gur chaill siad an cás, bhí éacht bainte amach ag Niall ar son na Gaeilge.

Foilsíodh a bheathaisnéis den chéad uair in 1939. Cé nach bhfuil cóipeanna den leabhar ar fáil go forleathan beidh rochtain saor in aisce ar an leagan digiteach ar fáil ar fud an domhain de bharr shaothar na Seirbhíse Leabharlainne.

Dúirt urlabhraí ón choiste: “Ár mbuíochas leis an Ghúm a thug cead dúinn an leabhar a chur ar fáil.”

Seolfaidh an Comhairleoir Michael McClafferty, Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach an leagan digiteach den bheathaisnéis Déardaoin, 11 Nollaig ag 6.30pm sa Hub, An Craoslach. Tabharfaidh an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, aitheantas don togra ar an oíche fosta.

Tá an ócáid seo eagraithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall i gcomhpháirt le LPT Tuaisceart Dhún na nGall. D’eagraigh an dá eagraíocht féile a rinne comóradh ar ghaiscí Néill i mí na Bealtaine, a bhí maoinithe ag an chlár Éire Ildánach.