Is dócha nach bhfuil cuid ar bith de ghramadach na Gaeilge a chuireas cruas intinne agus mearbhall ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge ná a bheith ag iarraidh ciall a bhaint as oibriú an chórais a bhaineann le ceartúsáid na bhfocal a chuireann treo in iúl sa teanga. Is minic fosta cainteoirí maithe ag tochas a gcinn faoin ábhar chéanna. Tá difríochtaí idir na mórchanúintí nach miste aird a thabhairt orthu chomh maith.
Is léir le himeacht na mblianta go ndearnadh ábhar magaidh de chuid de na meancóga a dhéanann foghlaimeoirí a bhíonn rómhór faoi anáil chóras an Bhéarla nach bhfuil chomh casta le córas na Gaeilge. Labharfaidh muid ar chuid acu sin de réir mar a fhóireann don scéal.
Tá sí <i>síos ansin </i>(áit neamhchinnte atá síos ó na cainteoirí) agus Tá sí <i>thíos ansin </i>(áit chinnte i suíomh síos ó na cainteoirí).
Tá na buneilimintí soiléir go leor ó taobh foirme de – bíonn bunaonad ann, mar shampla, íos, uas is araile agus cuirtear réimíreanna rompu le treonna éagsúla a chruthú mar atá thíos, thuas, síos, suas, aníos, anuas. Cuireann ‘th’ suíomh in iúl. Cuireann ’s’ agus ‘an’ gluaiseacht in iúl amach ón chainteoir agus i dtreo an chainteora, faoi seach. Sin an chuid is fusa, b’fhéidir.
Ach nuair a bhíonn níos mó ná duine amháin i gceist i gcomhrá éiríonn an scéal cuid mhaith níos casta. Is í an bhunriail a gcaithfidh an cainteoir aird a thabhairt uirthi – an suíomh ina bhfuil sé féin agus suíomh an éisteora. Seo sampla dá bhfuil gceist:
RM Block
- Cá bhfuil tú?
- Tá mé thíos/thuas anseo nó tá mé abhus anseo.
Anois, má tá an dá fhreagra sin ceart, cén comhthéacs a shocraíonn cé acu is cruinne? Má bhíonn an freagróir le feiceáil nó le cluinstin ag an duine a chuir an cheist, ceadaítear an dá fhreagra. I nGaeilge Uladh ceadaítear abhus anseo a úsáid is cuma an ar leibhéal thíos faoi nó os cionn an cheisteora atá i gceist.
Tá úsáidí eile ann atá beagán cleasach lena láimhseáil mar go bhfuil idirdhealú caolchúiseach á chur in iúl acu. Seo samplaí den chineál atá i gceist agam:
- An bhfaca tú Áine?
- Tá sí síos ansin (áit neamhchinnte atá síos ó na cainteoirí) agus Tá sí thíos ansin (áit chinnte i suíomh síos ó na cainteoirí).
Tá suíomhanna eile ann a bhaineann le bheith ag snámh nó ag bádóireacht chomh maith le bheith ag titim nó ag tabhairt léim in uisce. Tabhair faoi deara gur amach a úsáidtear sna cásanna seo a leanas seachas isteach, an rud is ansa leis na Béarlóirí: Thit mé amach as an bhád, Léim sí amach san abhainn agus araile.
Más fíor an scéal a bhíodh á insint faoin tseanduine Gaeltachta a chuir ceist ar ógánach óg a bhí ag foghlaim na Gaeilge ar choláiste samhraidh agus a bhí i ndiaidh a bheith amuigh ag snámh, léiríonn sé an deacracht. Seo mar a chuaigh an comhrá eatarthu, más fíor.
An seanduine: An bhfuil an sáile fuar?
An t-ógánach: Tá sé galánta nuair a bhíonn tú istigh.
An seanduine: Nach bhfuil a fhios agam féin sin ach cad é mar a bhí sé nuair a bhí tú amuigh?
Deir an scéalaí nár thuig siad a chéile agus char chuala mé níos mó faoi ó shin.
Tá suíomhanna eile ann agus braitheann úsáid péirí den chineál suas/aníos ar pheirspictíocht an chainteora – amharc ar na samplaí seo – nuair a bhí sé ag fás suas versus nuair a bhí sé ag fás aníos. Mheasfadh duine ar an dara sampla go bhfuil an cainteoir ag amharc siar ar shaol dhuine níos óige ná é/í, b’fhéidir.
Úsáidí eile ar díol suime iad na cinn seo a leanas cé go mb’fhéidir nach gcluintear chomh minic sin iad ar na saolta deireannacha seo. Is mór an truaighe sin mar tá smior na teanga iontu - Tá luach an eallaigh/na gcaorach síos le tamall – Cuir suas an solas le do thoil, agus an leagan - Bhí an Ré agus na Réalta suas ón fhilíocht - is é sin ar an aer.
Is minic fosta agus daoine ag tabhairt treoracha do dhuine a bhíonn caillte nó ar strae gur san aimsir fháistineach a thugtar na treoracha. Tá peirspictíocht ar leith á léiriú ag úsáid mar seo. Is le Gaeilge Chúige Uladh is mó a bhaineann an úsáid seo go bhfios dom ach nach féidir liom a rá faoi láthair cén uair a tosaíodh an modh úsáide céanna.
Séan agus sonas na Nollag oraibh.
Foclóir
caolchúiseach = subtle
díol suime = worthy of attention
faoi anáil = influenced by
réimír = prefix
mearbhall = confusion/bewilderment
treo = direction
faoi seach = respectively



















