Tá sé ráite ag an bhFeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú gur chóir don rialtas feachtas earcaíochta d’ateangairí le Gaeilge a bhunú sula bhfaighidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpach in 2026.
Ag labhairt di le Scéal, dúirt Ní Mhurchú nach féidir léi a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ag cruinnithe de Choistí agus de Ghrúpaí Pharlaimint na hEorpa - cé gur bhain an teanga stádas amach mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh in 2022.
“Ba mhaith liomsa mo chuid cainte a dhéanamh i nGaeilge ag leibhéal cruinnithe na gcoistí ach ní féidir liom. Ní féidir liom Gaeilge a labhairt agus mé i Strasbourg ag an Seisiún Iomlánach mar tá ganntanas ateangairí ann,” a dúirt an Feisire Eorpach.
“Níl an oiread sin fadhbanna ann a bhaineann le haistriúchán [scríofa] ó Ghaeilge nó go Gaeilge sa Pharlaimint ach tá fadhb dhamanta ann le hateangaireacht.”
RM Block
Faoi láthair, tá próiseas comhairliúcháin curtha ar bun ag rialtas na hÉireann a ligeann do pháirtithe leasmhara agus don phobal moltaí a bhaineann le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpach a dhéanamh.
Is mian le Ní Mhurchú go mbunóidh an rialtas feachtas earcaíochta d’ateangairí le Gaeilge agus clár oibriúcháin don Uachtaránacht á dhréachtú acu.
“Caithfidh ciste airgid a bheith curtha ar fáil ag an rialtas chun ateangairí atá lánoilte a earcú agus a chur in áit roimh thús na hUachtaránachta go dtí deireadh na hUachtaránachta, agus íoc astu,” a dúirt sí.
Cé gur teanga oifigiúil í an Ghaeilge san Aontas Eorpach, tá maolú ann maidir leis na dualgais ateangaireachta atá ar Pharlaimint na hEorpa de bharr easpa foirne oilte.
I meamram atá feicthe ag Scéal ó DG LINC - an roinn de chuid Pharlaimint na hEorpa a chuireann seirbhísí ateangaireachta ar fáil – tugadh le fios nach raibh siad in ann teacht ar iarrthóir feiliúnach ar bith a raibh Gaeilge acu le ceapadh mar ateangaire lánaimseartha.
Níl ach dháréag ateangairí neamhspleácha le Gaeilge ann atá cláraithe le DG LINC agus níl ach seachtar dóibh ar fáil go rialta le hobair pharlaiminte a dhéanamh ar bhonn páirtaimseartha.
Lena chois sin, níl Gaeilge ‘ghníomhach’ ach ag seisear den dáréag seo, rud a chiallaíonn go bhfuil siad in ann teanga eile a aistriú go Gaeilge agus an Ghaeilge a aistriú go teanga eile araon (níl cead ag an seisear eile ach an Ghaeilge a aistriú go teanga eile).
Beidh an maolú atá ann don Ghaeilge (agus don Mháltais) i bhfeidhm go dtí 2029 ach déantar athbhreithniú air seo gach sé mhí.
Tuigtear go bhfuil litreacha scríofa ag an bhFeisire Ní Mhurchú chuig Ard-Stiúrthóir DG LINC agus chuig Feisirí Eorpacha eile faoi na hathbhreithnithe seo.
Labhair an Dr Seán Ó Conaill – atá ina léachtóir dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh – le Scéal freisin faoi stádas na Gaeilge agus rialtas na hÉireann ag ullmhú d’Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpach.
Dúirt sé go raibh sé ríthábhachtach go mbainfeadh ionadaithe as Éirinn úsáid as an nGaeilge go poiblí nuair is féidir leo le stádas na teanga mar theanga oibre a chur chun cinn.
“Ó thaobh rudaí gur féidir le hÉirinn a dhéanamh i dtaobh cúrsaí teanga, tá sé cineáilín casta,” a dúirt sé.
“An príomhrud a bheadh an rialtas in ann a dhéanamh, níos mó ná aon ní eile, ná leas a bhaint as an nGaeilge ag gach aon deis – sin an rud is tábhachtaí sílim.
“Tá Éire náirithe cheana féin ag an Eoraip ó thaobh cúrsaí teanga – má lorgaíonn tú reachtaíocht reatha [na hÉireann] i nGaeilge, beidh fadhb agat teacht air ach níl a leithéid den fhadhb sin san Eoraip.”
Dúirt an Dr Ó Conaill freisin go bhfuil ceist níos leithne ann maidir leis an stádas a bheidh ag teangacha na dtíortha a bhfuil daonra beag acu agus an pholaitíocht ag éirí níos idirnáisiúnta.
“Seo fadhb do theangacha eile san Eoraip – ach tá an Béarla chomh forleathan agus chomh láidir nach mbaineann na polaiteoirí leas as a dteangacha féin,” a dúirt sé.
“Tá domhan an Bhéarla go mór i réim. Nuair atá Béarla ag formhór mhuintir na hEorpa i slí amháin nó i slí eile tá sé an-chasta cúlú siar uaidh.”
Dúirt an Dr Ó Conaill go mbíonn an Ghaeilge níos feiceálaí i bpolaitíocht na hEorpa ná teangacha áirithe eile.
“Bhí níos mó Gaeilge á labhairt i bParlaimint na hEorpa ná Máltais, Liotuáinis, Laitvis nó Eastóinis mar bhí na feisirí ó na tíortha sin ag baint leas an mBéarla mar bhí fonn orthu rudaí a chur amach ar na meáin shóisialta.”
“Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbainfidh daoine leas éigin as a dteangacha féin – ach caithfidh fáth a bheith ann, is é sin go dtuigeann tú go bhfuil tábhacht le cultúr agus saibhreas teanga.”
![Cynthia Ní Mhurchú: “Níl an oiread sin fadhbanna ann a bhaineann le haistriúchán [scríofa] ó Ghaeilge nó go Gaeilge sa Pharlaimint ach tá fadhb dhamanta ann le hateangaireacht.” Grianghraf: Frederick Florin/AFP/Getty Images](https://www.irishtimes.com/resizer/v2/BUR5DV7FTGHEDEX5C4LZXNSUPE.jpg?auth=fb76b630aded61289bfbb6d6fad48ad18cde7447ba10c9206d96fbdafbf0e495&smart=true&width=1024&height=683)
















