Nuair a scríobh Seán Mac Maoláin a leabhar beag Lorg an Bhéarla (1957), ba é an rud ba mhó ba chás leis ná rian an Bhéarla ar chomhréir na Gaeilge. Dá réir sin bhí spraoi aige le leaganacha ar nós ‘Tá an sliabh ag éirí suas go dtí cúig mhíle troigh,’ á rá gur ardaigh uair amháin ach nach bhfuil á dhéanamh aige anois; nó ‘Tá an teach ag féachaint amach ar an bhfarraige,’ amhail is go raibh súile aige, in ionad ‘Tá aghaidh an tí leis an bhfarraige’.
Is féidir le téarmaíocht a chumtar tuirlingt ar ghnáthamh na cainte agus an chleachtaidh, gan amhras.
B’fhíor dó, caithfear glacadh leis go bhfuil sifíní ón mBéarla ag gluaiseacht isteach sa Ghaeilge ón 17ú haois ar a laghad agus ní dhéanaimid aon iontas de leithéid rud ‘a fháil amach’, ‘a thabhairt suas’ ‘cur suas le’ nó spiaire rúnda ar nós ‘cuir i gcás’ atá bunaithe ar an nath ‘put the case’ a bhíodh coitianta sa Bhéarla.
Tá cuacha i nead na teanga níos soiléire inniu, agus is minic a chloistear ‘i ndeireadh an lae,’ seachas abair, ‘ar deireadh thiar thall’, agus d’airigh mé féin ‘déanta agus deannaithe’ cúpla uair, agus ní mar mhagadh. Ní thosaíonn niamhghlantóirí ag screadach nuair a chluineann siad ‘Déanann sé ciall..,’ nuair is cóta eachtrannach ar fad é mar is léir. Scríobhtar anois ‘go bhfuil fiche duine maraithe’ in Gaza, nó san Úcráin, in áit go díreach go bhfuil siad marbh, nó gur ‘maraíodh’ iad.
Ní cúrsaí téarmaí é seo cé go bhfuil téarmaíocht istigh ina lúb. Tionscal ann féin é an gníomh cruthaitheach arb é cruthú na téarmaíochta go minic é, agus cé a mhaífeadh nach féidir le cuid acu a bheith fileata? Tá ‘múnla díse teochuasáin’ agus ‘iolrachán comhuaineacháin comhla’ againn, agus seachas nach bhfuil an tuairim is lú agam cad dó a dtagraíonn siad, ar éigean go mbainfear leas laethúil astu seachas ag mionlach beag bídeach.
RM Block

Ní mar sin don phobal a chum nuair ba ghá. Muintir Chonamara a thug ‘staighre beo’ dúinn nuair a chonaic siad na staighrí beo i Sasana, agus chuala ‘an fhiacail mhór’ ar JCB ar bhóthar Chois Fharraige. Tá duine ar m’aithne a mhol ‘spideog’ a thabhairt ar ‘cúrsóir’ na ríomhaireachta, ar chúis ar cheart a bheith soiléir, agus tá cara liom a thugann ‘scothóg’ ar cheangaltán, téarma níos fileata ná an briosca oifigiúil.
Is féidir le téarmaíocht a chumtar tuirlingt ar ghnáthamh na cainte agus an chleachtaidh, gan amhras. B’é Earnán de Blaghd a chum ‘todhchaí’ ar an aimsir fháistineach, ar amach anseo; agus a thug ‘forbairt’ ar an rud a mbíodh ‘fás’ nó ‘craobhú’ nó ‘feabhsú’ roimhe sin. Ar éigean go bhféadfaí feidhmiú á gceal anois. Glacadh le ‘idirlíon’ an túisce is a ghealaigh chugainn, cé go raibh éileamh ar théarmaí eile nár mhair rófhada. Ba bhinne liom féin ‘idirmhogallra’ ach b’eagal le daoine nach ndéarfaí i gceart é. Agus bheadh orainn dul timpeall an tí d’fhonn giorrúchán a fháil ar ‘impleachtaí’. Meabhraigh go raibh an focal ‘siorcamstaintí’ ag Aodh Mac Aingil i dtús an 17ú haois, focal a mbeifí ag magadh faoi dá dtiocfadh as do bhéal anois.
Ní hiad sin fáth mo bhuartha ná mo ghairdeachais ach an oiread nó go mbeidh an Béarla ag tromaíocht ar an nGaeilge, mar is cinnte go mbeidh. Beidh sé deacair an tonn isteach a mhaolú ach féadfar na peacaí marfacha is measa a mhaitheamh nuair a thig. Is é is róbhaol, áfach, nach bhfuil an Ghaeilge cumasach ar mheafair, ar shamhla, ar íomhánna, ar nathanna, ar chora cainte a chumadh feasta as a maitheasaí, as a dúchas, as a putóga féin mar a bhíodh nuair a bhí caint na ndaoine ina sea. Is é sin, nach mbeidh sí á giniúint feasta as a stóras gan teorainn, agus as samhlaíocht a cuid cainteoirí, scríbhneoirí agus lucht a cleachtaidh féin.
Tá baol á leanúint seo, áfach. Is mó sin nath atá dingthe in úsáid gach teanga nach fios anois cad as a dtáinig. ‘Ar muin na muice’ féin, cad is bun leis? Agus is féidir go mbeifí ródhúchasach, ag tarraingt ar nathanna inniu a raibh feidhm leo tráth, ach atá seanbhlastúil inniu. Tá glacadh le, abair, ‘an dá thrá a fhreastal’ toisc é a bheith seanbhunaithe, ach ar éigean go mbeadh fáilte chomh saoráideach le ‘Ní féidir é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat’, go háirithe toisc nach dtuigtear cad is gruth ná meadhg, agus dá dtuigfí nach réiteodh le goile beadaí an lae inniu.
Mar sin féin tá an teanga againn breac le slite d’fhonn rudaí a rá nach craiceann Gaeilge ar chnámha Béarla iad. Dá ndéarfaí ‘Ní maith liom an tslí a bhfuil sé ag dul ar aghaidh,’ agus brí iompair leis, is fearr a d’oirfeadh ‘Ní maith liom na bóithre atá faoi,’ a thuigfí chomh maith céanna. Cé go bhfuil amhras éigin faoi dhaoine a bheith ‘sa bhád céanna’ a chloistear, b’fhearr daoine a bheith ‘sa chor céanna’, mar shampla simplí. Agus dá ndéarfaí go raibh duine ‘gléasta go dtí na cluasa,’ nó gur mhaith leis ‘ceann ramhar den chnámh a bheith aige,’ nó go ndearna sé ‘príosúnach den phingin,’ nó go raibh ‘an deoir i ndeas don tsúil aige,’ ba phras a thuigfí iad. Ach tá seans maith ann gur cochall Béarla ba thúisce a chuirfí orthu.
Dá mbeadh abairt shimplí Bhéarla ar nós ‘If that teacher had any decency he wouldn’t be so hard on that poor boy’ le haistriú go Gaeilge, tá’s againn go mbeadh ‘daonnacht’ agus ‘chomh dian sin’ istigh ina lár. Sa leabhar Dúchan a foilsíodh le déanaí agus arb abairtí agus frásanna agus nathanna a bhailigh Máirtín Ó Cadhain i gConamara atá ann, tá ‘Dhá mbeadh scruplaíocht ar bith ann mar mháistir scoile, ní ag dul ag fiachadh ar an dílleachta sin a bheadh sé.’ De sin, níl ann ná go mbíonn buntiobra eile go minic ag an abairt Ghaeilge toisc gur tháinig sí slán ó shaicéad ceangail na hoifigiúlachta, an dlí agus an toise singilte céille le trí chéad bliain anuas. Ní easpa forbartha ná díth dul chun cinn é sin, ach a mhalairt. Tugann scóip di a cleití a scaoileadh amach agus eitilt de réir a samhlaíochta is a cumais cruthaitheachta féin.
Tá an domhan breac le híomháineacht de chuid an duine, an gnáthdhuine, an neach ar an gcnoc. Tá ‘eireaball na meisce’ ar iarmhairt na póite sa Ghàidhlig, ach sa Danmhairgis Lochlannach tá focail arb ionann iad agus ‘siúinéirí ag druileáil’ sa chloigeann a bheith agat. Focal é uitbuiken sa Dúitsis a chiallaíonn atadh an bhoilg, is é sin do scíth a ligean, go háirithe tar éis béile. ‘Ag ithe d’uillinneacha’ atá sa Rúisis ar ‘níl maith sa seanchas nuair atá an anachain déanta’ gan trácht ar bhainne doirte.
Tá an saol teann le nuálaíocht, le mealladh na hintinne saorga. Fós féin, is í intinn agus samhlaíocht an duine bonn agus forscreamh na ceapadóireachta.
Is fúinne - cainteoirí, iriseoirí, scríbhneoirí - atá an teanga a shíorchruthú agus an uile ghuth dár ndúchas agus a bhfuil sa domhan mór a chur chun fóinte san athghiniúint sin gan scáth, gan eagla agus le dáine thar meán.
Foclóir: comhréir = syntax; spiaire = spy; sifíní - wisps; fileata = lyrical/imaginative; slite = ways; nathanna = sayings/expressions; íomháineacht = imagination.a chur chun fóinte = put to use.













