Seoda beaga dúlra

Chuir Tomás Ó Floinn dhá chnuasach nuadhéanta i nGaeilge an lae inniu ar fáil in Athbheo (1955) agus Athdhánta (1969)

Tomás Ó Floinn. Grianghraf: Bill Doyle/le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.
Tomás Ó Floinn. Grianghraf: Bill Doyle/le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Bhí cáil riamh ar an liric bheag ghonta sa Ghaeilge, nó ceaptar go raibh. Tugtar suas do na dánta gearra a bhreac manaigh ar imeall na lámhscríbhinní dóibh tar éis lae fhada ag saothrú ar na soiscéil gurb iad scoth na litríochta againn iad. Chuir Tomás Ó Floinn dhá chnuasach nuadhéanta i nGaeilge an lae inniu ar fáil in Athbheo (1955) agus Athdhánta (1969), leithéidí –

Dul don Róimh,

Mór saothar, beag tairbhe:

An rí iarrann tú i bhfus,

Mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.

Clogán Binn

Á bhaint dom oíche ghaoithe:

Dob fhearr liom dul ina dháil

Seachas i ndáil mhná baoithe.

Mediaeval Irish Lyrics (1967)
Mediaeval Irish Lyrics (1967)

Tá cuimse díobh le fáil, leis, in Mediaeval Irish Lyrics (1967) a chuir James Carney in eagar, cé go bhfágann sé an Ghaeilge ina cruth dílis dúchais:

Fuit co bráth!

Is mó in doineann ar cách;

Is ob cach etriche án,

Agus is loch lán cach áth.

Is fearr fós an aithne a bheidh ag an bpobal fairsing ar na haistriúcháin Bhéarla a dhein beagnach gach file Éireannach gur fiú biorán é ar chuid den ábhar Sean-Ghaeilge sin, cé go gceapaim uaireanta gur cheart an t-éan beag úd a lig fead as rinn a ghoib ghlanbhuí trasna ar Loch Lao thairis Harland and Wolff a thachtadh le fórsa, nó neachtar acu é a chur ar an menu i mbialann áitiúil.

Is é oighear an scéil, áfach, ná go raibh go leor den ábhar seo i bhfolach i lámhscríbhinní go dtí gur nocht scoláirí iad ar ais chugainn san 19ú haois, ionas nár chuid den traidisiún iad dáiríre píre go dtí le fíordhéanaí. Ceann de na dánta is cáiliúla díobh ar fad, ‘Pangur Bán’ é féin, cé gur breacadh i Mainistir Reichineau ar an mór-roinn é san 9ú haois, duine ar bith níor léigh arís é go dtí gur fhoilsigh Whitley Stokes agus John Strachan é sa bhliain 1903.

Mar sin féin, bhí an ghontacht riamh ann chomh maith leis an mbláfaireacht agus na caisí cainte, agus níor ghá aon bhroideadh rómánsúil ó fhilí na cathrach a chonaic lusa an chromchinn don chéad uair le dánta aoibhne dúlra a chumadh.

Tháinig na liricí gonta Sean-Ghaeilge sin ar ais chugainn i bhfoirm an haiku lenár linn féin. B’é Gabriel Rosenstock thar aon duine eile a chomáin an dúil agus an paisean don haiku ar aghaidh, agus ní gá a rá gur máistir ar an gceird sin é go paiteanta ealaíonta.

I Muinín na nDúl (Éabhlóid)
I Muinín na nDúl (Éabhlóid)

Lean go leor eile é, Liam Carson, Mícheál Ó hAodha, Rody Gorman, agus anois tá an dá thráth, idir dhúlra agus haiku, á chleachtadh ag Máire Dinny Wren sa leabhar beag álainn I Muinín na nDúl (Éabhlóid).

Mar a chomharthaíonn an teideal dánta dúlra is ea iad, dánta coille, dánta éanlaith an aeir, dánta beacha, agus dánta a bhaineann le séasúir na blianta. Iad snoite bearrtha gearrtha scianchlipithe, gach ceann díobh ina bhachlóg féin.

Mar neach cathrach ar dícheall dom an neantóg a aithint seachas an buachalán, an ostrais seachas an spideog, an phuch seachas iománaí ó Chill Chainnigh, focail áille is mó a theangmhaigh liom anseo, focail ar cheart go mbeadh a fhios agam cad dó ar thagraíodar, ach ar leor ina gceol iad chun mé a bhíogadh.

Cad is ‘sailchearnach’ ann…caithfidh go bhfuil go hálainn?! ‘Scréachóg reilige’, ainm a chuirfeadh sceimhle ort? ‘Cam an ime’? ‘Donnóg aeir’? ‘Feadóg shléibhe’? ’Riabhóg mhónadh’? ‘Seamair dhearg’? Is mise an gamal aineolach ach tuigim go bhfuil draíocht á scaipeadh anseo.

Ina choinne sin thall, is cuma chomh dall cathrach is atá tú, mar atáimse, ní féidir nach músclódh na dánta seo chun athfhéachana tú, go fiú is mura mbeifeá ach ag dul ón bhfocal go dtí an radharc, seachas a mhalairt timpeall. Ag trácht di ar fhéileacán

Mioneitilt ag gormán cuilinn

Ó cham an ime

Go drúichtín meala go lus míonla

cé nach aithním gach a bhfuil luaite ann, nach é sin go díreach a dhéanann siad mar fhéileacáin?

An féidir breith ar aimsir dheireadh an Fhómhair atá anois againn chomh cruinn agus chomh simplíphictiúrtha le

Duilleoga san aer

Síobtha le cuaifeach gaoithe –

Doire lomghéagach?

Tabhairt faoi deara le suile gléshoilseacha is ea na dánta seo ar cheart iad a léamh go mall is a thabhairt leat ar shiúilóid maidne, bíodh is dá gcasfadh spéirbhean leat agus a céibhe ar fad ina mbúclaí agus an lí gheal le rósaibh ag coimheascar ina gnaoi chaithfeá fós diúltú dá cumann agus dá comhrá. (Sin sa chás is gur fear tú. Más bean tú agus má chasann file ort id shiúlta maidne duit, b’fhearr rith agus teitheadh ná seans a thabhairt dó aisling eile a chumadh).

Agus cé gurb aon ghné an fhoirm ina bhfuilid seo scríte, tá éagsúlacht mhór ábhar iontu, chomh héagsúil leis an dúlra féin. Tosnaíonn leis an gcoill, leis an rabairne in aon chrann amháin.

Fluirse i bhfál sceach

Gnáthóg don fhiadhúlra –

Crann fuiseoige

Agus cé déarfadh nach bhfuil seo fíor? Gabhann ina dhiaidh sin trí ríocht na n-éan agus fearann na bhféileacán agus beatha na mbeach, go dtí go dtugann dúinn dánta aoibhne ar shéasúir na bliana ó ‘bhrollach an earraigh’ go ‘dúlaíocht an gheimhridh’ níos greanta ar fad ná ‘Ceithre Ráithe na Bliana’ le Séamus Dall Mac Cuartha.

Cé gur cumadóireacht í seo ar ardchaighdeán filíochta agus friotail, is tabhairt faoi deara chomh maith céanna é. Tá a fhios agat go bhfaca an file na nithe seo ar fad, agus nach as an gceann amach a tháinig na híomhánna, nár thuirling siad as spéir na samhlaíochta. Go minic, tar éis duit ceann de na seoda trí líne seo a léamh go gcaitheann tú a rá, ‘Sin é é! Sin díreach é!’ agus b’fhearr go ndéarfá sin os ard.

Leabhar é ar féidir a thabhairt leat i do phóca nó i do mhála láimhe féin óir tá néata agus comair ina chruth agus ina mhéid. Ba thairbhí agus ba phléisiúrtha go mór é ná a bheith ag scrolláil drochnuachta agus bréaga binbe ar an bhfón.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar