Thall is Abhus

An tseachtain seo: Ciorcal comhrá ar an taobh eile den domhan; glanadh mór an fhómhair agus Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Ciorcal Comhrá Coogee: Tá pobail bheaga na nGael ag teacht le chéile in achan chearn den domhan.
Ciorcal Comhrá Coogee: Tá pobail bheaga na nGael ag teacht le chéile in achan chearn den domhan.

Ciorcal comhrá ar an taobh eile den domhan

Bíonn pobail bheaga Ghaelacha ag teacht le chéile in achan chearn den domhan agus tá Ciorcal Comhrá bunaithe anois i bhfad i gcéin in Sydney na hAstráile.

Tagann Ciorcal Comhrá Coogee le chéile in Óstán Coogee Bay gach Satharn agus bíonn deis den scoth ag Éireannaigh san Astráil bualadh le daoine nua agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Bíonn siad ag caint agus ag comhrá chomh maith le bheith ag ceol, ag damhsa agus ag ól leann dubh faoin ghrian. Eagraíonn siad turais speisialta chuig ceolchoirmeacha Éireannacha, mar shampla na Mary Wallopers an mhí seo caite, agus bíonn siad ag comhoibriú le grúpaí Gaelacha eile chun blaiseadh de spiorad na nGael a thabhairt thar sáile.

Ar mhaith leatsa a bheith páirteach ann? Déan teagmháil le @ciorcalcomhracoogee ar Instagram.

Deis a bhíonn i míonna an fhómhair aghaidh a thabhairt ar an dioscaireacht atá le déanamh
Deis a bhíonn i míonna an fhómhair aghaidh a thabhairt ar an dioscaireacht atá le déanamh

Glanadh mór an fhómhair

Deis a bhíonn i míonna an fhómhair aghaidh a thabhairt ar an dioscaireacht atá le déanamh sa teach agus spás deas eagraithe a chruthú. Beidh an chuid is mó againn ag caitheamh níos mó ama taobh istigh agus muid ag druidim le deireadh na bliana, agus mar sin is fiú i gcónaí giota beag ama a chur i leataobh le tabhairt faoi ghlanadh mór an fhómhair.

B’fhéidir go bhfuil áiléar lán le truflais agat, nó vardrús atá i riocht pléascadh. Má fhaigheann tú réitithe de go leor den stuif atá ina luí thart sa teach, cruthaíonn sé níos mó spáis, ní hamháin sna cófraí ach san intinn chomh maith. Beidh atmaisféar suaimhneach friseáilte sa teach go díreach in am don Nollaig agus d’oícheanta teolaí sa bhaile.

Tá neart aipeanna agus suíomhanna gréasáin iontacha le héadaí agus seantroscán a dhíol. Is breá liom féin Vinted agus Depop le haghaidh éadaí a dhíol (agus éadaí a cheannach!), agus bealach den scoth é cúpla punt a shaothrú as ábhair nach bhfuil de dhíth ort a thuilleadh. Is féidir bualadh isteach chuig na siopaí carthanachta in aice leat fosta le feiceáil an bhfuil siad ag glacadh le tabhartais, ach bí cinnte go bhfuil na héadaí agus na hearraí glan agus go bhfuil dóigh mhaith orthu sula dtabharfaidh tú isteach iad.

Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich
Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar ais i mbliana. Cuirtear fáilte roimh dhánta scríofa i nGaeilge nó i dteangacha eile ach caithfidh gach iontráil a bheith ina saothar úrnua leis an iarrthóir féin nár foilsíodh go fóill.

Cuirtear fáilte ar leith roimh dhánta a bhaineann leis an téama ‘Tearmann’ i mbliana, de bharr coimhlintí atá ag leanúint ar aghaidh gan stad gan staonadh fud fad an domhain. Ar ndóigh, cuirtear fáilte roimh dhánta eile fosta. £5 an táille atá ar gach iontráil agus tá uasmhéid de 3 dhán in aghaidh an iarrthóra ceadaithe.

Beidh oíche bhronnta na nGradam ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 30 Deireadh Fómhair 2025, mar chuid d’Oireachtas na Samhna a bheidh ag titim amach i mBéal Feirste i mbliana. Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí a ndánta a aithris ag Cúirt Filíochta an Oireachtais ar an 1 Samhain san ICC, Béal Feirste.

Caithfidh iontrálacha a chur isteach trí ríomhphost chuig comortas@culturlann.ie nó mar chóip chrua chuig COMÓRTAS, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH faoin Aoine bheag seo, an 17 Deireadh Fómhair 2025, ag 4pm.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le caoimhin@culturlann.ie.

Manchán Magan
Manchán Magan

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Manchán Magan

Is deacair friotal a chur ar an tionchar a bhí ag Manchán Magan ar shaol na Gaeilge agus an méid a chuir sé le cultúr agus le saibhreas na teanga trína leabhair agus trína chláracha faisnéise. Scríbhneoir agus craoltóir cumasach agus duine thar a bheith fiosrach ab ea é a raibh draíocht agus tarraingteacht ar leith ag baint lena chuid oibre. Foilsíodh an leabhar is déanaí leis ‘Ninety-Nine Words for Rain (And One for Sun)’ i mí Mheán Fómhair, cúpla seachtain sular imigh sé ar shlí na fírinne. Bhí sé 55 bliana d’aois.

Níl dabht ar bith gur mhúscail Manchán Magan suim daoine sa Ghaeilge. Bhí bua na healaíne go smior ann agus labhair sé amach go láidir agus go bródúil ar an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge ar a bhealach tallannach féin, bealach álainn fileata a spreag muid ar fad. Chaith sé blianta ag scríobh faoin chultúr agus faoin taisteal leis an Irish Times, thaistil sé an domhan i mbun scannánaíochta, agus scríobh sé ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Listen to the Land Speak’, dhá leabhar sárdhíola a tharraing aird ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann fud fad an domhain.

Thug sé leis a chuid díograise in achan rud a rinne sé thar na blianta, agus i bhfocail Kneecap iad féin, mairfidh a oidhreacht i meon fiosrach spreagúil na nGael agus iontu siúd a théann sa tóir ar shaol níos doimhne agus fíoraithe. Cronófar go mór é.