Cuóta ealaíne Gaeilge á éileamh

Ní raibh ach 1.75% de na rannpháirtithe a ghlac páirt i scéim phíolótach bunioncam d’ealaíontóirí ag cleachtadh a gcuid ealaíne trí Ghaeilge

Ceoltóirí ag glacadh páirt sa bhFleadh Cheoil 2025 i Loch Garman i mbliana. Tá sé mar aidhm leis an scéim bunioncam d'ealaíontóirí tacú leis na healaíona agus le cleachtas cruthaitheach. Grianghraf Nick Bradshaw
Ceoltóirí ag glacadh páirt sa bhFleadh Cheoil 2025 i Loch Garman i mbliana. Tá sé mar aidhm leis an scéim bunioncam d'ealaíontóirí tacú leis na healaíona agus le cleachtas cruthaitheach. Grianghraf Nick Bradshaw

Ba cheart socrú ar leith a chur i bhfeidhm d’ealaíontóirí a chuireann saothar ar fáil i nGaeilge faoin scéim nua le haghaidh bunioncam d’ealaíontóirí a fógraíodh i mBuiséad 2026.

Dar le Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, gur cheart múnla ar leith a dhearadh chun bunioncama shlánú d’ealaíontóirí Gaeilge ar an gcaoi chéanna a gcuirtear céatadán áirithe de chaiteachas stáit i leataobh d’fhógraíocht sna meáin Ghaeilge.

Thug ardrúnaí Chonradh na Gaeilge an méid sin le fios ó tháinig sé chun solais nach raibh ach 1.75 faoin gcéad de na rannpháirtithe i scéim phíolótach le haghaidh bunioncaim d’ealaíontóirí ag baint úsáid as an nGaeilge ina gcuid saothair ealaíne.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist go mbunófar an scéim nua ar an scéim phíolótach.

“Tá ceist ann,” a dúirt de Spáinn le Scéal, “cén toradh atá ón Rialtas ón scéim - nár chóir go mbeadh aschur Gaeilge ann freisin?”

Dúirt de Spáinn go bhféadfadh ealaíontóirí a oibríonn trí Bhéarla a bheith san áireamh sa réiteach atá molta aige, “ach go mbeadh céatadán dá saothar go sonrach á sholáthar trí Ghaeilge.”

Dar leis go bhféadfaí an scéim a bhunú ar an socrú a bhaineann le fógraíocht sna meáin Ghaeilge, socrú a faomhadh faoin reachtaíocht teanga.

“Is é sin, go mbeadh 20 faoin gcéad de na healaíontóirí a ghlacfadh páirt sa scéim in ann saothar a sholáthar go dátheangach, agus cúig faoin gcéad in ann a gcuid saothair a sholáthar i nGaeilge amháin.”

Roinnt seachtainí sular fógraíodh buiséad na bliana seo chugainn, d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt tuairisc ar thaighde a rinneadh ar an scéim phíolótach inar cuireadh bunioncam de ¤325 ar fáil in aghaidh na seachtaine do 2,000 ealaíontóir thar thréimhse trí bliana.

De réir na taighde, measadh gurb é ¤1.39 an luach sóisialta a gineadh don tsochaí ar gach ¤1 a infheistíodh sa scéim.

Chun an luach sóisialta a mheas, cuireadh na nithe seo a leanas san áireamh: méadú ar ioncam na n-ealaíontóirí, feabhsuithe ar shláinte mheabhrach agus ar shásamh saoil, méadú ar tháirgeadh ealaíne agus rannpháirtíocht i gcultúr, agus laghdú ar spleáchas ar shochair stáit.

Ach níor luadh an Ghaeilge i measc na dtáscairí a tomhaiseadh chun an luach sóisialta a mheas. Nuair a rinne Scéal an cheist a fhiosrú, dúirt urlabhraí gur cuireadh an cheist “An mbíonn do chuid cleachtais trí Ghaeilge go hiondúil?” ar na rannpháirtithe.

“Ag an mbunlíne (Deireadh Fómhair 2022) léirigh 1.75 faoin gcéad de na faighteoirí go bhfuil a gcleachtas ealaíon trí mheán na Gaeilge,” a dúirt an Roinn i ráiteas a d’eisigh siad.

Rud a chiallaíonn nár chleachtaigh ach 35 ealaíontóir as 2,000 a gcuid cleachtais trí Ghaeilge.

De réir na Roinne Cultúir, tagraíonn ‘ealaíona’ d’aon léiriú cruthaitheach, idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha.

Aon rud atá á mhaoiniú ag an Stáit, ba cheart go mbeadh an t-aschur Gaeilge curtha san áireamh ann

—  Julian de Spáinn

San áireamh tá na hamharc-ealaíona, an drámaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht.

Fógraíodh sa Bhuiséad an tseachtain seo caite go bhfuil sé beartaithe comharba buan a thabhairt isteach ar an scéim phíolótach, agus tá sé i gceist go n-osclófar í d’iarratais don scéim nua sa chéad leath de 2026.

Ag tagairt don chinneadh an scéim a bhuanú, dúirt an tAire Patrick O’Donovan i ráiteas an tseachtain seo caite: “Tá an domhan in éad leis an scéim seo, is éacht iontach í d’Éirinn, agus is gá dúinn a chinntiú go seasfaidh sí an aimsir agus go bhfuil sí inbhuanaithe.”

Dúirt Julian de Spáinn go bhfuil ceist an-thábhachtach ann faoin tosaíocht a thugtar don Ghaeilge i bhfeidhmiú agus i bpleanáil an Stáit.

“Aon rud atá á mhaoiniú ag an Stáit, ba cheart go mbeadh an t-aschur Gaeilge curtha san áireamh ann,” a dúirt sé.

“I scéimeanna atá á gcur ar fáil don pobal, ba cheart go mbeadh siad ag cinntiú go bhfuil aschur Gaeilge ann.”

“Níl sé sa reachtaíocht ach ní hin le rá nár chóir nach mbeadh amach anseo.”

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn sa phobal agus go bhfuil an deis á tabhairt don phobal an teanga a bhlaiseadh, í a chloisteáil agus a úsáid.”

Dúirt de Spáinn go bhfuil sé i gceist brú a chur ar an Rialtas agus ar an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a chinntiú go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh sa scéim seo.