Cíoradh an Bhuiséid don Ghaeilge

Labhair ionadaithe ó roinnt eagraíochtaí Gaeilge le Scéal faoi Buiséad 2026

Fógraíodh sa Bhuiséid go bhfuil €10 milliún curtha i leataobh d’fhorbairt ché Inis Oírr. Grianghraf: Enda O'Dowd
Fógraíodh sa Bhuiséid go bhfuil €10 milliún curtha i leataobh d’fhorbairt ché Inis Oírr. Grianghraf: Enda O'Dowd

Tá méadú fógartha ag an Rialtas ar an maoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026, ach tá ceisteanna fós le freagairt faoin gcaoi a gcuirfear an t-airgead sin i bhfeidhm dar le hionadaithe ón earnáil Ghaeilge agus lucht an fhreasúra.

Cé gur cuireadh fáilte roimh an €25 milliún breise a bheas ag Roinn na Gaeltachta, tá imní leanúnach ann i measc eagraíochtaí faoi chóras maoinithe Fhoras na Gaeilge agus faoin mbrú atá ar acmhainní reatha.

Fógraíodh €2 mhilliún breise don Fhoras ach beidh gá le comhaontú ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann – agus an DUP sa áireamh- le go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid go hiomlán. Tuigtear nach bhfuil idirbheartaíocht ar siúl go fóill faoi seo.

Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, fáilte roimh an bhfógra, agús dúirt sé go léiríonn sé “tiomantas polaitiúil níos láidre don teanga ná mar a chonacthas le blianta.”

Dúirt sé go gcabhróidh an €2 mhilliún breise “leis na deacrachtaí maoinithe stairiúla” a mhaolú, ach d’aithin sé go mbeidh gá le comhaontú ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh.

Labhair urlabhraí ó Ghaeloideachas le Scéal agus thug sí fios gur chuir an eagraíocht fáilte roimh an bhfógra go bhfuil méadú sa Bhuiséid do Roinn na Gaeltachta agus don oideachas speisialta ach léiríodh faitíos faoi struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge.

“Tá géarchéim ag bagairt orainn, gan buiséad tionscadal ar bith againn do 2026 mar a sheasann cúrsaí– tionscadail a mbíonn pobal na Gaeilge ag brath orthu”, a dúirt an t-urlabhraí

“Beidh muid ag súil go mór leis na mionsonraí ina leith, agus ag tnúth go mbeidh an Roinn Gaeltachta in ann teacht i gcabhair ar Ghaeloideachas agus ar na ceanneagraíochtaí eile, atá i sáinn leis an gcóras maoinithe reatha.”

Dúirt an t-urlabhraí go raibh “deis ag an Stát a bheith ceannródaíoch” nuair a fhoilseofar pleananna gnímh sna seachtainí romhainn don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, í don Ghaeilge sna scoileanna Béarla agus plean cuimsitheach don Ghaeilge sna luathbhlianta.

“Táimid ag glacadh leis freisin go bhfuil soláthar ann leis na liúntais do mhúinteoirí a thabhairt ar ais mar aitheantas ar an obair bhreise ar fad a dhéantar le buntáiste an tumoideachais a thabhairt do pháistí agus daoine óga na tíre, agus ag súil leis go leathnófar seo ar na múinteoirí naíonra, arb iad bunchloch an chórais ar fad.”

Dúirt an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, gur “toradh an-dearfach” atá sa mhéadú do Roinn na Gaeltachta agus gur “céim mhór chun cinn don teanga” atá ann.

Beidh €13 mhilliún den mhéadú sin dírithe ar thionscadail chaipitil, mar shampla forbairt an Ionaid nua Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, agus áis oideachais agus óige in Indreabhán i gConamara.

Ina theannta sin, beidh €10 milliún curtha i leataobh d’fhorbairt ché Inis Oírr, tionscadal ar thug an tAire “an togra is mó i stair na Roinne” air.

Maidir le maoiniú reatha, beidh €11.8 milliún breise ag an Roinn an bhliain seo chugainn, €2.5 milliún d’Údarás na Gaeltachta san áireamh.

Beidh €3 mhilliún dírithe ar an bpleanáil teanga agus €2 mhilliún eile ar scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mhol Conradh na Gaeilge an buiséad freisin, ach thug siad rabhadh go bhfuil “easnaimh mhóra” fós ann.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, gur “pointe tosaigh dearfach” atá sa mhéadú, ach nach leor é chun an ghéarchéim mhaoinithe a réiteach i measc na n-eagraíochtaí atá ag brath ar an bhForas.

Léirigh sé go soiléir gur gá socrú maoinithe an Fhorais a athbhreithniú más mian leis an Rialtas a chinntiú nach mbeidh an t-airgead seo ina phinginí i gcúl an chófra.

“Mura réitítear an struchtúr reatha, beidh an Foras faoi bhrú ciorruithe a dhéanamh arís, rud a bheadh tubaisteach don earnáil,” a dúirt sé.

Thug an brúghrúpa tithíochta Bánú le fios gur “díomá mhór” a bhí orthu nár cuireadh aon mhaoiniú dírithe ar thithíocht sa Ghaeltacht sa bhuiséad. Dúirt siad go bhfuil “todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol” mura mbogfaidh an Rialtas ar aghaidh le bearta nithiúla ar chúrsaí tithíochta do chainteoirí dúchais.

Ar an taobh eile, chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, fáilte mhór roimh an €5.4 milliún breise a bheidh ar fáil don stáisiún. Dúirt sí go gcabhróidh sé sin le TG4 a sheirbhísí nuachta agus digiteacha a leathnú agus “tuilleadh ábhar ardchaighdeáin a sholáthar don phobal.”

Rinne an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin géarcháineadh ar an Rialtas, dúirt sé go bhfuil “easpa físe agus easpa tacaíochta praiticiúla” le sonrú sa bhuiséad.

“Ní leor an méid beag atá curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta ná d’Fhoras na Gaeilge tar éis na mblianta d’easpa maoinithe,” a dúirt sé.