Scríobh an staraí Diarmuid Ferriter colún fíorshuimiúil le déanaí ina ndearna sé scagadh ar an ngaol idir an tUachtarán agus an Ghaeilge.
Dhírigh sé isteach ar Erskine Childers, a toghadh in 1973. Ní raibh puinn Gaeilge aige. Is cosúil ón méid a bhí le rá aige faoin teanga ag an am nach raibh aon fhonn air an Ghaeilge a fhoghlaim, nó, fiú, í a chur chun cinn.
Scríobhas féin caibidil do leabhar a foilsíodh ceithre bliana ó shin a bhí bunaithe ar chartlann fíor-thábhachtach - comhfhreagras na nUachtarán ó bunaíodh an Stát. D’éirigh le heagarthóir an leabhair Flor McCarthy teacht ar stór iontach de na litreacha go léir a scríobh na hUachtaráin, agus a fuaireadar, ó 1937 i leith.
Tá na cartlanna seo tábhachtach. Dála an scéil, tá cartlann de chomhfhreagras Charles Haughey á coinneáil i gCiarraí, agus dúirt an staraí agus Ciarraíoch Eoin O’Shea liom cúpla bliain ó shin go raibh litir a scríobhas féin do Haughey i measc na n-ábhar. Tá mé ag ceapadh go raibh mé ag fiafraí de Haughey an mbeadh sé toilteanach agallamh a thabhairt dom! Scríobh sé litir ar ais chugam, óna lámh néata féin, ag rá go béasach nach raibh fonn air aon agallamh eile a thabhairt sa todhchaí.
RM Block
Dhírigh mo chaibidil féin sa leabhar, ‘The Presidents’ Letters’, ar na litreacha a scríobhadh i nGaeilge.
Agus thug sé leid nach beag dom ar an meas - nó an easpa measa - a bhí ag na sealbhóirí oifige áirithe ar an gcéad teanga.
Mar a scríobh Ferriter an tseachtain seo caite, leagtar síos sa Bhunreacht: “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil.”
Ach ní gach Uachtarán a lean an prionsabal sin le linn a dtréimhsí.
Thosaigh sé go maith le Dubhghlas de híde. Fuair sé an tairiscint an post a ghlacadh ó chinnirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael, Éamon de Valera agus Liam T Mac Cosgair.
Scríobhadh an litir thairisceana i nGaeilge.
“Ba mhian le Fianna Fáil agus le Fine Gael go n-ainmneofaí tusa le bheith i d’Uachtarán ar Éirinn. Beimid an-bhuíoch díot má aontaíonn tú leis sin agus scéala a chur chugainn chomh luath is a bheas deis agat.”

Le linn mo thaighde, fuaireas amach go raibh riar maith chomhfhreagras ag baint le cúigear Uachtarán - de hÍde, Seán T Ó Ceallaigh; Éamon de Valera; Cearbhall Ó Dálaigh agus Micheál D Ó hUiginn. Ní raibh Gaeilge ar bith ag Childers agus ní raibh mórán Gaeilge ag Patrick Hillery, Mary Robinson ná Mary McAleese, cé gur chuir McAleese feabhas maith ar a cuid Gaeilge nuair a bhí sí san Áras.
Ba i nGaeilge is mó a rinne de hÍde a dhualgais uachtaránachta.
Ag druidim i dtreo dheireadh a théarma, sheol sé cárta Nollag in 1944 chuig a chairde inar leagan sé amach nach mbeadh sé sa tóir ar an dara téarma. Is i nGaeilge a scríobhadh é.
“‘Sé an cárta deireanach a chuirfidh mé ón Áras seo, óir ní bheidh mé ann bliain eile. Tá a fios agam go bhfuil an ceart agam mé féin d’ainmniú chun a bheith i m’Uachtarán arís, ach tá sé ceaptha agam gan mé féin d’ainmniú. Tá mé in aois go ró-mhór agus ba chóir fear níos óige a bheith im’ áit-sa.”
Níl dabht ar bith faoin eachtra is conspóidí i stair na hUachtaránachta - sin é cinneadh Chearbhaill Uí Dhálaigh éirí as oifig tar éis don Aire Cosanta Pádraig Ó Donnagáin é féin agus a oifig a mhaslú. Mhaígh an Donnagánach gur chúis mhór náire an tUachtarán mar gheall ar an seasamh a thóg sé faoi reachtaíocht éigeandála.
Níl líofacht i nGaeilge éigeantach don ról ach níl dabht ar bith ná go gcabhraíonn sé agus go gcuireann sé le tábhacht agus le réimse na hoifige.
Tháinig na céadta litreacha agus teileagram i nGaeilge isteach go dtí an t-áras chun fearg agus alltacht an phobail a chur in iúl.
Mar shampla, seo mar a scríobh an tAthair Anraí Mac Giolla Chomhaill, nach raibh meas madra aige ar an Uasal Ó Donnagáin .
“Is tubaisteach i gceart an lá é seo do Ghaeil, go bhfuil fear chomh cumasach, chomh cultúrtha, chomh huasal leat féin ag éirí as oifig de bharr bhaothráiteas an bhúir nach fiú é iallacha do chuid cuaráin a cheangal.”
Scríobh Tomás Mac Anna ó Amharclann na Mainistreach litir álainn le peannaireacht den scoth.
“Is cúis díomá liomsa do imeacht agus is mór a ghoill sé ar mhuintir na hamharclainne anseo.”
Duine eile a sheol litir chuige ná an file, Seán Ó Ríordáin. Scríobh an Ríordánach:
“Níl de shólás le baint ag mo leithéid as ach go bhfuil meon na tíre athraithe agat thar oíche.”
Mar a mbeifeá ag súil leis, d’fhógair Cearbhall Ó Dálaigh a chinneadh i nGaeilge.
“Éirím, Cearbhall Ó Dálaigh leis seo, as oifig mar Uachtarán na hÉireann, le héifeacht inniu… an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 1976.
Níl líofacht i nGaeilge éigeantach don ról ach níl dabht ar bith ná go gcabhraíonn sé agus go gcuireann sé le tábhacht agus le réimse na hoifige.
Den triúr atá san iomaíocht faoi láthair, níl flúirse Gaeilge ach ag duine amháin - Catherine Connolly.
Ní rún é gur díograiseoir tiomanta í don teanga - agus seal caite aici anois mar chathaoirleach ar an gCoiste Gaeilge san Oireachtas.
Tá an Ghaeilge mar ábhar lárnach ina feachtas agus caithfear Connolly a mholadh ar an dóigh sin.
Ina céad post mar Aire bhí cúram na Gaeltachta ag Heather Humphreys cé nach raibh inniúlacht aici sa teanga. D’fhreastail sí ar chúrsaí Gaeilge ach fágadh é sin i leataobh nuair a d’athraigh sí go rannóg eile agus tháinig eachtraí móra - dála an Bhreatimeachta - aniar aduaidh ar an Rialtas. Tá sí tar éis geallúint nua a thabhairt go gcuirfidh sí feabhas ar a cuid Gaeilge má thoghtar í.
Tá an rud ceannann céanna ráite ag Jim Gavin.
An ndéanfaidh líofacht sa teanga aon difríocht. Gan dabht, i mo thuairimse. Beidh ar an duine a bhuafaidh an toghchán iarracht dáiríre a dhéanamh ar a laghad chun meascán maith de ghnó na hoifige a dhéanamh trí Ghaeilge - an phríomtheanga oifigiúil.