In aimsir reatha na dtubaistí domhanda, idir cogaí agus séanadh chearta daonna na gciníocha léigeartha, níl againn mar chosaint ach soineantacht ár gcroí agus crógacht ár laochra. Mheabhraigh an file Paula Meehan dúinn, nuair a ainmníodh Leabharlann Choláiste Ollscoile na Tríonóide i gcuimhne ar an bhfile Eavan Boland níos luaithe i mbliana, gur “thuig Eavan go bhféadfadh a ceird agus a healaín ársa, liriceach, imní na ndaoine ar imeall shochaí na hÉireann a bhogadh go dtí lár an chomhrá a maidir le ceadanna agus le ceart an duine éisteacht a fháil”.
Bíonn daoine misniúla a throideann i gcoinne na héagóra i gcónaí inár measc. Aithníodh Eamonn McCann - an t-iriseoir seanchríonna as Doire go bhfuil a shaol caite aige ina ghníomhaí agus é i mbun feachtais ar son chearta an duine - ag comhdháil den NUJ. Bronnadh an onóir is airde atá ag an gcumann air agus ainmníodh é mar bhall onóra den NUJ.
Go hiondúil, aithnítear daoine eisceachtúla sa tsochaí, daoine a sheas an fód i gcoinne na meatachta agus na brúidiúlachta. Glactar leo mar cheannródaithe. Iad siúd a léirigh ceannasaíocht sna healaíona, sa pholaitíocht ná sa phobal i gcoitinne, sin agus misneach, ionracas, láidreacht, cruthaitheacht nó fís na samhlaíochta ag baint leo.

Uaireanta, crochtar leac speisialta i gcuimhne ar dhuine, nó déantar coimisiúnú ar dhealbh speisialta nó ar ghairdín cuimhneacháin in ómós do cheannródaí. Is liosta le háireamh iad na daoine atá imithe ar shlí na fírinne anois a léirigh grinneas saoil a fhad is a bhí siad beo: scríbhneoirí, filí, ealaíontóirí, oideachasóirí, feirmeoirí, amhránaithe, iriseoirí, polaiteoirí, forbróirí, bainisteoirí, béaloideasóirí, bunaitheoirí, iad siúd ar fad a aithníodh mar dhaoine eisceachtúla, daoine a chuaigh i ngleic leis an saol agus a threoraigh sinn amach ón bhfásach.
RM Block
Aithnítear sa scoil go bhfuil daoine óga ag ullmhú chun dul amach ar thaoide mhór na beatha agus go bhfuil géarghá leosan a bheith cróga agus buanseasmhach
I nGaeltacht na nDéise ag druidim le deireadh na scoilbhliana seo caite ag tús an tsamhraidh, roghnaíodh Naoise Mac Murchadha mar Cheannródaí Mheánscoil San Nioclás, scoil atá lonnaithe i gceartlár na Rinne. Aithnítear sa scoil go bhfuil daoine óga ag ullmhú chun dul amach ar thaoide mhór na beatha agus go bhfuil géarghá leosan a bheith cróga agus buanseasmhach.
Dúirt Seán Ó Callanáin, príomhoide na meánscoile, “le gach rud atá ag tarlú ar fud an domhain fé láthair agus an drochnuacht atá le feiscint gach tráthnóna ar an dteilifís, tá sé tábhachtach dúinne anseo oideachas cuimsitheach a chur ar fail, ní hamháin istigh sa seomra ranga ach táimid lán muiníneach anseo gur saoránaigh iontacha na daltaí atáimid ag seoladh amach anseo,” go háirithe, a deir sé, “i leith an chineáltais atá le feiscint iontu agus i leith na soineantachta atá le feiscint iontu”.
Míníonn sé gur bronnadh an gradam bliantúil ar an scoláire seo, go bhfuil scrúdaithe na hArdteistiméireachta críochnaithe aige anois agus é ina scoláire ag an tríú leibhéil i gCorcaigh, mar gheall go bhfuil sé spreagúil, séimh, béasach, foighneach, uaillmhianach, cruthaitheach, misniúil agus inspioráideach. Míníonn an Callanánach conas a chuaigh an ceannródaí óg seo i bhfeidhm ar dhaoine óga na scoile, na daltaí atá ag teacht ina dhiaidh agus an tslí álainn ina mbíodh sé ag plé leo, agus iad á mealladh agus á moladh aige. Tá sé sin feicthe ag an scríbhneoir seo atá ina cónaí gar don fhear óg seo.
Breis agus fiche bliain ó shin a aithníodh den chéad uair sa scoil Ghaeltachta seo go raibh géarghá le daoine go raibh tréithe áirithe ag baint leo a aithint agus a cheiliúradh. Mheas an fhoireann teagaisc an uair sin go raibh sé ceart go roghnóidís scoláire amháin a léireodh na buanna tábhachtacha sin agus eagraíodh an gradam den chéad uair in 2004 nuair a bronnadh an teideal Dalta na Bliana ar Aodán Ó Ceallaigh, a bhí ina scoláire sa scoil ag an am. Tá clú ar an bhfear sin anois mar amhránaí ar an sean-nós agus láithreoir séimh a bhíonn le feiceáil corruair ar scáileán TG4. Bliain eile bronnadh an gradam ar Mhacdara Ó Faoláin, an fear óg go bhfuil aitheantas bainte amach aige ar ardán an cheoil – agus féach gur bronnadh Ceoltóir Óg TG4 2024 air. Lean an nós sa scoil agus bronnadh an gradam ar scoláire amháin gach bliain ina dhiaidh sin go dtí bliain chinniúnach inar stop gach rud mar gheall ar mharbhfháisc na paindéime. Ach tá an nós athmhúscailte arís sa scoil agus tá an gradam á bhronnadh arís ar bhonn bliantúil!
Glactar leis sa taobh seo tíre in iarthar chontae Phort Láirge go bhfuil gá le daoine óga speisialta mar iad chun inspioráid a thabhairt dúinn. Amach anseo beidh gá le sinn a chosaint ar fhórsaí brúidiúla na n-ainbheart. Caithfidh gur cúis faoisimh agus cúis áthais d’aoinne go bhfuil aithne acu ar dhaoine óga mar seo, agus go n-aithnítear iad mar cheannródaithe.