Is ann do leabhair mhóra agus is ann do leabhair mhóra eile, ach ó am go chéile tagann saothar faoi do bhráid ar mó ná leabhar mór é. Is ráiteas é. Is minic sinn ag maíomh (nó an chuid go bhfuil sin ar eolas acu) go bhfuil againn an traidisiún neamhbhearnaithe leanúnach litríochta is sia san Eoraip (i leataobh ó na Gréagaigh, mallacht Shéas orthu) ach ní i gcónaí a léirítear sin ar aon tslí a ndéanfadh gairdeachas faoi. Ní hamháin gur comhartha gairdeachais, ómóis, comórtha agus aitheantais é an leabhar seo a bheidh idir chamáin phléite agam, ach is léiriú aoibhneach é ar ghuth na hÉireann le míle cúig chéad bliain anuas. Cé déarfadh nach bhfuil tábhacht leis sin?

Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern, in eagar ag Samuel K. Fisher agus Brian Ó Conchubhair (Wake Forest University Press $35.95) is ea atá i gceist agam. Leabhar nach mór míle leathanach atá ann, ina bhfuil 183 dán arna roghnú agus arna gcur in eagar ag 30 scoláire a bhfuil cónaí orthu ar chúpla ilchríoch, fara aistriúcháin agus aistí léirmhínithe soléite a thugann comhthéacs, cúlra agus cothrom i gcás gach seánra, cineál agus tréimhse atá i gceist iontu. Leabhar dátheangach Gaeilge is Béarla go lánchothromúil atá ann idir dhánta agus phlé, rud a d’fhágfadh nach mbeadh ach 500 leathanach suarach ann dá mba sa Ghaeilge amháin a bheadh sé.
Ba cheart a rá gur ó nath a chum Seathrún Céitinn an teideal ina ndúirt sé gur i ndánta atá ‘cnámh agus smior an tseanchusa’…
Ceann de na mórdhíolaimí litríochta é a dhéanann iarracht ar scéal na héigse sa tír a chuimsiú, a ghabháil, is a léiriú. Saghas Field Day Anthology in aon imleabhar amháin, fág go raibh litríocht na Gaeilge sa chaolchuid sna cúig imleabhar úd in ainneoin dhícheall na n-eagarthóirí Gaeilge féin. Cuimhneofar ar An Duanaire: Poems of the Dispossessed a roghnaigh Seán Ó Tuama go healaíonta fara aistriúcháin ó Thomas Kinsella nárbh fhilíocht ná prós ná scadáin dhearga ná míola ascaille iad. Níor bhain an díolaim sin ach le hábhar ón 17ú haois i leith, áfach; agus cé gur gaisce thar meán a rinne Breandáin Ó Doibhlin lena manuail de litríocht na Gaeilge gach ceann de na sé fascúl díobh, is ag tosnú sa bhliain 1500 atáthar siúd.
Ba cheart a rá gur ó nath a chum Seathrún Céitinn an teideal ina ndúirt sé gur i ndánta atá ‘cnámh agus smior an tseanchusa’ agus gurb ionann aige an focal seanchas agus an rud a dtugaimid ‘stair’ air inniu.
RM Block
Tosnaíonn Smior agus Cnámh le ‘Messe ocus Pangur Bán’ nó ‘Mise agus Pangur Bán’, ceann de na dánta is mó cáil sa Ghaeilge (fág go raibh sé i bhfolach ar feadh breis agus míle bliain) agus cuirtear deireadh leis an gcnuasach le ‘Manach Eile agus a Chat’ dán le hAilbhe Ní Ghearbhuigh ar an ábhar céanna. Léiriú ní hea amháin gur fada agus gur casta é eireaball an chait, ach go bhfuil acmhainn grinn agus smeartáilteachta ag na heagarthóirí chomh maith. Is é oighear an scéil ná go bhfuil dán Ailbhe chomh sean ina insint le cleite gé ar bith, ach chomh nua ina nochtadh leis an bhfóntéacs is gonta amuigh inniu.
Is fíor go bhféadfaí ‘Rosc Aimhirgin’ a tharraingt isteach mar dhán níos túisce ná meamhlach an chait, óir maítear gurbh é an chéad dán é a cumadh riamh sa Ghaeilge nuair a bhí Clanna Míle ag teacht i dtír in Inbhear Scéine sa bhliain 333 BC ar a naoi a chlog ar maidin (mar a dúirt mac léinn liom), ach ní chreideann aon duine é sin anois seachas muintir Chiarraí. Ach is minic go seachnaítear an rud is léire anseo, nó is sia a bhfuil glacadh leis, rud a fhágann saibhreas thar an gcoitiantacht agus thar an gcoinbhinsiúntacht ag an gcnuasach seo.
Má tá an chuma air gur d’aon uaim amháin í litríocht na Gaeilge ní hea, ná baol air. Iomann don eicléicteachas is ea an saothar. Glóir-réim ainrialach gan stiúir is ea ár gcuid litríochta óir tá an daonnacht go léir ann. Laistigh de na clúdaigh seo tá liricí deasa saonta a thaitneodh le mná uaisle a mbeadh gaothráin ina lámha acu ar hallaí bána marmair, tá aortha fíochmhara fuilchraosacha a éilíonn díoltas agus scrios, dánta lúitéiseacha ó fhilí do phátrúin ramhra le súil is go ndeonfaí each nó bainbhín nó cead codlata san easair dóibh ina dteannta, ábhar a aithrisíonn scéal na tíre de réir na tuisceana a bhí thuas, aortha ar amadáin agus ar thiarnaí talún, dánta gearra a bhí dingthe sa scéalaíocht, amhráin ghrá a bhrisfeadh do chroí, caointe ar dhaoine nár cheart deoir a chur amú orthu, roisc chatha le súil is go seolfadh Francaigh nó Spáinnigh chugainn le cabhair agus go dtiocfadh i dtír sa chalafort ceart an t-am seo, amhráin mhacarónacha a bhfuil an spraoi sa dá theanga iontu, magadh lucht aithrise fhaisean na nGall, luaidreáin isteach ón iasacht anoir is aniar, spéirmhná ar maidin ag spalpadh éithigh le filí ar a mochshiúl dóibh, olagóin faoi chailliúint gradaim agus stádais, tráchta reiligiúin a chuir an milleán ar pheacaí na nGael seachas ar neart Shasana mar mhíniú ar dhroch-chor na tíre, stuif nósmhar ag moladh scoláirí, moltaí bréige ar dhrochfhilí, suantraithe a chuirfeadh páiste a chodladh ag brath ar bhinneas an ghutha agus ar choilic an linbh, tulcaí saibhre focal ina n-easa anuas, véarsaí fuarbhruite an lae, dánta próis, rapdhánta, piandánta, dánta aoibhnis, grinn, scaoilte, gonta agus gach cineál idir eatarthu ionas go gcaithfí a rá nach aon ní amháin é éigse na Gaeilge ach cruinne mhór leathan fhairsing nach mór gan teorainn.

Ceithre chaibidil déag atá sa leabhar, idir 10 agus 20 dán i ngach caibidil díobh, réamhrá greanta eolgaiseach le beirt scoláirí (de ghnáth) mar réamhrá ina mbrollach ceann ar cheann. De réir tréimhse nó cineáil atá siad eagraithe, ach ní ar fad. Gabhann cuid de na caibidlí trasna ar a chéile ag brath go minic ar théama nó ar chúram staire. Dá réir sin, is féidir le file áirithe péacadh aníos i gcaibidlí seachas a chéile. Mar sin, tá Pádraigín Haicéad le fáil in ‘An Reifirméisean, an Concas Éilíseach agus Deoraíocht thar Lear (1534-1611)’ (caibidil a 4) agus in ‘Filíocht agus Polaitíocht Apacailipteach (1641-1660)’ (caibidil a 6) faoi seach, agus Seán Clárach Mac Domhnaill in ‘Ré na bPéindlithe, Uirísliú na nGael agus an Aisling’(caibidil a 8) agus in ‘Ón Seacaibíteachas go dtí an Gorta Mór (1700 – 1850)’ (caibidil a 9). Tá an file mórcháile anaithnidiúil sin ‘Ní fios cé a chum’ ann minic go leor, go háirithe sna caibidlí tosaigh, ach tugtar faoi deara nach foláir nó gur bhásaigh sé uair éigin ó shin, óir ní ann dó in ‘Innti (1970-2000) (caibidil a 13) ná ina dhiaidh nuair a thugtar aghaidh ar an gcuid is íogaire agus is contúirtí ar fad den traidisiún seo – na filí comhaimseartha.
Má tá tú ar tinneall anois féachaint cad eile go beacht atá ann caithfear fanacht go dtí an tseachtain seo chugainn, óir leabhar fairsing uileghabhálach is ea an saothar seo, agus ní fhónfadh aon iarracht amháin lena cheart a thabhairt dó.
Foclóir: Sia = earliest; idir chamáin = at issue; díolaim = diary; smúsach = marrow; rosc catha = war cry; gonta = short.