Deora mo Mhamó

Tá simplíocht ar leith ag baint le ceiliúradh na Nollag

'D'fhág Daidí na Nollag bronntanais an-simplí go deo, bronntanais a chuir ríméad ar ár gcroíthe mar pháistí mar sin féin'. Grianghraf: iStock/Getty
'D'fhág Daidí na Nollag bronntanais an-simplí go deo, bronntanais a chuir ríméad ar ár gcroíthe mar pháistí mar sin féin'. Grianghraf: iStock/Getty

Foclóir: Cumha i ndiaidh an bhaile - homesickness; liric bheag mhaoithneach - a small sentimental lyric; duain bheannaithe - sacred airs/hymns; ar an gcaolchuid - badly off; putóga agus na féitheóga - entrails and the sinews; lionóil - linoleum; bliainiris - annual; cothromaíocht inscne - gender balance; súmhar - succulent; barróg - hug; is dóite a thuigim - I understand all too painfully; piléar fánach - stray bullet; scitsifréineach paranóideach - paranoid schizophrenic.

Agus mé i mbun staidéir iarchéime ar fhilíocht Mháirtín Uí Direáin, sna hOchtóidí, bhí sé de phribhléid agam go raibh an file féin sásta cuidiú liom. Mhínigh sé dom gurbh é cumha i ndiaidh an bhaile a spreag a chéad dánta nuair a bhí sé ag obair in Oifig an Phoist i gcathair na Gaillimhe.

Chum sé an liric bheag mhaoithneach ‘Coinnle ar Lasadh’ dá mháthair ar Inis Mór, sa bhliain 1939, é ag samhlú na gcoinnle Nollag ar lasadh sna tithe beaga ar an oileán:

In oileán beag i gcéin san Iarthar

READ SOME MORE

Beidh coinnle ar lasadh anocht,

I dtithe ceann tuí, is i dtithe ceann slinne,

Dhá cheann déag de choinnle geala a

bheas ar lasadh anocht

Tagraíonn Peig Sayers don Nollaig ina beathaisnéis freisin, ina sileann sí deora agus í in aimsir sa Daingean, cé nach raibh sí ach deich míle óna baile dúchais i mBaile Bhiocáire. Tagraíonn sí don Aifreann sa séipéal sa Daingean mar ar chan na mná rialta duain bheannaithe. Shamhlaigh an cailín bocht go raibh sí ar Neamh. Níos déanaí i measc mhuintir an tí luann sí arán bán agus arán donn ar an mbord agus gliondar na hócáide Oíche Nollag nuair a bhí na coinnle ar lasadh.

Tá simplíocht ar leith ag baint le ceiliúradh na Nollag mar a bhí sna cuntais seo, rud atá caillte ar na saolta seo. Nuair a bhí mé féin ag fás aníos i mBaile Uailcín, bruachbhaile Bhaile Átha Cliath sna caogaidí agus go luath sna seascaidí, bhí formhór na ndaoine ar an gcaolchuid. D’fhág sin gur fhág Daidí na Nollag bronntanais an-simplí go deo, bronntanais a chuir ríméad ar ár gcroíthe mar pháistí. mar sin féin.

Nuair a fágadh mo Mhamó ina baintreach go luath ina saol, ní raibh an dara rogha aici ach post a ghlacadh mar bhean ghlantacháin i gClub na nOibrithe in Inse Chór. Um Nollaig gach uile bhliain, thugadh na fir turcaí mór mar bhronntanas di. Thógadh m’athair abhaile é Oíche Nollag ar umar peitril a ghluaisrothair agus bhaineadh na putóga agus na féitheoga de sula n-ullmhaíodh mo mháthair don oigheann lá Nollag é.

D’fhanadh mo Mhamó linn thar oíche agus bhíodh rírá sa teach fad a chabhraigh sí le mo mháthair agus mo dheirfiúr mhór ag glanadh glasraí. Bhíodh orm féin agus ar mo dheartháir beag snas a chur ar an lionóil sa halla ní áirím ar na bróga le haghaidh Aifrinn luath lá arna mháraach.

Chun na fírinne a rá bhí sé deacair codladh an oíche sin ach, tar éis dúinn ár stocaí a chrochadh ag post na leapan, faoi dheireadh, thagadh néal orainn inár bpitseámaí nua.

Le giolcadh an ghealbhain, phreabaimis as an leaba d’fhonn teacht ar ár mbronntanais ó Dhaidí na Nollag. Dar ndóigh bhíodh bliainiris an Beano agus an Dandy ann, tóirse an duine, ciarsúr daite an duine agus oráiste an duine. Gan a thuilleadh moille siúd linn faoi na blaincéid ag léamh na mbliainirisí faoi sholas na dtóirsí.

Tar éis Aifrinn a hocht ar maidin agus i ndiaidh na siúlóide ón séipéal, bhíodh bricfeasta mór againn: friochtán a bhí níos blasta ná riamh.

Níos déanaí, amuigh ar an tsráid bhíodh ár gcairde chomh sásta le rí: na buachaillí ina bhfeisteas bhuachaillí bó, roinnt eile i bhfeisteas Robin Hood nó Davy Crockett agus na cailíní ag brú pramanna le bábóga gleoite ‘ina gcodladh’ iontu (blianta fada roimh chothromaíocht inscne).

Bhíodh béile a shásódh rí ansin: an turcaí á ghearradh ag m’athair, bachlóga Bhruiséile agus prátaí rósta, liamhás súmhar agus mórán eile. D’ardaíodh m’athair a ghloine Guinness ansin ag ól sláinte an chomhluadair. Ba ansin a thagadh na deora le mo Mhamó agus í ag guí go mbéarfaimis beo ag an am seo arís. Bheireadh mo mháthair agus mo dheirfiúr mhór barróg uirthi ach d’fhágtaí mé féin agus mo dheartháir beag agus mearbhall orainn beirt. Conas is féidir le duine bheith ag gol Lá Nollag, an lá is sona sa bhliain?

Is Daideo mé anois agus is dóite a thuigim deora mo Mhamó a chaill a máthair nuair a bhuail piléar fánach í in Éirí Amach 1916. Chaill sí a fear céile a bhí dhá scór is ocht mbliana d’aois agus a mac óg i dtimpiste tionsclaíoch nuair nach raibh sé ach tríocha ceathair bliain d’aois. D’fhulaing sí de dheasca mic eile a bhí ina scitsifréineach paranóideach.

Téim féin agus mo bhean chéile go dtí na carúil sa séipeal áitiúil gach uile Oíche Nollag. Is breá linn féachaint ar na coinnle, ar na soilse agus go háirithe a bheith ag éisteacht, mar a rinne Peig Sayers fadó, do na duain bheannaithe, go háirithe ‘Oh Holy Night’ a bhainfeadh deora as an duine is crua. Is mó cuimhní a bhíonn agam ar an Nollaig fadó: mo thuismitheoirí nach maireann, mo Mhamó agus í ag caoineadh, na páistí sin a bhí ag súgradh ar an tsráid atá ar Shlí na Fírinne anois.

Táim buíoch go bhfuil ciall cheannaigh ar éigean agam i dtaobh an tsaoil.