Guthanna Gàidhlig á n-ardú ag uain chinniúnach

Is é an file Marcas Mac an Tuairneir atá ina eagarthóir ar an duanaire filíochta nua ‘Sradagan san Iarmailt/Sparks in the Firmament’

Marcas Mac an Tuairneir: "Agus fiche cúig bhliain den mhílaois nua curtha dhínn againn, is cineál cloch mhíle atá ann mar a déarfá.”
Marcas Mac an Tuairneir: "Agus fiche cúig bhliain den mhílaois nua curtha dhínn againn, is cineál cloch mhíle atá ann mar a déarfá.”

Tá Pàdraig Mac Aoidh, an chéad fhile Gàidhlig a ceapadh ina Mhakar (file náisiúnta na hAlban), ar dhuine de ghlúin nua filí, nó de ‘ghinealach ùr bhàrd Gàidhealach’, atá san áireamh i nduanaire filíochta a fhoilseofar i mí na Nollag.

Cnuasach de shaothar leis na filí Gàidhlig is iomráití le 25 bliain anuas atá in ‘Sradagan san Iarmailt/Sparks in the Firmament’ agus ní beag an raidhse filí de shliocht na hÉireann atá ina measc freisin – an Makar Mac Aoidh, agus eagarthóir an chnuasaigh, Marcas Mac an Tuairneir, ina measc.

Foilseofar Sradagan san Iarmailt / Sparks in the Firmament (Francis Boutle Publishers) ar an 10 Nollag. Luach £20.00.  francisboutle.co.uk
Foilseofar Sradagan san Iarmailt / Sparks in the Firmament (Francis Boutle Publishers) ar an 10 Nollag. Luach £20.00. francisboutle.co.uk

Súil eile ar ghnéithe éagsúla de chultúr agus de shochaí na hAlban atá sa mhórshaothar seo.

Labhair Tuarascáil le Marcas Mac an Tuairneir faoin duanaire filíochta uathúil seo agus na téamaí éagsúla atá faoi chaibidil ann.

“Agus cúig bliana fichead den mhílaois nua curtha dhínn againn, is cineál de chloch mhíle atá ann, mar a déarfá,” a dúirt Mac an Tuairneir, atá ar dhuine de na filí is iomráití agus is mó a bhfuil saothar leis foilsithe de ghlúin reatha fhilí na Gàidhlig.

Tá glúin úr filí tagtha chun cinn, agus feictear dó gur am fóirsteanach é chun filíocht ilghnéitheach na linne a chur i láthair an mhórphobail.

“Mhothaíomar gur tráthúil an t-am é chun breathnú siar ar shaothar na nguthanna sin a bhí ag teacht chun cinn, ar an méid atá déanta acu, agus atá fós á dhéanamh acu.”

Is minic a luaitear Pàdraig Mac Aoidh, Mac an Tuairneir féin, Niall O’Gallagher agus Deborah Moffat le glúin nua filí a tháinig chun cinn ag tús na mílaoise.

“Ní raibh an oiread sin guthanna nua ag teacht tríd go dtí casadh an chéid,” a mhínigh sé, “ach go hobainn, tháinig borradh mór faoi shaol na filíochta.”

Dar le Mac an Tuairneir go ndéanann pobal na Gàidhlig idirdhealú idir dhá mhórshruth filíochta i litríocht na tíre - a’Bhàrdachd Thraidiseanta agus an Nua-Bhàrdachd. Cleachtar a’ Bhàrdachd Thraidiseanta (filíocht thraidisiúnta) sa phobal agus ag an Mòd (Oireachtas na Gàidhlig). Foirm fhileata atá ann a eascraíonn ón traidisiún béil clasaiceach. Seánra tábhachtach eile is ea an Nua-Bhàrdachd, a thosaigh le filí amhail Somhairle MacGill-Eain agus Ruaraidh MacThòmais a tháinig i mbláth i lár na fichiú haoise agus a chloíonn níos dlúithe le gnásanna an Bhéarla agus le ‘verse libre’ nó saorvéarsaíocht na mór-roinne.

I bhfianaise na ndánta atá bailithe aige in ‘Sradagan san Iarmailt’, dar le Mac an Tuairneir nach bhfuil an t-idirdhealú idir an dá fhoirm filíochta sin chomh docht anois agus a bhí - rud a theastaigh uaidh a chur in iúl leis an rogha filíochta atá aige sa duanaire.

Sradagan san Iarmailt / Sparks in the Firmament
Sradagan san Iarmailt / Sparks in the Firmament

Cur chuige

Ar na téamaí atá sa duanaire tá téamaí teibí sóisialta agus polaitiúla, tá ceisteanna a bhaineann le féiniúlacht na mban agus LADTA, tá léargais áitiúla, ilchultúrtha agus idirnáisiúnta ann, chomh maith le grá, talamh agus go leor eile.

Theastaigh ó Mac an Tuairneir a chinntiú go mbeadh an oiread guthanna tábhachtacha agus ab fhéidir sa duanaire, briseadh ar bhealach a bhí ansin leis an gcur chuige traidisiúnta a chuir béim ar líon na bhfoilseachán a bhí ag filí.

“Sroicheann filíocht lucht éisteachta na Gàidhlig trí bhealaí iomlán éagsúla sa lá atá inniu ann,” a dúirt sé.

“Sroicheann filíocht lucht éisteachta na Gàidhlig trí amhráin nua ag an Mód, trí chóirithe nua ag an Mód, trí chomórtais filíochta ag an Mód. Tá an traidisiún an-bhríomhar seo againn, traidisiún na mbailéad chomh maith, sna hoileáin freisin, áit a bhfuil filíocht na Gàidhlig, tá a fhios agat, níos cosúla leis an reacaireacht béil, an fhilíocht ó bhéal.

“Ansin tá na hamhráin againn, tá an chumadóireacht chomhaimseartha amhrán againn, an chumadóireacht thraidisiúnta atá fós ag tarlú i gcomhthéacs comhaimseartha mar a déarfá, tá múnlaí cosúil le rap againn, tá filíocht scannán againn, tá léitheoireacht dhigiteach againn a bhí ag tarlú trí Zúm.

“Ní fhéadfainn cur síos ceart a dhéanamh ar shaibhreas na filíochta Gàidhlig dá gcloífinn leis na caighdeáin Bhéarla a dhíríonn ar fhoilseacháin amháin,” a dúirt sé.

An gcreideann Mac an Tuairneir mar sin nach bhfuil dóthain ardán ar fáil do ghuthanna i saol na Gàidhlig lasmuigh den Mòd?

“Ní chreidim go bhfuil i ndáiríre. Breathnaímid oraibhse \[in Éirinn\] agus ar an mBreatain Bheag chun inspioráid agus treoir a fháil i dtaobh go leor de na rudaí seo.”

Cé gur tháinig “roinnt feabhais” de réir a chéile, níl ann fós ach “imeacht aonair Gàidhlig, le guth aonair Gàidhlig”.

Dar leis freisin go gcaitear an oiread sin ama ag plé le ceist na teanga agus na sochtheangeolaíochta “nach bhfuil dóthain ama, nó dóthain daoine, ag obair sa réimse chun saol litríochta atá criticiúil agus sláintiúil a bheith againn.”

Mar is dual in Éirinn freisin, bíonn deacrachtaí ar leith in Albain aird na léirmheastóirí a tharraingt ar fhilíocht na Gàidhlig.

“Is obair an diabhail féin é na scríbhneoirí seo a chur os comhair léirmheastóirí agus criticeoirí,” a dúirt sé.

“Nuair a fhéachaim ar fhilí den aois chéanna a fhoilsíonn níos lú ná mar a dhéanann cuid mhór againne le bheith ionraic, déantar léirmheas ar a gcuid oibre siúd in irisí ach breathnaítear ar an nGàidhlig fós mar a bheadh speisialtacht ann.”

Tugtar ardán criticiúil in ‘Sradagan san Iarmailt’ don talann sin “nach bhfuil ag fáil aird chuí ó lucht litríochta na hAlban,” nó atá á ndíspeagadh acu fiú, i láthair na huaire.

Le roinnt blianta anuas, mar shampla, leathnaigh an bhéim a cuireadh ar thrasnachas agus Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (EDI) i saol na litríochta in Albain, gnéithe a deir Mac an Tuairneir a bhfuil géarghá leo chun gur féidir an litríocht a thuiscint.

“Ach is cosúil nach seachadtar EDI riamh ach trí Bhéarla amháin,” a dúirt sé.

Cé gur rinneadh rudaí dearfacha chun litríocht na dteangacha (Gàidhlig, Albainis agus Béarla) a aithint, tá an dearcadh sin athraithe arís agus cuirtear litríocht na hAlban chun cinn mar “litríocht Bhéarla amháin, agus de bharr go bhfuil an Ghàidhlig ar an gceann is laige de na trí theanga, is í an chéad cheann a théann faoi,” a dúirt sé.

Meascra

Tá meascra mór sa duanaire ó thaobh na filíochta agus cúlraí na bhfilí de.

“Is dóigh liom gurb é an rud is spreagúla faoi seo ná go gcuimsíonn sé scríbhneoirí a rugadh agus atá lonnaithe in Inse Gall, sna Garbhchríocha, agus sna lárionaid uirbeacha,” a dúirt Mac an Tuairneir.

“Bhí an-fhonn orm a chinntiú go raibh siad sin ar fad san áireamh, rud a tharla go nádúrtha ar aon chaoi.”

Chuir sé suim freisin i bhfilí uirbeacha a bhog go ceantair iargúlta agus filí as na hoileáin a bhog go ceantair uirbeacha. “Bíonn tionchar ag an ngluaiseacht seo ar cheist na teanga,” a dúirt sé - téama eile atá sa duanaire. Luann sé saothar agus taighde Choncubhair Uí Ghiollagáin, a chuir an lasair sa bharrach nuair a tuaradh go raibh an Ghàidhlig i mbaol i bhfad níos mó ná mar a glacadh leis go hoifigiúil.

“Tá creimeadh ag tarlú sna croíphobail, ach tá an Ghàidhlig ag déanamh dul chun cinn sna pobail uirbeacha.

“Uain chinniúnach atá ann seo don Ghàidhlig i ndáiríre,” a dúirt sé.

“Agus ar bhealach, tá sé tráthúil go bhfoilseofar an duanaire anois, mar go n-insítear ann an méid a threoraigh muid go dtí an pointe seo, agus b’fhéidir go bhfaighimid spléachadh ann freisin ar a bhfuil i ndán dúinn sa todhchaí.”

Foilseofar Sradagan san Iarmailt / Sparks in the Firmament (Francis Boutle Publishers) ar an 10 Nollag. Luach £20.00. francisboutle.co.uk

Foclóir: Gàidhlig – Scottish Gaelic; duanaire - anthology; tráthúil - timely; cinntitheach - definitive; saol litríochta - literary scene; léitheoireacht digiteach - digital readings; trasnachas - intersectionality; a chuir an lasair sa bharrach – put the cat among the pigeons; creimeadh – attrition; uain chinniúnach - crucible moment.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.