‘Scrúdú Tiomána don Ghaeilge’ chun an bóthar a réiteach

Bíonn foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim le múnla Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

 Ceann de na héilimh a bhí ag léirseoirí ar an ollshlógadh CEARTA i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ná go dtapófar an próiseas chun an "córas briste" oideachais a chur i gceart. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Ceann de na héilimh a bhí ag léirseoirí ar an ollshlógadh CEARTA i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ná go dtapófar an próiseas chun an "córas briste" oideachais a chur i gceart. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Is fada é ráite ag saineolaithe oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge ag gach leibhéal scoile, agus nach bhfuil caighdeán na ndaltaí sásúil nuair a chríochnaíonn siad an Ardteist.

Agus é ina phríomhsprioc leis an Acht Teanga gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, tá práinn ar leith anois le hiarrachtaí a chinnteoidh go mbeidh an cumas ann chun an sprioc sin a chomhlíonadh.

Ina ainneoin seo, tá líon na ndaltaí nach ndéanann an Ghaeilge don Ardteist ag méadú bliain i ndiaidh bliana (meastar nár shuigh 18 faoin gcéad an scrúdú in 2025), agus tá easpa leanúnachais idir céimeanna an mhúnla oideachais reatha ag déanamh buartha do dhaoine agus bearnaí móra idir bunscoil, meánscoil agus tríú leibhéal.

Má chomhlíontar na dualgais reachtaíochta, ba cheart go dtiocfadh fás ar dheiseanna fostaíochta dóibh siúd ar mian leo gairm bheatha a dhéanamh den Ghaeilge. Ach má tá borradh le teacht faoi mhéid na seirbhísí poiblí a chuirfear ar fáil, cén toradh a bheidh air más rud é nach bhfuil na caighdeáin chuí ag na hearcaigh nua?

“Ní fiú seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil mura bhfuil ardchaighdeán ag baint leo. Ní bheidh ardchaighdeán ag baint leis na seirbhísí sin mura bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge agus na scileanna cuí ag na daoine a chuireann na seirbhísí ar fáil.”

Sin a dúirt Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil in Ollscoil Mhá Nuad.

“Tá ceist ann cinnte,” a dúirt sí. “Ní léir go bhfuil ag éirí leis an gcóras atá ann anois daltaí Ardteiste a chumasú le go mbeidís in ann an teanga a úsáid go héifeachtach i ndiaidh dóibh an scrúdú a dhéanamh.”

Ag tagairt do ghné aitheanta de thionchar scrúdaithe ar mhúineadh ar a dtugtar ‘washback effect’ nó ‘cúltionchar’, mhínigh Ní Ghloinn gur féidir le scrúdú drochthionchar nó dea-thionchar a imirt ar theagasc agus ar thorthaí foghlama.

An “fhadhb is mó” a bhaineann le Gaeilge na hArdteiste, ná go ndírítear ar “ana-chuid” den obair a ullmhú roimh ré.

“Tá an-bhéim go deo ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ach is scil eile ar fad é sin. Ní hionann an scil sin agus na scileanna a theastaíonn le dul i mbun comhrá le duine i nGaeilge,” a dúirt sí.

“Is sampla an-mhaith é an scrúdú tiomána den chúltionchar dearfach,” a dúirt sí.

“Is ionann an rud atá le déanamh sa scrúdú tiomána agus an rud a bhíonn le déanamh i ndiaidh an scrúdaithe – dul amach ar an mbóthar agus a bheith ag tiomáint.

“Agus sin an rud atá in easnamh i gcomhthéacs Ghaeilge na hArdteiste.”

Ba cheart gurbh ionann an rud atá le déanamh sa scrúdú féin, san ullmhúchán roimh ré, agus sa saol ina dhiaidh – úsáid nádúrtha na teanga.

Ach ní fadhb í seo gan réiteach.

TEG

Tá polasaí nua don oideachas Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt ag an Roinn Oideachais(ceann de na héilimh a bhí ag léirseoirí ar an ollshlógadh CEARTA i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ná go dtapófar an próiseas) agus tá obair ar siúl freisin ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar chúrsa na hArdteiste ina iomláine.

Dar le Ní Ghloinn go bhfuil eiseamláir sa mhúnla Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) do chur chuige a d’fhéadfaí a úsáid nuair a dhéanfar athmhúnlú ar churaclam na Gaeilge. Dúirt sí gur cheart breathnú ar scrúdú TEG “mar scrúdú tiomána don Ghaeilge”.

Is clár scrúdaithe agus teastasaithe don Ghaeilge é TEG atá á riar ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2005 i leith. Trí spriocanna foghlama cinnte a leagan amach, bíonn foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim.

“Tá sé bunaithe ar an gcóras Eorpach, Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha,” a dúirt Ní Ghloinn. “Cuireann muid na scrúduithe ar fáil ó leibhéal A1, sin foghlaimeoirí ab initio, glantosaitheoirí, go leibhéal C1, ardleibhéal.”

Gné lárnach de TEG is ea an phróifíl cumais. “Deirtear nuair a bhíonn muid ag caint ar dhuine aonair, nár cheart dúinn a bheith ag caint ar leibhéil [cumais] ach ar phróifíl cumais,” a dúirt Ní Ghloinn.

“D’fhéadfadh duine amháin a bheith ag leibhéal amháin ó thaobh scil amháin agus ag leibhéal eile i scil eile, agus sin an cineál próifíle atá acu.” Is féidir an phróifíl sin a úsáid chun cúrsa cuí a roghnú.

Agus an soláthar reatha ar oideachas trí mheán na Gaeilge faoi chaibidil ag na húdaráis, dúirt Ní Ghloinn go bhfuil “ana-chuid píosaí éagsúla i gceist faoi láthair” ach go bhféadfadh TEG a bheith ina chabhair mhór.

“Braithim féin go mbeadh sé iontach dá mbeadh an fráma tagartha ann le tacú leis an obair sin ar fad,” a dúirt sí.

“Is cinnte go bhfuil treoir iontach sa bhfráma a d’fhéadfadh cabhrú leis an Roinn Oideachais aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin a bhaineann le múineadh na Gaeilge.

“An rud atá ag croí an fhráma tagartha ná rud ar a dtugtar an ‘action-oriented approach’ - go mbeadh muid ag díriú ar an gcineál teanga a bheadh in úsáid ag daoine sa ngnáthshaol agus go mbeimis ag cuimhneamh ar cé chomh dílis atá na rudaí atá muid ag múineadh don úsáid a bhainfidh na daltaí as an nGaeilge taobh amuigh den scoil agus i ndiaidh na hArdteiste.

D’fhéadfadh réiteach a bheith anseo ar cheist na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge freisin.

“Na daoine a fhaigheann díolúintí, go minic is daoine iad agus b’fhéidir go raibh deacrachtaí nó riachtanais breise acu ó thaobh na litearthachta de. Ach, ní hionann deacracht a bheith ag duine le litearthacht agus deacracht a bheith ag duine teangacha a fhoghlaim,” a dúirt sí.

“Is minic a éiríonn go han-mhaith le daoine a bhfuil disléicse orthu an teanga a fhoghlaim ó bhéal agus na scileanna cluastuisceana, cumarsáide agus labhartha a fhorbairt.

“B’fhéidir go gcaithfidh muid breathnú arís ar na próifílí cumais seo agus deiseanna a thabhairt do dhaoine, seachas díolúine a thabhairt dóibh, agus gan aon deis a [bheith acu] an Ghaeilge a fhoghlaim.

“B’fhéidir go bhféadfaí deiseanna breise a thabhairt dóibh trí dhíriú isteach ar na buanna atá acu féin agus an teanga a fhoghlaim dá réir sin.”

Plean Náisiúnta

Agus dualgas ar an Rialtas caighdeáin teanga a shocrú do na riachtanais éagsúla a bhaineann le soláthar seirbhísí poiblí, tá ról faoi leith le himirt ag TEG sa phróiseas sin freisin.

D’fhoilsigh an Rialtas an Plean Náisiúnta don Ghaeilge anuraidh, treoirchlár do chomhlachtaí poiblí chun a gcuid seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú, agus tá TEG luaite sa phlean.

“Tugtar le fios go mbeidh ról lárnach ag TEG i gcur i bhfeidhm an phlean – tá moladh ann go mbeadh ról comhairleoireachta ag foireann TEG,” a dúirt Ní Ghloinn.

“B’fhéidir i gcás poist áirithe nach mbeadh an scríbhneoireacht róthábhachtach agus go mbeadh líofacht sa teanga labhartha ar an rud ba thábhachtaí.

“I gcomhthéacsanna eile, le daoine a bhíonn ag scríobh nó ag plé le cúrsaí reachtaíochta, go háirithe má tá siad ag plé le rudaí a fhoilseofar go poiblí, beidh an cruinneas agus ardchaighdeán scríbhneoireachta an-tábhachtach.”

D’fhreastail an tAire Gaeltachta Dara Calleary ar ócáid in Ollscoil Mhá Nuad ar na mallaibh ina ndearnadh ceiliúradh ar TEG, atá 20 bliain ar an bhfód i mbliana.

D’fhógair sé infheistíocht os cionn ¤3 mhilliún do thogra TEG chun scrúduithe caighdeánacha agus teastasú TEG a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí oilte Gaeilge. Beidh go leor san earnáil agus i saol na teanga ag súil nach fada uainn “scrúdú tiomána don Ghaeilge”.

FOCLÓIR: Príomhsprioc - main goal; dualgais reachtaíochta - legislative responsibilities; réiteach - solution; ócáid - occasion.