Foclóir: Cumadóir - composer; ar bhruach – on the banks of; eagrán - edition; fuaimrian – soundtrack; scannán faisnéise - documentary film; iubhaile – jubilee; treoirphlean - blueprint
Beidh plúr na bhfilí, na reacairí, na rinceoirí, na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na laochra spóirt as Éirinn agus as Albain, mar aon le healaíontóirí físiúla, i láthair i gCúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí chun lá breithe an chumadóra Seán Ó Riada a cheiliúradh an tseachtain seo.
Beidh siad páirteach san Aeríocht, ceann de mhórimeachtaí Fhéile na Laoch, féasta cultúrtha a bhíonn á eagrú ar bhruach an tSuláin uair gach seacht mbliana, agus é mar aidhm aige na laochra cultúrtha atá againn a cheiliúradh, an Riadach ina measc.
Is é seo an tríú heagrán den fhéile neamhchoitianta seo. Reáchtáladh é den chéad uair in 2011 agus arís in 2018. Is gá ticéid a chur in áirithe, cé nach gá díol go daor astu – tá gach rud saor in aisce. Tháinig Seán Ó Riada, a bhean Ruth, agus a gclann óg go Cúil Aodha sna seascaidí luatha, tráth go raibh ainm Sheáin i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfuaimrian a chum sé do Mise Éire, scannán faisnéise ríthábhachtach a d’inis scéal Éirí Amach na Cásca.
Cé gur tugadh ardmholadh do George Morrison, stiúrthóir an scannáin, ba é Ó Riada a rinne cóiriú agus cumadh timpeall ar théama ‘Róisín Dubh’ agus foinn eile dhúchasacha ar fhuaimrian an scannáin, agus a spreag an náisiún. Ráiteas náisiúnta bródúil a bhí ann agus an tír réidh le ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar iubhaile órga Éirí Amach 1916.
Mar a mhíníonn Peadar Ó Riada, mac Sheáin, ar cumadóir aitheanta é féin agus bunaitheoir Fhéile na Laoch, bhí a athair i gcroílár gluaiseachtaí éagsúla ag an am, gluaiseachtaí a bhfuil macallaí leo fós le braistint inniu. Ag tráth spleodrach i stair na hÉireann, tír óg ar go leor slite, chuir sé i gcuimhne do dhaoine go raibh stair ársa agus cultúr saibhir le ceiliúradh againn. Ba laoch é, duine a mbeadh meas agat air agus a mbeithfeá ag iarraidh a shampla a leanúint.
“Is é a thug dúinn an ceol a gcuimhnítear ar Éirinn leis, cur i gcás Mise Éire - aon ócáid Stáit nó mar sin de, seinntear é agus níor tháinig aon rud níos fearr ná é sna 54 bliana ó cailleadh é,” arsa Peadar.
Dúirt Ó Riada go bhfuil cuid eile de shaothar a athar nach eol dá lán daoine gurbh é a chum, cé go n-aithneodh siad é. “Scrígh sé ceol eaglasta atá forleathan ar fuaid an domhain anois. Ní bhíonn sé riamh ar stáitse ach cloiseann tú é ag sochraidí, póstaí agus báistí ar fud an domhain – Ag Críost an Síol, Ár nAthair, nó A Thiarna Déan Trócaire nó aon rud mar sin.
“An chéad cheann i dteanga an phobail tar éis Chomhairle na Vatacáine sa Róimh in 1963 ab ea Aifreann Chúil Aodha agus rud mór ab ea é sin.
“Taobh leis sin, bhí sé diongbháilte ar son na Gaolainne, bhí sé sáite i lár cúrsaí Gaolainne i mBaile Átha Cliath agus anseo thíos gan dabht.”
Bhí Ó Riada ina chara le hairí rialtais agus bhí sé ina stiúrthóir cultúrtha do shraith óstán Gaeltarra Éireann, comhlacht a raibh óstáin aige i nGaeltachtaí éagsúla.
Fuair sé teilifíseán chun go mbeadh sé ábalta comhairle a chur orthu san ar an réimse cláracha ba cheart a bheith ar Theilifís Éireann nuair a thosódh sé ag craoladh. Mar aitheantas ar an gceangal a bhí aige le RTÉ tá dealbh de le feiscint sa ghairdín atá ag croí lárionad raidió RTÉ.
Ba laoch é in iliomad slite atá áirithe anseo agus nach féidir cur síos a dhéanamh orthu nó thug sé cuid mhaith leis go dtí an uaigh go ró-óg.
Cailleadh é in 1971 agus gan é ach dhá scór bliain d’aois. B’fhéidir gurb é a óige nuair a cailleadh é cuid den fháth go dtugtar laoch air. Is cinnte gur bhain sé go leor amach ina shaol gairid. Sin é an saghas ruda a dhéanann laoch.
Agus chun an sampla laochais sin a leanúint, ní mór é a chur os comhair an phobail ar shlí atá eisceachtúil, a mheallfaidh daoine, a thabharfaidh an deis dúinn tuilleadh a fhoghlaim fén Riadach agus na laochra eile go léir, idir bheo agus mharbh, a bheidh á gceiliúradh san fhéile ceithre lá seo.
Toradh é Féile na Laoch ar ócáidí is ar fhéilte a shíneann siar go dtí lár na 70idí nuair a tháinig coiste agus iarUachtarán na hÉireann, Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ag an am, Cearbhall Ó Dálaigh, ar bord in éineacht leis an Athair Tomás Ó Fiaich, Ollamh Staire Mhá Nuad agus Cairdinéal ina dhiaidh sin, le Ruth Ó Riada, baintreach Sheáin agus le Thomas Kinsella, an file, le chéile chun féile a reáchtáil in ollphobal cois Suláin.
Bhí ócáid eile ann in 1981 agus arís in 1991. Ní raibh aon cheiliúradh ann ansan go ceann scór bliain. An cheist a raibh á chíoradh i rith an ama, conas a d’fhéadfaí ceiliúradh a dhéanamh ar an Riadach, fear ilghnéitheach dá leithéid.
Agus an freagra ar deireadh a rith le Peadar, go leagfaí síos treoirphlean d’fhéile a mhairfeadh go dtí na glúnta ina dhiaidh agus a d’fhéadfaí, dá mba mhaith le daoine i bpobail eile, a úsáid go forleathan ar fuaid na hÉireann chun na laochra sna pobail sin a cheiliúradh.
Féile é Féile na Laoch a thosaíonn le ceiliúradh ar bhreithlá an Riadaigh. Beidh aeríocht ó luí na gréine ar an Déardaíon go héirí na gréine an mhaidin dár gcionn.
Beidh seachtar filí – ina measc Dairena Ní Chinnéide agus ionadaí de chuid Dáimh Scoil Mhúscraí, ag aithris dánta. Ansin tiocfaidh na reacairí scéalaíochta, ina ndiaidh sin beidh na rinceoirí, na ceoltóirí agus na hamhránaithe faoi seach. Is é an buaicphointe ná ceolfhoireann a sheinnfidh Mise Éire agus an ghrian ag éirí.
Má tá fonn ort a bheith sa cheolfhoireann sin, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an meitheal atá ag eagrú na féile tríd an suíomh idirlín atá luaite thíos.
Ag an gclabhsúr, cuirfear an trealamh is na bratacha isteach i gcónra agus iomprófar é sin go sollúnta go Séipéal Ghobnatan i gCúil Aodha agus cuirfear i stóras ansan é go mbeidh Féile na Laoch ann arís in 2032. Agus arís eile seacht mbliana ina dhiaidh sin.
Breis eolais: feilenalaoch.com