‘Táimid ag bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach’

Is léir go bhfuil dúshláin agus constaicí suntasacha fós sa státchóras

Thomas Byrne, a bhí ina Aire Stáit le freagracht as an nGaetlacht ag an am, a sheol An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 anuraidh. Grianghraph: Dara Mac Dónaill / The Irish Time
Thomas Byrne, a bhí ina Aire Stáit le freagracht as an nGaetlacht ag an am, a sheol An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 anuraidh. Grianghraph: Dara Mac Dónaill / The Irish Time

Foclóir: tuairisc - report; leagtha amach - laid out; idirbheartaíocht - negotiations; chun bonn a chur faoin obair - to put the work on a firm footing; constaicí - hurdles, obstacles

Tugadh spléachadh don phobal an tseachtain seo caite ar na hiarrachtaí atá ar bun chun seirbhís phoiblí dhátheangach a chruthú.

Faoin reachtaíocht teanga, is gá go mbeidh 20faoin gcéad d’earcaithe na seirbhíse poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh na bliana 2030 agus iad in ann seirbhísí cuí a sholáthar don phobal sa chéad teanga oifigiúil.

Is mór an togra é seo, ceann a éilíonn athrú ó bhonn ar an gcóras. Chun mórsprioc mar seo a bhaint amach agus chun cothromaíocht a chinntiú do phobal labhartha na Gaeilge, foilsíodh treoirchlár i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a leag amach na céimeanna a bheidh de dhíth chun ceann scríbe a bhaint amach in am.

READ MORE

Straitéis sé bliana atá sa treoirchlár, an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Tá sé le cur i bhfeidhm trí dhá phlean gníomhaíochta a mhairfidh trí bliana an ceann.

Tháinig Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, an Dr Aodhán Mac Cormaic, os comhair cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite chun tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta.

Rinne an Dr Mac Cormaic agus a chomhghleacaithe cur síos ar an obair ilghnéitheach atá ar siúl chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm roimh mhórsprioc 2030. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, pléadh cuid de na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an obair, agus tugadh le fios nár tuigeadh uallach iomlán na hoibre ag an tús.

“Dá mbeimis ag tosú as an nua, cuid de na coimitmintí a thug muid i dtaobh spriocanna ama, ní bheadh siad tugtha,” a dúirt an Dr Mac Cormaic. Dúradh sa Phlean Náisiúnta go raibh an chéad phlean gníomhaíochta trí bliana (a bhí leis an tréimhse 2024-2027 a chlúdach) le foilsiú “nach mór” taobh leis an bPlean Náisiúnta, rud nár tharla ag an am.

“Níor thuig muid an méid idirbheartaíochta a bheadh i gceist - ní hamháin leis an bPlean Náisiúnta ach leis an bplean gníomhaíochta freisin,” a dúirt Mac Cormaic leis an gcoiste.

“Níl muid anseo le haon rud a cheilt. Táimid tar éis cúpla spriocdháta a chailliúint. Níl aon dabht faoi sin. Tá sé sin soiléir,” a dúirt sé.

Thuairiscigh Mac Cormaic go bhfuil an obair ar an bplean gníomhaíochta, “ag teacht chun críche anois” agus gur dóigh leis go mbeidh sé réidh “san fhómhar”. Tá “roinnt idirbheartaíochta” fós le déanamh agus plé le tarlú idir Roinn na Gaeltachta agus ranna stáit eile, a dúirt sé.

I measc na spriocanna eile, bhí an sprioc go n-ainmneodh an tAire Gaeltachta dátaí sonracha faoina gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Bhí an dualgas sin le comhlíonadh laistigh de thrí mhí ón uair a cuireadh an Plean Náisiúnta faoi bhráid an rialtais, rud nár tharla ach an oiread.

Caighdeáin teanga

Chun go n-éireoidh leis na hiarrachtaí seo ar fad, caithfear a chinntiú go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar chomhchaighdeán nó níos fearr ná na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla.

Tá sé beartaithe, chun bonn a chur faoin obair seo ar fad, córas nua caighdeán teanga a thabhairt isteach sa státchóras.

Faoin gcóras nua, beidh ar gach earnáil rialtais cur síos a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirfear ar fáil don phobal agus ar an leibhéal inniúlachta sa teanga a bheas ag teastáil chun na seirbhísí sin a sholáthar trí Ghaeilge. D’admhaigh an Dr Mac Cormaic nár tuigeadh an méid oibre a bheadh i gceist leis na caighdeáin teanga nua a chur i dtoll a chéile.

“Ní dóigh liom gur thuig muid, agus mise go háirithe b’fhéidir, nuair a bhí an Bille ag dul tríd an Dáil agus an Seanad, an méid oibre a bhí i gceist leis na caighdeáin a chur le chéile,” a dúirt sé.

Tiocfaidh an córas nua isteach in áit na seanscéimeanna teanga, scéimeanna nach raibh sásúil ar go leor cúiseanna.

Dúirt an Dr Mac Cormaic go raibh sé tar éis comhairle dlí a fháil a dheimhnigh go bhfuil na seanscéimeanna sin “fós i bhfeidhm” san idirthréimhse go dtí go mbeidh na caighdeáin nua socraithe.

Dúirt sé go bhfuil bunús na gcaighdeán nua “réitithe” anois agus cé go gcaithfear iad a chur faoi bhráid an Aire, “táimid ag súil go mbeimid in ann dul amach le comhairliúchán san fhómhar.”

Dúirt sé go mbeidh an córas nua “i bhfad níos éifeachtaí” ná a bheith ag socrú scéimeanna aonaracha leis na comhlachtaí poiblí “ceann ar cheann” mar a tharla faoi na seanscéimeanna teanga.

“Tá muid ag iarraidh an rud seo a fháil i gceart. Má chiallaíonn sé sin go gcaithfidh muid fanacht roinnt míonna eile le haghaidh an rud a fháil i gceart chun an deis is fearr a thabhairt dó – próiseas rathúil a bheith againn – sílim gur fearr fanacht an cúpla mí sin.”

Plé fiúntach

Plé fiúntach a bhí i seisiún an Choiste an tseachtain seo caite. Is léir go bhfuil an-chuid oibre ar siúl ach go bhfuil dúshláin agus constaicí suntasacha fós sa státchóras, cuid acu b’fhéidir nach raibh súil leo go dtí seo.

Ardaíonn sé sin roinnt ceisteanna. Is rud bunúsach é i sochaí dhaonlathach gur féidir le saoránaigh teacht ar sheirbhísí riachtanacha ina dteanga féin. Céard is fiú reachtaíocht teanga mura dtagann gach ball den phobal faoina choimirce?

An é go bhfuil acmhainní breise ag teastáil nó an é nach bhfuil an tacaíocht chuí ar fáil?

Más rud é nach mbaintear na spriocanna amach, an bhfuil baol ann gur ar bhonn maolaithe amháin a chuirfear seirbhísí ar fáil? Más fíor, cé na seirbhísí a bheas i gceist, cá ndéanfar an comhghéilleadh?

A luaithe a fheictear an teanga mar chuid lárnach de chroísheirbhísí an Stáit, is é sin sna háiteanna sin a mbíonn idirbheartaíocht laethúil idir saoránaigh agus an Stát (An Post, Susi, na húdaráis áitiúla, NDLS mar shampla) - is ea is tapúla a thiocfaidh na hathruithe eile. B’ionadh é mar sin nár pléadh ag an gcruinniú ceann de na buanna is mó a bhí ag an reachtaíocht teanga go dtí seo – na forálacha a bhaineann le fógraíocht as Gaeilge sna meáin. Tá an Ghaeilge le cloisteáil i mbeagnach gach áit anois!

Tá sí á craoladh ar na haerthonnta níos minicí ná riamh agus tá sí le léamh níos minice sna nuachtáin ná mar a bhí le fada an lá. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de sin.

Is athrú mór é sin a thugann an pobal faoi deara, díreach an cineál ruda a chuirfidh éiteas an dátheangachais chun cinn. Tugann beartais den chineál sin aitheantas don teanga mar chuid dhlisteanach den saol poiblí, agus neartaíonn sé seasamh na Gaeilge i réimse atá fíor-thábhachtach.

D’imigh an t-éiteas dátheangach a bhí sa státchóras nuair a cuireadh stádas na Gaeilge a ar leataobh in 1974 agus is léir go bhfuil an-chuid oibre fós le déanamh chun an scéal sin a chur ina cheart. Ní dúirt éinne go mbeadh sé seo éasca ach mar sin féin, más rud é go bhfuil constaicí sa chóras, is gá iad a aithint, iad a ainmniú, agus dul i ngleic leo.

Beidh uallach mór oibre i gceist chun tabhairt faoin “togra réabhlóideach” seo, mar a thug Mac Cormaic air. “Táimid ag bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, rud nach raibh againn riamh sa Stát ó bunaíodh é.

“Caithfimid na córais go léir a athrú ó bhonn.”

Ní raibh sa chruinniú ach an dara cruinniú den choiste ach ón méid a pléadh, áfach, tá an chuma air go mbeidh an coiste - atá anois faoi stiúir an Teachta Dála Catherine Connolly - chomh gnóthach sna blianta beaga atá romhainn is a bhí sé faoin Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh roimpi.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.