Tá cúig cheirnín taifeadta ag Aoife Ní Bhriain le Goodman Trio, Birkin Tree, Wooden Elephant, agus Catrin Finch. D’eisigh sí féin agus Cormac McCarthy albam dar teideal Cosán Casta le déanaí.
Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Bhí mé an-tógtha le healaín Francis Bacon, ceol Tommie Potts agus an Coinséartó Veidhlín a scríobh Beethoven á sheinm ag David Oistrakh.
Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air nó uirthi?
RM Block
Faoi láthair táim an-tógtha le Patti Smith. Is laoch iomlán í. Mar scríbhneoir, ceoltóir agus i dtaobh cúrsaí polaitíochta freisin.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Am agus codladh! Bíonn am ag teastáil uaim chun smaoineamh, le bheith in ann brionglóidí agus aislingí a dhéanamh agus ligean do mo scailéathan teacht orm. De ghnáth tarlaíonn sé seo i lár na hoíche nuair a bhíonn ciúnas iomlán timpeall orm.
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén cineál ealaíne cruthaithí ba mhaith leat a bheith agat?
Ba bhreá liom a bheith i mo chócaire. Is aoibhinn liom a bheith ag luchtaireacht agus ba mhaith feabhas a chur ar mo chuid scileanna - go leibhéal réalt Michelin ar a laghad!
Tugann Baile Átha Cliath an-spreagadh dom mar chathair, go háirithe in aice an chósta i dtuaisceart na cathrach.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Ní shílim go bhfuilim bródúil as rud ar bith. Táim i gcónaí ag déanamh iarracht feabhas a cur ar mo chuid ceoil agus déanaim iarracht gan súil a chaitheamh siar ar céard atá críochnaithe agam ach amharc i dtreo na todhchaí agus tionscadal nua a chruthú a bheidh níos fearr fós.
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
N’fheadar! De ghnáth más rud é gur cheap mo chlann gur sheinn mé all right beidh sin maith go leor domsa toisc go bhfuil an obair ar fad feicthe acu thar na blianta. Ach mura raibh an cheolchoirm go maith beidh siad macánta faoi freisin. Seachas mo Dhaideo Dinny - cheap seisean go raibh mé go hiontach i gcónaí.
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Go raibh sé dodhéanta ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach a sheinm i dteannta a chéile.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Ní thaithníonn an teilifís nó scannáin go mór liom leis an bhfírinne a rá ach thógfainn cóip den chluiche ceannais peile Gaelaí idir BÁC agus Ciarraí 2011. Is é an rud is deise go bhfaca mé riamh! Sraith theilifíse, Family Guy, toisc go bhfuil 23 séasúr acu go dtí seo agus nach dtiocfaidh leadrán orm. Agus an féidir Kindle a thabhairt liom lán de leabhair?
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Is iad Mariana Sirbu agus Nurit Stark an bheirt a chuaigh i bhfeidhm orm don chuid is mó. Chreid siad ionam nuair nach chreid mé ionam féin. Thug siad aire dom mar cheoltóir agus mar dhuine. Bhí siad mar mhúinteoir ceoil agus múinteoir saoil dom agus tar éis dom críoch a chur le mo chuid staidéir bhí cairdeas saoil againn atá ann i gcónaí agus táim chomh buíoch díobh beirt. Nuair a chailleamar Mariana sa bhliain 2023, bhí sé ar nós bás clainne agus mothaím uaim í gach lá.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Bhí an teach lán le ceoltóirí i gcónaí. Daltaí ceoil a bhí ag Mam, cleachtadh ceoil banna céilí, cuairteoirí a bhí ina gceoltóirí ó fud fad na tíre is na cruinne. Ní raibh aon éalú ón gceol. Ní raibh teilifís againn ar feadh tréimhse fhada ag fás aníos agus mar sin chaith mé go leor ama ag léamh agus i mbun na n-ealaíon.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Mariana Sirbu ag seinm na Sonatas de Beethoven i Leipzig toisc go ndéanfainn rud ar bith chun a fuaim ón veidhlín a chloisteáil beo arís.
An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?
Albaim aonair, ceann clasaiceach agus ceann traidisiúnta. Gach uair a chuirim tús leis tagaim ar rud éigin eile le déanamh - moilleadóireacht!
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
Is aoibhinn liom ceirnín nua an bhanna I’m With Her, Wild Clear and Blue, chomh maith le ceol nua RAYE. Agus taithníonn leabhar Madeline Miller go mór liom, Circe ach go háirithe.
Cad iad na hionaid, gailearaithe, nó pictiúrlanna is fearr leat?
Hugh Lane Gallery, Museo del Prado i Maidrid agus an Tate i Londain.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Cúrsaí riaracháin. Ceapann daoine go bhfuil an-spraoi againn ag taistil agus ag seinm ceolchoirmeacha ach i ndáiríre caithimid an t-uafás ama ar an ríomhaire.
Cén cineál áite a spreagann thú?
Tugann Baile Átha Cliath an-spreagadh dom mar chathair, go háirithe in aice an chósta i dtuaisceart na cathrach. Taithníonn sé go mór liom dul go hIonad Tyrone Guthrie chomh maith agus a bheith i gcomhluadar ealaíontóirí eile.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh de bharr do chuid oibre?
Fuaireas teachtaireacht ar Twitter faoi phost a thógáil ar an West End. Cheap mé gur bot a bhí ann ach ní sin mar a bhí, agus fuaireas an post.
Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Sílim go bhfuil an-fhorbairt ar chúrsaí Gaeilge sna healaíona in Éirinn, fiú ó bhí mé óg. Tá níos mó daoine ag déanamh iarracht a cuid ealaíon a fhorbairt trí mheán na teanga agus feictear go minic anois Gaeilge agus Béarla taobh lena chéile i nótaí clúdaigh ceirníní agus i gcláir ceolchoirmeacha.
Cad é do mhana?
Tóg do phointí agus tiocfaidh na cúil.

















