Polasaí Gaeilge idir chamáin in Ollscoil na Banríona

Tá Cumann Gaelach na hollscoile i mbun feachtais faoi láthair

Eoghan Ó Conghaile, oifigeach feachtasaíochta an Chumainn Ghaelaigh and Maithín Ó hÁgáin, Uachtarán an Chumainn ag geataí   Ollscoil na Banríona, i mBéal Feirste. Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.
Eoghan Ó Conghaile, oifigeach feachtasaíochta an Chumainn Ghaelaigh and Maithín Ó hÁgáin, Uachtarán an Chumainn ag geataí Ollscoil na Banríona, i mBéal Feirste. Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.

Tá Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste chun leanacht leis an bhfeachtas chun aitheantas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oibre san Ollscoil.

Ceiliúrfar 120 bliain den Chumann Gaelach san ollscoil i mí Eanáir.

D’éirigh leis an gCumann cruinniú a shocrú le bainistíocht shinsearach na hOllscoile ag tús na míosa seo tar éis dóibh feachtas a eagrú chun comharthaí dátheangacha a chrochadh timpeall an champais.

Ach tar éis an chruinnithe, d’eisigh an Cumann ráiteas ag déanamh géarcháineadh ar údaráis na hOllscoile, á rá gur “dhiúltaigh” siad aitheantas a thabhairt don teanga agus níor réitigh seasamh na hOllscoile lena “dualgas mar cheannaire sibhialta”.

Tá sé mar éileamh ag an gCumann go gcuirfí “polasaí cuimsitheach” don Ghaeilge i bhfeidhm agus go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil a bheadh ar comhchéim leis an mBéarla.

Tá siad ag éileamh freisin go seolfadh an Ollscoil achainí go Comhairle Cathrach Bhéal Feirste chun comharthaí sráide dátheangacha a chur in airde ar na sráideanna timpeall an champais de bharr gur leis an Ollscoil í féin cuid mhór de na foirgnimh atá suite orthu.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Uachtarán an Chumainn Maithín Ó hÁgáin go bhfuil na mic léinn atá i mbun feachtais faoi láthair mar chuid d’iarracht leanúnach san Ollscoil a thosaigh blianta ó shin agus a bhain polasaithe áirithe amach, cosúil leis an Scéim Cónaithe Gaeilge.

“Táimid ag iarraidh na cearta céanna atá ann ó Dheas, in Albain agus sa Bhreatain Bheag,” a dúirt Ó hÁgáin.

“Sin an meon atá ag na mic léinn - go mbeadh aitheantas oifigiúil ann don Ghaeilge. Níor mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha eachtrannacha cosúil leis an tSínis nó an tSeapáinis mar is teanga oifigiúil an stáit í.”

Dúirt Ó hÁgáin freisin go raibh méadú suntasach tagtha ar líon na mac léinn a bhfuil suim acu sa teanga agus go bhfuil taithí dhearfach aige a bheith ina bhall de phobal Gaeilge na hOllscoile.

“Don chuid is mó tá sé go hiomlán dearfach. I mbliana sílim go bhfuil an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó san Ollscoil,” a dúirt sé.

“Beimid 120 bliain ar an fhód in 2026 agus tá breis is 260 gnáthbhall againn.”

Dúirt Ó hÁgáin áfach gur thuig sé go bhfuil daoine ann a chuireann i gcoinne sheasamh an Chumainn ar champas.

Tharraing an feachtas a d’eagraigh an Cumann le déanaí cáineadh ó chumann den UUP atá lonnaithe san ollscoil.

“Tá a fhios againne go bhfuil daoine inár n-éadan, ach ag an am céanna tá aitheantas oifigiúil tugtha di agus is í ár dteanga dhúchais í,” a dúirt Ó hÁgáin.

“Ní thuigimse cén fáth a bhfuil an Ollscoil agus na daoine sin ag iarraidh conspóid a bhaint as an Ghaeilge mar is teanga í, ní rud polaitiúil í, is cumann cultúrtha muid.”

“Bhunaigh Protastúnach darbh ainm William Mac Arthur an Cumann Gaelach agus sin an rud a bheimid á cheiliúradh mí Eanáir.”

Tá Ó hÁgáin den tuairim freisin go bhfuil athrú ag teacht ar an dearcadh go bhfuil baint ag an Ghaeilge le taobh amháin den phobal ó Thuaidh agus go bhfuil níos mó Protastúnach ann atá báúil do chúis na teanga.

“Tá go leor Protastúnach ann, tá go leor daoine ann as áiteanna ina mbeadh tromlach aontachtach ann atá ag tabhairt tacaíocht don Ghaeilge anois,” a dúirt sé.

“Sílim go bhfuil athrú mór tagtha ar an dearcadh atá ann faoin Ghaeilge maidir leis na Protastúnaigh.”

Labhair Eoin Ó Conghaile, atá ina Oifigeach Feachtasaíochta leis an gCumann Gaelach, le Scéal freisin.

“An rud is tábhachtaí domsa cibé ná gur sampla fisiciúil de chomhionannas é an chomharthaíocht dhátheangach agus sin an píosa a gcuirimid béim air,” a dúirt sé.

“Mé féin, d’fhreastail mé ar bhunscoil agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge. Is rud úrnua é dom oideachas a fháil go hiomlán trí mheán an Bhéarla agus gan an Ghaeilge a fheiceáil.

“Formhór de bhaill an Chumann Ghaelaigh, is iad seo na daoine a bhaineann úsáid as an teanga gach uile lá.”

Dúirt an tUasal Ó Conghaile go bhfuil sé muiníneach go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann d’fheachtas an Chumainn i measc mhic léinn na hollscoile – in ainneoin na díospóireachta achrannaí atá ag dul ar aghaidh taobh amuigh den champas faoin teanga.

“Níl feicthe agam ach tacaíocht dúinn. Ach tuigim go bhfuil daoine ann nach raibh an deis acu a bheith ag plé leis an teanga,” a dúirt sé

“Tá a lán daoine ann b’fhéidir sna meáin - agus ar ndóigh tá rudaí áirithe le feiceáil ar Twitter – atá ag iarraidh an teanga a úsáid mar uirlis.”

Dúirt Ó Conghaile freisin go raibh sé tábhachtach a bheith airdeallach go gcuirfear an polasaí i bhfeidhm ar bhealach fiúntach éifeachtach agus ní ar bhonn oifigiúil amháin.

“Is rud an-tábhachtach é go mbeidh an polasaí seo curtha i bhfeidhm i gcaoi go mbeidh rochtain ag Gaeilgeoirí ar fud an champais air.”