Bhí sórt coup ag David McCullagh lena chéad chlár ar RTÉ Raidió 1 an tseachtain seo caite. An chéad aoi a bhí aige ná Ivan Yates a tharraing an-chonspóid air féin le linn fheachtas na huachtaránachta.
Ar an gcéad dul síos, agus é ag glacadh páirt i bpodchraoladh do Newstalk, thug Yates comhairle phoiblí do Heather Humphreys nach raibh ag teastáil uaithi. “Cuir míchlú ar (Catherine Connolly) gan stad gan staonadh,” a dúirt sé.
Mar bharr ar an donas, tugadh le fios tar éis an toghcháin gur thug Yates traenáil sna meáin do Jim Gavin, an t-iarrthóir a bhí roghnaithe ag Fianna Fáil sular thug sé cúl leis an rás.
Níor roinn Yates an t-eolas seo ar chor ar bith le linn an fheachtais. Foilsíodh an scéal faoin neamhréiteach polaitiúil seo san Irish Independent agus ní nach ionadh go raibh rírá agus ruaille buaille faoi.
RM Block
An deacracht a bhí ag Yates ná go raibh sé ag gníomhú mar thráchtaire le linn an fheachtais. Ar bhealach bhí an t-ádh leis gur thréig Gavin an rás go luath. Dá mbeadh sé fós san iomaíocht sna laethanta deireanacha bheadh fadhb mhór ag Yates sa mhéid is go mbeadh sé ag déanamh tráchtaireacht ‘oibiachtúil’ ar thriúr iarrthóirí, duine amháin acu a bhí mar chliant aige.
Ní raibh aon éalú as - bhí an dá ghaol sin ag teacht salach ar a chéile.
Ach, faraor, ní raibh Ivan Yates den tuairim go raibh aon rud mícheart déanta aige agus go ndearna sé aon rud as an ngnáth.
D’admhaigh sé go raibh chuile sheans ann gur chuir sé agallamh raidió ar pholaiteoirí ar thug sé traenáil dóibh.
Dá mbeadh sé ag obair go gairmiúil mar iriseoir, bheadh sé san fhaopach, níl dabht ar bith faoi sin. Dá ndéanfainn féin rud mar sin, mar chomhfhreagraí polaitiúil, ní bheadh an dara rogha ag m’fhostóir ach an deis a thapú chun bata agus bóthar a thabhairt dom. Ní chaithfear é a rá - tá an sórt ruda sin verboten!
Ach is é an dearcadh atá ag Yates air féin nach gnáth-iriseoir é, cé go bhfuil sé ag gníomhú sna meáin. Dar leis gur tráchtaire é, duine a dhéanann tuartha agus buillí faoi thuairim, a úsáideann a stádas mar iarpholaiteor, agus mar fhear gnó chun daoine a dhreasú agus chun polaiteoirí a chur soir. Dá mbeifeá ag cuardach téarma b’fhéidir go mbeadh an ceann Fraincise, ’agent provocateur’, cuí go maith.
Tá stíl áibhéile aige agus níos minice ná a mhalairt téann sé thar fóir lena chuid cur síos, gan aon drogall air daoine a mhaslú.
Le linn an fheachtais uachtaránachta in 2018, seo é an léargas a thug sé ar an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn.
“Is file leitheadach é agus tá a spriocdháta díola caite.”
D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Yates, go bhfuil sé féin sotalach, go síleann sé gur air féin a éiríonn agus a luíonn an ghrian.
Tabharfaidh muid sracfhéachaint ar an bhfianaise. Thosaigh Yates ag tairiscint cúrsaí traenála do pholaiteoirí agus do dhaoine gnó thart ar chúig bliana ó shin.
Mhínigh sé an cur chuige. Ligeadh sé air gurbh eisean an duine a bhí ag cur agallamh ar na polaiteoirí agus dhéanadh sé diancheistiúchán orthu. Ansin bhíodh an deis acu breathnú siar ar an agallamh ar fhíseán agus thugadh Yates comhairle ar bhealaí chun a gcur i láthair a fheabhsú.
Bhí sé simplí mar phróiseas agus níor choinnigh Yates é faoi cheilt. Foilsíodh scéal in 2022 go raibh sé ag tabhairt an chineáil seo traenála do Theachtaí Dála Fhianna Fáil.
Ach bhí sé soiléir go raibh coimhlint leasa i gceist anseo.
Bhain sé sin leis an obair a bhí Yates a dhéanamh sna meáin mar chraoltóir. Bhí podchraoladh aige le Matt Cooper, Paths to Power, podchraoladh eile le Newstalk. Chomh maith leis sin, bhí sé ina láithreoir ar Newstalk ó am go ham. Tháinig an crú ar an tairne nuair a nochtadh go raibh gaol proifisiúnta aige le Gavin, cé nach raibh i gceist ach ceithre uair an chloig de thraenáil.
Le linn an agallaimh le McCullagh, mar a bheifeá ag súil leis, chosain sé é féin go bríomhar. “Níor bhris mé aon rialacha agus ní dhearna mé aon rud mícheart,” a mhaígh sé.
Dúirt sé, in ainneoin a chuid oibre le Gavin, go raibh sé fós in ann a bheith oibiachtúil agus neamhchlaonta agus é ag gníomhú mar láithreoir.
D’admhaigh sé go raibh chuile sheans ann gur chuir sé agallamh raidió ar pholaiteoirí ar thug sé traenáil dóibh. “Tá riail dhaingean agam go gcloím le rúndacht na gcliant gan eisceacht,” a dúirt sé.
Rinne sé líomhaintí maidir leis na luachanna pearsanta atá ag iriseoirí. Dúirt sé go bhfaigheann cuid acu bronntanais chorparáideacha agus ‘freebies’.
Ní raibh aithreachas dá laghad air. Ní raibh smál ar bith ar a anam polaitiúil.
Dúirt sé chomh maith go raibh sé toilteanach dul os comhair an Choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí na meán. Is é Alan Kelly atá ina chathaoirleach ar an gcoiste sin mar sin bí ag súil le splancacha nuair a rachaidh Yates os a chomhair!
Mar a fheictear domsa é, tá roinnt ceisteanna nach bhfuil freagartha aige go críochnúil cé go ndearna McCullagh sárjab á cheistiú.
Is craoltóir náisiúnta é Newstalk a thagann faoi bhráid Choimisiún na Meán. Mar sin de, ní mór d‘aon láithreoir a dhearbhú go poiblí má tá aon choimhlint leasa aige nó aici.
Dúirt Yates nach dtagann aon phodchraoladh faoi bhráid an Choimisiúin. Mar sin, ní féidir leis an gCoimisiún aon scrúdú a dhéanamh ar Paths to Power. Bíodh sin mar atá, dúirt Cooper in agallamh le déanaí go bhfuil an-éileamh ar an leagan den phodchraoladh a chuirtear amach ar YouTube. Go neamhréireach, b’fhéidir go dtagann é seo faoi anáil an Choimisiúin ach níl an reachtaíocht go hiomlán soiléir faoin gceist sin.
É sin ráite, is é an obair a rinne Yates do Newstalk ar a ndíreofaí go háirithe. Tá rialacha daingne a bhaineann le leasanna pearsanta a fhógairt. Má rialaítear gur leas a bhí anseo a bhain go hábhartha le cúramaí an chraoltóra, cruthóidh sé deacrachtaí, níl dabht faoi sin.













