“Ní bhíonn sé i gcónaí éasca ach is álainn agus is speisialta a bheith ag dul leis agus a bheith ag forbairt tríd an gceol.”

Is amhránaí, ceoltóir agus cumadóir amhrán í Inni-K (Eithne Ní Chatháin).

Clúdach albam Inni-K
Clúdach albam Inni-K

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Cór Chúil Aodha ag canadh ag an Aifreann i Sráid na Cathrach. Chuaigh sé go croí ionam.

Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air nó uirthi?

Joni Mitchell.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Leanúint orm ar aon chuma. Cabhraíonn am rialta gach lá - uair go leith nó mar sin, ach tá sé ríthábhachtach domsa cleachtas rialta a bheith agam. Bíonn sé ana-thábhachtach a bheith ag imirt, ag súgradh. Nuair a éiríonn rudaí ródháiríre nó docht, is ansan a bheadh tréimhse lagtrá agam, ach ní tharlaíonn sé go minic. Má leanaim orm le cleachtas rialta, tagann fonn nó focail nó smaoineamh éigin gur féidir liom gluaiseacht leis.

Inni-K.
Inni-K.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén cineál ealaíne cruthaithí ba mhaith leat a bheith agat?

Go minic is dóigh liom gur bhreá liom a bheith ag bogadh, ag rince.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Díreach go bhfuilim tar éis fanacht leis an mbóthar seo a bhfuil mo chroí istigh ann, go bhfuil saol cruthaithe agam le ceol ina lár. Ní bhíonn sé i gcónaí éasca ach is álainn agus is speisialta a bheith ag dul leis agus a bheith ag forbairt tríd an gceol.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Dúirt Martin Hayes liom tamall ó shin gur mhaith leis píosa nua do mo chuid, ‘Peppersome’, a sheinnt uair éigin b’fhéidir, dá mba chuma liom. Bhí sé sin ana-dheas ar fad!

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Dul ar TikTok!

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Little Women - ceann Greta Gerwig mar go n-ardaíonn sé mo chroí gach aon uair. A Therapeutic Journey le Alain de Botton. Agus Father Ted le mé a choimeád ag gáire.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Don Weed, múinteoir den scoth. Do mhúin sé agus do thraenáil sé mé mar mhúinteoir den Alexander Technique sa mhodh a chruthaigh sé féin - an ITM - Interactive Teaching Method. Cabhraíonn an traenáil sin liom i ngach aon rud a dhéanaim, idir bheith ar an stáitse nó bheith ag múineadh agus sa saol laethúil.

Inni-K.  Grianghraf: Antonia Kenny
Inni-K. Grianghraf: Antonia Kenny

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí ceol ana-lárnach sa teach. B’fhidléir iontach mo Dhaideo, Liam de Brúinéir, agus do mhúin sé dom conas breith ar fhidil nuair nach rabhas ach ceithre bliana d’aois. Ar shlí, bhí an ceol fite fuaite leis an gGaeilge agus an cultúr i gcoitinne. Thug Mam agus Dad chuig ranganna fidle, pianó agus eile sinn, agus chuig féilte gach samhradh i Sráid na Cathrach, na fleadhanna ceoil, agus bhraitheas i gcónaí go raibh saol agus laethanta saoire ana-dhifriúil agam os na cairde ar scoil. Bhí mo bhailiúcháin féin CDs agam - Radiohead, REM, Cranberries, Sinéad O Connor - chomh maith leis an tsuim sa cheol traidisiúnta.

Rud amháin a fheictear domsa mar cheoltóir neamhspleách ná go bhfuil easpa mhór lipéad ann.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Bhíos ana-thógtha le bróidnéireacht, le bheith ag déanamh mo chuid éadaí féin - is cuimhin liom péire culottes a dhéanamh nuair a bhíos aon bhliain déag d’aois, agus bhí seol beag fíodóireachta agam a thaitin go mór liom. Thaitin cróiseáil, cniotáil, gach sórt ceardaíochta liom. Bheadh mo Mham ag cabhrú liom nuair a théinn ar strae. Thaitin sé liom a bheith ag léamh agus bhínn i gcónaí ag canadh i gcór ar scoil, ag seisiúin agus le haghaidh na gcuairteoirí.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Leonard Cohen i gCill Mhaighneann agus Toumani Diabate in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Bhíos ann an oíche go raibh sé ag seinnt lena mhac Sidiki. Thug Toumani cuireadh dom amhrán a sheinnt leo an oíche sin agus bhí sé draíochtúil ar fad a bheith ar an stáitse leo.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

B’fhéidir togra éigin ina mbeinn ag triail gluaiseacht / rince le mo chuid ceoil.

Inni-K. Grianghraf: Antonia Kenny
Inni-K. Grianghraf: Antonia Kenny

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Go leor rudaí ag Féile Ealaíon Chill Chainnigh i mbliana. Ceolchoirm cúpla seachtain ó shin le Hyperlnx - banna jazz Éireannach / Eilvéiseach a bhfuil ceol an-spraíúil go deo acu. Ceirnín Rachel Sermanni DreamerAwake, agus an leabhar A Therapeutic Journey le Alain de Botton.

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?

An IFI, Levis i mBéal an Dá Chab, Whelan’s, An Sugar Club - ag súil go mór le seinnt ann an 6 Samhain do sheoladh mór Still A Day, m’albam nua. Is breá liom Dánlann Crawford agus IMMA chomh maith

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Déarfainn go bhfuil caighdeán na n-ealaíon in Éirinn i riocht láidir faoi láthair i gcoitinne. Dar liom féin go bhfuil níos mó measa ar ealaíontóirí le cúpla bliain anuas, go dtuigtear níos fearr an luach atá ag baint leis na healaíona sa tsochaí agus nach dtugtar neamhaird orthu. Rud amháin a fheictear domsa mar cheoltóir neamhspleách ná go bhfuil easpa mhór lipéad ann. Tá aithne agam ar go leor ceoltóirí den scoth atá ag déanamh go maith ach atá ana-aonarach ó thaobh cúrsaí gnó de. Ba bhreá liom níos mó tacaíochta a fheiscint ag dul chuig lipéid bheaga a chabhraíonn le ceoltóirí.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

B’fhéidir nach dtuigeann daoine méid na hoibre a bhíonn i gceist le camchuairt a eagrú nó le halbam a chur amach. Ceapann daoine is dóigh liom go mbím ag gigeáil an chuid is mó den am ach le fírinne, bím ag déileáil le riarachán.

Cén cineál áite a spreagann thú?

Is breá liom a bheith cois farraige, a bheith i measc crainn, a bheith timpeallaithe ag an nádúr.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh de bharr do chuid oibre?

Bhíos ar camcuairt sa Nua-Shéalainn blianta ó shin agus bhí lánúin álainn ag eagrú na ceolchoirme oíche áirithe dom. Ealaíontóirí ab ea iad beirt agus daoine lácha, fáiltiúla. Ach ar chúis éigin - cúis ealaíonta is dócha - do lig siad do líonta damháin alla fanacht ar fhallaí tig s’acu, agus bhí na fallaí clúdaithe leis na líonta damháin alla seo, ó bhun go barr! Bhí sé ana-ait ar fad fanacht ann!

Cad é do mhana?

Tús maith leath na hoibre.

Tá Inni-K ar camchuairt faoi láthair; Cleere’s Bar & Theatre i gCill Chainnigh ar an 23 Deireadh Fómhair, The Dock i gCora Droma Rúisc ar an 24, Riverbank Arts Centre sa Droichead Nua ar an 30. Agus i mí na Samhna, an Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar an 6, Linenhall Arts Centre i gCaisleán an Bharraigh ar an 7, agus Mermaid Arts Centre i mBré i gCill Mhantáin ar an 9. inni-k.com

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column