“Mar ealaíontóir, bím i gcónaí ag féachaint ar an domhan trí lionsa cruthaitheach”

Is ceoltóir rap agus ealaíontóir é Rebel Phoenix as Baile Átha Cliath.

Rebel Phoenix
Rebel Phoenix

Cad é an píosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Tá a lán tionchar éagsúil ar mo chuid ceoil féin, ach ceann mór a sheasann amach domsa ón uair a bhí mé i mo dhéagóir ná Nirvana agus Kurt Cobain. D’éist mé lena lán ceoil punc le liricí frithbhunaíochta freisin - Dead Kennedys agus Bad Brains. Maidir le hip hop, bhí Mobb Deep fíor-spreagúil dom. Is breá liom David Lynch agus aon stiúrthóir a phléann le hosréalachas.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Tá mé ag éist le han-chuid ceoil le Joni Mitchell le déanaí. Is iontach agus uathúil an chaoi ina bhfuil sí in ann scéal a insint trína cuid ceoil. Tá an-mheas agam ar na rapálaithe Éireannacha Strange Boy agus Jehnova. Tá an bheirt acu thar cionn.

Rebel Phoenix
Rebel Phoenix

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?

Caithfidh mé imeacht as mo bhealach féin agus aon leisce nó breithiúnas a chur go hiomlán as mo cheann. Tá an ró-smaoineamh aimhleasach don phróiseas [cruthaitheachta]. Déanaim cleachtadh machnaimh laethúil, go háirithe machnamh tarchéimnitheach (transcendental meditation). Téim ag siúl amuigh faoin aer chomh maith, sin ceann de na rudaí is mó a spreagann mo chuid ealaíne.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí spéis ag mo shiblíní i gceol éagsúil; hip-hop, R&B, rac, popcheol. Trí m’athair a tháinig mé ar cheol Rory Gallagher agus Leonard Cohen, agus bhí an bheirt acu sin fíor inspioráideach dom. Spreagadh an léitheoireacht sa bhaile freisin.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Bhínn ag scríobh amhrán agus scéalta, rudaí áitiúla faoi mo chlann, cairde, peataí. Tar éis tamaill, d’fhorbair sin ina chumadóireacht amhrán mar dhuine ag bogadh tríd an gcathair, an tír agus, an domhan i gcoitinne. Thosaigh mé ar an ngiotár nuair a bhí mé thart ar cheithre bliana déag d’aois, agus táim ag baint úsáid as an scil sin níos mó le déanaí i mo cheol nua.

Caithfidh mé imeacht as mo bhealach féin agus aon leisce nó breithiúnas a chur go hiomlán as mo cheann. Tá an ró-smaoineamh aimhleasach don phróiseas [cruthaitheachta].

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, ar léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Faoi láthair, tá The Body Keeps The Score ó Bessel van der Kolk á léamh agam. Tá sé an-spéisiúil foghlaim faoi na bealaí a dtagann daoine chucu féin i ndiaidh tráma, agus chomh coitianta atá an próiseas sin ar fud an domhain. Tá an fhaisnéis sin an-chabhrach chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhaoine.

Cad iad na hionaid, gailearaithe, nó pictiúrlanna is fearr leat?

Is é ceann de na gailearaithe is fearr liom i mBaile Átha Cliath ná an Hugh Lane Gallery. Táim ag tnúth go mór leis an athoscailt tar éis an athchóirithe atá ar siúl faoi láthair. Bhí mé i dTóiceo le déanaí ag an Músaeim Náisiúnta Nua-Ealaíne. Bhí sé ar cheann de na gailearaithe is fearr ina raibh mé riamh. Is breá liom an IFI (Institiúid Scannán na hÉireann) agus an Lighthouse mar phictiúrlanna freisin.

Rebel Phoenix
Rebel Phoenix

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Tá sé ag feabhsú i gcónaí. Tá ealaín Éireannach ar ard chaighdeán ann leis na mílte blianta. Tá sé inár gcuid fola. Dá mbeadh bonneagar níos fearr ann le go bhféadfadh le healaíontóirí saol gairmiúil a bheith acu ón obair a dhéanann siad, bheadh sé ina áit i bhfad níos fearr, i mo thuairim.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Gur rud éigean é ar féidir leat a chasadh air agus as. Mar ealaíontóir, bím i gcónaí ag féachaint ar an domhan trí lionsa cruthaitheach. Míthuiscint eile atá ag daoine faoina lán ealaíontóirí ná go bhfuil siad díreach cruthaitheach i stíl amháin. Go pearsanta, bím ag lorg bealaí nua chun mo chruthaitheacht a chur in iúl; i mo cheol, m’ealaín, agus i mo shaol go ginearálta.

Album artwork for Rebel Phoenix's album Museum, reviewed in The Irish Times by Lauren Murphy on September 15th 2023
Album artwork for Rebel Phoenix's album Museum, reviewed in The Irish Times by Lauren Murphy on September 15th 2023

Cén cineál áite a spreagann thú?

Cinnte an áit is mó a spreagann mé ná taobh amuigh sa nádúr. Tá suaimhneas ar fáil thuas ar an sliabh, i bhforaois, nó cois farraige, nach bhfuil ar fáil in aon bhealach eile. Is rud riachtanach é.

Cad é do mhana?

Is breá liom an mana “is cóir é” (nó “fair is fair”). Tá sé tábhachtach mar dhuine a admháil nuair a bhíonn tú mícheart. Chomh maith le daoine atá ag déanamh an rud mícheart a cháineadh go measúil. Sin mar a éiríonn tú níos cliste agus níos fearr mar dhuine.

Ceapaim gurb é an easpa cumais ag daoine a bheith go hiomlán macánta is cúis le cuid mhór de na fadhbanna atá romhainn inniu, go háirithe nuair atá sé deacair agus míchompordach.