“Ní raibh uaim ach an grá dorcha drúisiúil draíochtach a bhí idir Cathy is Heathcliff, caidreamh a sháraigh an bás féin.”

Caitríona Ní Mhurchú sa dráma Beckett sa Chreig: Guth na mBan. Grianghraf: Arcade Film
Caitríona Ní Mhurchú sa dráma Beckett sa Chreig: Guth na mBan. Grianghraf: Arcade Film

Is aisteoir agus scríbhneoir í Caitríona Ní Mhurchú a bhfuil ról aici sa dráma Beckett sa Chreig: Guth na mBan ag Féile Amharclannaíochta Bhaile ÁthaCliath sa Project Arts Centre i mBarra an Teampaill an 1-5 Deireadh Fómhair. dublintheatrefestival.ie

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Wuthering Heights agus Emily Brontë. Ní raibh uaim ach an grá dorcha drúisiúil draíochtach a bhí idir Cathy is Heathcliff, caidreamh asháraigh an bás féin. Mhúscail an leabhar spéis freisin sna deirfiúracha Brontë agus na saothair ealaíne a mhúnlaíodar as an saol aonarach uaigneach scoite amach a bhí acu. Agus ar ndóigh tháinig Kate Bush ag satailt sna sála orthu. Agus ar an láimh eile bhíos sáite i ndánta Sheáin Uí Ríordáin. D’iompraíos timpeall im’ phóca liom iad.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Is cinnte go bhfuil níos mó measa agam ar na healaíontóirí a sheasann leis an bPalaistín go poiblí ag an nóiméad seo, cé go gcothaíonn sé trioblóid dóibh, idir obair agus dlí. Tá an t-ádh linn sa tír seo go bhfuil leithéidí Kneecap, Sally Rooney, Pillow Queens, CMAT, Steve Wall, The Prongs agus mórán eile atá sásta dul sa seans. Is gníomh radacach mórchroíoch é.

Exposed: Caitríona Ní Mhurchú sa dráma ‘Eating Seals and Seagulls’ Eggs’
Exposed: Caitríona Ní Mhurchú sa dráma ‘Eating Seals and Seagulls’ Eggs’

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat nó a fhiosrú?

Ba bhreá liom a bheith i mo dhamhsóir. Dheineas bailé nuair a bhíos óg, ach faraor ní thabharfá rinceoir orm. Táim le Yeats. Is féidir le damhsa eispéireas rúndiamhrach an anama a nochtadh mar aon le taithí an ghnáthshaoil in aon mhionghluaiseacht amháin.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Is breá liom gur thug Comhlacht SJ agus an Taibhdhearc seans dom aghaidh a thabhairt ar Not I/Ní Mise. Is buaicphointe dom é cinnte. Tá sé chomh dúshlánach mar théacs. Níl aon suí siar ag baint leis. Caithfear streachailt leis agus sliabh ghéar Beckett a dhreapadh chuile oíche. Agus dá mhéad a dhéanaim é, is ea is mó a thuigim cé chomh maith is atá sé mar phíosa ealaíne. Tagann tuiscint nua chuile oíche leis. Is onóir é tabhairt faoi. Agus ar ndóigh is mór an rud é guth mhná Beckett a chloisint le chéile i nGaeilge. Sílim gur chuir Masterclass le Terence McNally, a stiúir Conor Hanratty do Smock Alley, oiliúint mhaith orm. Ba chéim riachtanach a bhí sa dráma sin dom chun mé a ullmhú le haghaidh a thabhairt ar Beckett.

Dá bhféadfaí an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona a leathnú b’iontach an rud é, agus tá na tairbhí ó thaobh sochaí agus geilleagair de soiléir.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Gur chabhraigh mé leo teacht ar an bpróiseas agus sinn ag obair le chéile, agus go raibh tionchar dearfach agam ar an gcur chuige a bhí acu ó thaobh aisteoireachta de.

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Nach bhfuil spéis ag an lucht féachana a bheith ag stánadh ar do dhroim ná do chúl. Ní chreidim é sin in aon chor.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Bhí múinteoir sealadach a tháinig isteach agus mé ar an meánscoil agus cé nach raibh sé ann ach ar feadh coicíse, spreag sé sinn go léir chun scríbhneoireachta agus thug muinín dúinn tabhairt faoi inár n-am féin.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Thaitníodh sé liom scéalta beaga a scríobh. Agus garraíodóireacht. Bhí páiste beag agam féin ar chúl an tí agus bhíos in ann pé rud ar mhian liom a chur ann. Bhíos chomh sona le muc ag póirseáil timpeall sa láib.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Nuair a bhíos i bhfad Éireann níos óige, chuas go That Petrol Emotionsa New Inn, Baile Átha Cliath. Oícheanta a rith Smiley Bolger ag an am sílim. Halla fada brocach lán le deatach agus déagóirí dóchasacha. Ní raibh cluas agam ar feadh cúpla lá ina dhiaidh, ach b’fhiú an bhodhaire.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó a chonaic tú le déanaí?

Octopus Children le Felispeaks, Offspring sa Dublin Fringe Festival, agus Finding Sophie sa Town Hall. The Prongs, banna a shíneann thar phunc, an litríocht agus na fís-ealaíona. Thaitin an scannán Perfect Days le Wim Wenders go mór liom, agus The Cross of Iron le Sam Peckinpah.

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó pictiúrlanna is fearr leat?Project Arts Centre, An Phéacóg, Hugh Lane, An Taibhdhearc, IFI, Viking Theatre.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Tá caighdeán na n-ealaíon an-ard in Éirinn, chomh hard le haon áit eile, ach is soiléir go bhfuil easpa maoinithe ann don líon ealaíontóirí trasna na réimsí uile. Dá bhféadfaí an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona a leathnú b’iontach an rud é, agus tá na tairbhí ó thaobh sochaí agus geilleagair de soiléir. Ardú ar infheistíocht sna healaíona ionas go mbeadh sé ar an leibhéal céanna caiteachais leis an gcuid eile den

Eoraip. Sin an sprioc.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Nach obair dhian atá ann.

Cén cineál áite a spreagann thú?

An fharraige agus cúlsráideanna cathracha.

Cad iad do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Tá forbairt mhór tagtha ar na healaíona trí Ghaeilge, agus tá mórán cúiseanna leis sin: teicneolaíocht agus pobail ar líne, bród sa teanga toisc maolú a bheith tagtha ar an náire a bhraitheann daoine ina leith, agus go bhfeictear í mar nasc beo leis an oidhreacht agus an fhéiniúlacht. Is sampla maith den bhforbairt sin an obair ar ardchaighdeán atá Comhlacht SJ ag déanamh i gcomhar leis an Taibhdhearc. Ach tá ealaíontóirí ó gach aird ag úsáid na teanga ina gcuid saothair - Kneecap ar ndóigh, ach bhí rogha drámaí sa Dublin Fringe Festival i mbliana a raibh an Ghaeilge iontu.

Beckett sa Chreig: Guth na mBan
Beckett sa Chreig: Guth na mBan

Cad é do mhana?

Casann an roth.

Foclóir: dorcha = dark; bailé = ballet; coicís = fortnight; dearfach = positive; punc=punk; brocach = filthy; míthuiscint = misunderstanding.