Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Is cuimhin liom nuair a bhí mé timpeall naoi mbliana d’aois agus ardaíodh ar ghuaillí m’athar ag an Electric Picnic mé. Bhí sé cúpla soicind istigh san amhrán Intervention le Arcade Fire - an t-amhrán ab fhearr liom ag an am. Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo: farraige na gceann, na soilse, béic an tslua, an t-orgán! Fíor ‘musical awakening’ ab ea é. Níorbh é an chéad uair ar imir píosa ealaíne tionchar orm, ach bhí sé ar an uair is tábhachtaí dom agus mé fós i mo pháiste.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Táim gafa le Fiona Apple agus Cameron Winter le déanaí. Tá mé ag tnúth go mór leis an albam Geese atá ag teacht amach faoi cheann cúpla seachtain. Ceapaim chomh mhaith go bhfuil Lisa O’Neill ar cheann de na guthanna is tábhachtaí atá in Éirinn faoi láthair. Ceoltóir is scríbhneoir den scoth is ea í.
RM Block
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Déanaim iarracht smaointe cruthaitheacha a chríochnú sa chéad áit, agus is cuma má tá siad iontach nó lofa. Ní fiú smaoineamh ann féin ina aonar, caithfear amhrán nó scéal nó dán a fháil as. Nuair a chríochnaím le saothar cruthaitheach is ea a thosaím ag plé le fiúntas an tsaothair. Déanaim cleachtadh laethúil as an gcruthaitheacht, ar nós mar a chuirim stocaí orm ar maidin, nó mar a ullmhaím béile san oíche. Gan inspioráid áfach, is scéal difriúil é. Ansin, téim go ceolchoirm, athraím an uirlis atá á seinnt agam, téim ag rith ar feadh uair nó dhó. De ghnáth cabhraíonn cleachtadh fisiciúil, béile láidir agus codladh sámh.
Ba cheart don rialtas ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an mbealach céanna leis an spórt…
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat nó a fhiosrú?
Ba bhreá liom a bheith níos cumasaí le mo lámha. Is aoibhinn liom an dealbhóireacht, agus tá sé ar intinn agam áith a chur i mo theach i gceann cúpla bliain. Áith ar mhaithe le healaín aisteach cheirmeach a chruthú, ach beidh orm plátaí agus babhlaí a dhéanamh chun na billí a íoc!
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Sheinneamar ar an stáitse Brutopolis Metro ag Electric Picnic i mbliana. Dúirt an teicneoir fuaime go rabhamar ar an ngrúpa ba bhéasaí agus ba shibhialta ar oibrigh sé leis le tamall. Cinnte, an moladh is fearr a fuaireamar sa samhradh. Thaitin na hamhráin leis freisin, mar bhuntáiste.
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Gur smaoineamh iontach é seinm ag a ceathair a chlog ar maidin ag All Together Now an samhradh seo caite. Bhí an seisear againn traochta tar éis dúinn dhá cheolchoirm a sheinnt cheana féin an lá sin. Bhí thart ar dhá chéad duine ann chomh maith, tar éis don fhéile críochnú don oíche. Dúradh liom an mhaidin ina dhiaidh sin gur éirigh go hiontach leis. Ní cuimhin liom an t-iomlán - bhí mé beagnach i mo chodladh. B’fhéidir gur chomhairle mhaith é seinnt faoi dheireadh.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Athraíonn mo rogha i gcónaí, ach faoi láthair thabharfainn liom School of Rock, The Bear agus 100 Years of Solitude.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
D’fhoghlaim mé an pianó le múinteoir áitiúil, Charlotte O’Brien. Cé go rabhamar ag cleachtadh píosaí clasaiceacha, mhol sí dom mothúcháin agus spiorad a chur sa cheol ar dtús, seachas an teicníocht. Níor chaitheamar an t-am ar fad ag díriú ar fhoirfeacht na bpíosaí, bhíomar róghnóthach ag baint taitneamh astu. D’fhan an ceacht sin liom.
Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Bhí mé gafa le gearrscéalta a scríobh nuair a bhí mé sa bhunscoil. Bliain amháin, b’fhéidir sa tríú rang, chaithinn gach deireadh seachtaine sa gheimhreadh ag iarraidh scéalta agus carachtair a shamhlú. Shiúlainn timpeall an tí ag caint liom féin, mar ghealt.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Daft Punk Alive 2007 Tour. Coachella Pyramid. Agus dhíolfainn gach rud chun freastal ar Nina Simone in Carnegie Hall 1963.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó a chonaic tú le déanaí?
Chuala mé Heavy Metal le Cameron Winter i mí Eanáir agus níl mé ábalta é a chur síos. Chonaic mé ceolchoirm For Those I Love ag an Electric Picnic le déanaí agus chuir sé sin ag caoineadh mé. Is ealaíontóir speisialta é David Balfe. Ó thaobh leabhar de, léigh mé Perfume le Patrick Suskind den chéad uair agus b’aoibhinn liom é.
Cad iad na hionaid, na gailearaithe nó na pictiúrlanna is fearr leat?
Is aoibhinn liom Vicar St agus an Olympia, fuair mé mo chuimhní is tábhachtaí ann. Caithfidh mé Anseo ar Shráid Camden a lua freisin. Is é an seomra thuas staighre lárphointe shaol cheol an taoibh tuathail (underground musc scene) i mBaile Átha Cliath.
Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
Ceapaim go bhfuil ealaíona na hÉireann chun tosaigh sa domhan, lándáiríre. Féach na haisteoirí, na ceoltóirí, na dearthóirí, agus na healaíontóirí atá tar éis teacht ón tír le déanaí. Is náire é nach dtugtar níos mó tacaíochta d’ealaíontóirí atá ag obair anseo agus go bhfuil ar an gcuid is mó acu Éire a fhágáil. Ba cheart don rialtas ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an mbealach céanna leis an spórt, dar liom. Bíonn rath domhanda orainn sa spórt mar gheall ar an gciste poiblí. Tá an chóir chéanna tuillte ag na healaíontóirí.
Cad é do mhana?
Ceann a léigh mé i leabhar le Colum McCann: ‘Good days come around the strangest corners’. Déanaim iarracht cuimhneamh air sin. Thaispeáin mo mháthair ceann ón scríbhneoir Rainer Maria Rilke dom cúpla lá ó shin: ‘Love the questions themselves’. Molaim an mana sin do dhaoine - tá sé foirfe, tuisceanach, críonna.