Cáineadh géar déanta ar chiorruithe Fhoras na Gaeilge

Is ar an óige go díreach nó go hindíreach a dhírítear cuid de na scéimeanna is measa atá buailte.

Tá cáineadh géar déanta ar chinneadh Fhoras na Gaeilge cuid de na tionscadail is tábhachtaí i saol na Gaeilge a ghearradh siar. Fógraíodh ar an Aoine nach raibh aon rogha ag an bhForas ach ciorruithe tromchúiseacha a chur i bhfeidhm.

Tá bearna €817,945 i mbuiséad an Fhorais ar gá a líonadh i mbliana. Gearrfar siar go mór ar scéimeanna agus ar thionscadail agus beidh ciorruithe le déanamh ar an maoiniú atá á chur ar fáil do na sé Cheanneagras.

Ráiteas ón Roinn

Ní mórán a thuigfeadh go dtiocfadh a leithéid d’éigeandáil chun cinn ag am a bhfuil ciste airgeadais an Stáit méadaithe go mór. Tá méadú mór tagtha ar chaiteachas an Stáit ar áisíneachtaí eile, ach tá na ciorruithe a gearradh ar an bhForas in 2008 nach mór fós i bhfeidhm.

READ SOME MORE

Tá na heagrais Gaeilge ag cur brú ar an Rialtas le fada idirghabháil phráinneach a dhéanamh chun maoiniú ceart a chur ar fáil.

Ach is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn na buiséid: cuireann Rialtas na hÉireann 75 faoin gcéad de mhaoiniú an Fhorais ar fáil agus is ó Rialtas na Breataine a thagann 25 faoin gcéad.

I ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta le Tuarascáil, dúradh: “Tá airgead breise ar fáil i mbuiséad na Roinne seo d’Fhoras na Gaeilge i 2025. Is gá, áfach, cómhaoiniú de réir an chóimheasa maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais.”

“Tá ceist mhaoiniú na bhForas Fhorfheidhmithe Thuaidh Theas á plé ag na Ranna urraíochta agus na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse agus níl cinneadh deiridh déanta maidir le buiséad 2025 go fóill.”

Fágann sé sin, mura dtagtar ar réiteach eile, go gcaithfidh an dá Roinn teacht ar chomhaontú maidir leis an mbuiséad ar bhonn 75:25, rud a fhágann go mbeidh sé deacair ardú a fháil nuair atá droch chaoi ar chúrsaí airgeadais ó thuaidh.

Fearg

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, go bhfuil na ciorruithe ag teacht “tráth a bhfuil géarchéim mhaoinithe cheana féin san earnáil, géarchéim a ardaíonn tuilleadh ceisteanna faoi Fhoras na Gaeilge a bheith ábalta maoiniú éifeachtach a chur ar fáil do riachtanais phobal na Gaeilge.”

Tá go leor grúpaí Gaeilge ar fud na tíre thar a bheith buartha inniu.

Ní raibh go leor airgid ag na grúpaí áitiúla tuarastail, billí agus cíos a íoc roimhe seo. Anois is gá dóibh dul agus ciorruithe breise a chur i bhfeidhm.”

Is ar an óige go díreach nó go hindíreach a dhírítear cuid de na scéimeanna is measa atá buailte.

Ina measc sin tá Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, scoláireachtaí do mhic léinn ollscoile.

Is cinnte go mbeidh brú anois ar an Aire nua Dara Calleary a ladar a chur isteach sa scéal.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.