FOCLÓIR: Spleodrach – lively; díocas – eagerness; fógraíocht – advertising; cóipscríbhneoirí – copywriters; aisteoirí – actors; iolrachas – pluralism; tinteán – hearth; feachtas – campaign; cuimhne mhatáin – muscle memory; meirge - banner.
Theip ar chomhlachtaí poiblí spriocanna fógraíochta atá leagtha amach dóibh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh anuraidh.
De réir iniúchta a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga ar 334 comhlacht poiblí le linn 2023, caitheadh €14.2m ar fhógraíocht i nGaeilge. As sin, caitheadh €3.8m ar na meáin Ghaeilge.
Ach faoin reachtaíocht teanga, tá ar chomhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad dá gcuid fógraíochta in aon bhliain amháin a bheith i nGaeilge, agus 5 faoin gcéad dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge.
Donald Trump is changing America in ways that will reverberate long after he is dead
The jawdropper; the quickest split; the good turn: Miriam Lord’s 2024 Political Awards
The mystery is not why we Irish have responded to Israel’s barbarism. It’s why others have not
Enoch Burke released from prison as judge doubles fine for showing up at school
Níor éirigh leo ceachtar den dá sprioc sin a bhaint amach.
Caitheadh €97m san iomlán ar fhógraíocht anuraidh ach níor caitheadh ach 4 faoin gcéad (€3.8m) ar na meáin Ghaeilge agus 11 faoin gcéad (€10.4m) ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla.
Shroich an earnáil phoiblí tairseach 15 faoin gcéad d’fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge agus ar na meáin Bhéarla anuraidh.
Cé nár baineadh amach na spriocanna fógraíochta in 2023, dúirt Oifig an Choimisinéara go léiríonn na torthaí go bhfuil “leibhéal ard úsáide” á bhaint as na meáin shóisialta, na meáin chlóite agus raidió chun fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh.
Luadh dúshláin eile sa tuarascáil.
Rinneadh gearáin le hOifig an Choimisinéara faoi dhroch-chaighdeán Gaeilge ar fhógraí áirithe. Nochtadh i roinnt cásanna go raibh deacrachtaí ag cuid de na comhlachtaí poiblí cóipscríbhneoirí cumasacha le Gaeilge a fhostú. Bhí deacrachtaí ann freisin, a tuairiscíodh, aisteoirí nó ealaíontóirí gutha le Gaeilge líofa a aimsiú chun an chaint a sheachadadh go nádúrtha.
Cé gur teipeadh na spriocanna caiteachais a bhaint amach, dúradh sa tuarascáil gur “údar misnigh an méadú as cuimse” atá tagtha ar úsáid agus ar infheictheacht na Gaeilge ar fud earnáil na fógraíochta agus na meán de thoradh an reactaíochta.
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn gur “díol suntais” é an fás atá tagtha ar chaiteachas na hearnála poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge.
“Léiríonn na torthaí go bhfuil borradh faoi fhógraíocht i nGaeilge ar gach cineál meáin anois, idir na meáin chlóite agus na meáin shóisialta agus digiteacha,” a dúirt sé.
Tá Oifig an Choimisinéara i dteagmháil le tionscal na fógraíochta agus le heagraíochtaí Gaeilge chun dul i ngleic leis na dúshláin.
“Tá m’Oifig ag leanúint den mhionscagadh ar ghníomhaíochtaí fógraíochta comhlachtaí poiblí chun géilliúlacht don fhoráil nua fógraíochta a chinntiú,” a dúirt sé.
Oireachtas na Samhna
Ócáid spleodrach spraíúil a bhí in Oireachtas na Samhna arís i mbliana agus bhí ardchaighdeán le sonrú i ngach gné den fhéile.
Chuir cumas agus díograis na n-iomaitheoirí sna comórtais bhríomhara ardáin le díocas na sluaite móra a bhí i láthair i gCill Airne an tseachtain seo caite. Féile bheo bhríomhar í atá ag dul ó neart go neart.
Bhuaigh Gearoidín Breathnach, Croithlí, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, Corn Uí Riada, an gradam is mó d’amhránaíocht ar an sean-nós. Sláine Ní Chathalláin, An Coimín, Baile na nGall, Co. Chiarraí a bhí sa dara háit agus Nollaig Ní Laoire, Baile Átha Troim, Co. na Mí, a bhí sa tríú háit.
Tinteán
‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin.’ B’fhéidir gur fíor é sin, ach is fíor freisin go bhfuil go leor sa tír nach féidir leo an seanfhocal sin a fhíorú. Is tráthúil mar sin gur ‘Tinteán’ a baisteadh ar fheachtas nua náisiúnta stocaireacht thithíochta a seoladh i gCill Airne ar an Aoine.
As cruinnithe idir fheachtasóirí Bhánú agus Chonradh na Gaeilge a d’eascair an smaoineamh feachtas nua a bhunú. Is ag cruinniú a reáchtáladh ar imeall Oireachtas na Samhna a seoladh Tinteán, a bhfuil sé mar aidhm leis dul i ngleic, ar bhonn náisiúnta, leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. “Cé go bhfuil aird náisiúnta tarraingthe ag an ngrúpa feachtasaíochta Bánú ar ghéarchéim na tithíochta sa Ghaeltacht, is grúpa áitiúil é atá lonnaithe den chuid is mó i gConamara Theas,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.
Leathnú amach náisiúnta ar an bhfeachtas atá i gceist ionas gur féidir aird a tharraingt ar na fadhbanna tithíochta áitiúla atá ag cur inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol sa Ghaeltacht.
Dúirt Ní Chinnéide gur éirigh go maith leis an obair a rinne Conradh na Gaeilge agus Bánú go dtí seo agus go bhfuil sé i gceist saineolas agus tacaíocht a chur ar fáil i gceantair eile Ghaeltachta bunaithe ar an gcur chuige go dtí seo.”Sin é an coincheap - go mbeadh grúpaí áitiúla ar an talamh ag plé leis na ceisteanna áitiúla ina gceantair féin, ach go mbeadh siad ar fad ag feidhmiú faoin scáthghrúpa Tinteán.”
Dar ndóigh, níl an t-olltoghchán i bhfad uainn, agus tá sé beartaithe ag Tinteán ceist na tithíochta a bhrú ar na páirtithe polaitíochta agus ar a n-iarrthóirí toghcháin.
“Tá fuinneog áirithe ann anois nuair is féidir brú ar leith a chur ar pholaiteoirí nach mbíonn ann ag amanna eile. Beimid ag iarraidh dul i bhfeidhm ar fhorógraí toghcháin agus ansin pé clár rialtais a bheas ag an dream a thiocfaidh i gcumhacht.”
Ar na héilimh faoi láthair tá sé i gceist cumhachtaí tithíochta a éileamh d’Údarás na Gaeltachta, scéim dheontais na dtithe Ghaeltachta a thabhairt ar ais, dréacht treoirlínte pleanála a fhoilsiú agus srian a chur ar thithe saoire sa Ghaeltacht.
An bhliain úr
Go Béal Feirste a rachaidh an tOireachtas an bhliain seo chugainn agus faoin am sin beidh rialtas nua i réim sa dlínse ó dheas.
Ceist ghártha amháin a bhí á plé in Óstán Ghleann an Iolair (áit ar reáchtáladh príomhimeachtaí an Oireachtais) - an mbeidh sé de ghustal agus de mhisneach ag an rialtas nua, pé dream a bheidh i gceannas, a bheith chomh díograiseach agus chomh díocasach céanna ag feidhmiú straitéise dearfaí don teanga is a bhíonn siad agus iad ag feidhmiú na mbeartas is ansa leo.
Thug Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, aghaidh ar an ábhar céanna agus é ag glacadh le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais.
“Tá cur chun cinn na Gaeilge féin bunaithe ar go leor cúinsí ach tá ról lárnach ag na meáin sa chur chun cinn sin.”
Dúirt Esslemont go mbeidh “rogha mhór” roimh Choimisiún na Meán agus roimh an chéad rialtas eile an bhliain seo chugainn.
“Is é an rogha bunúsach ná uaillmhian TG4 a chothú agus a chur ar aghaidh. Tá srian á chur orainn,” a dúirt sé.
“Tá meon an Stát maidir leis an nGaeilge le léamh sa phatrún leanúnach de chinntí polaitiúla atá déanta ag rialtais éagsúla thar thréimhse fhada.
“Pobal aonteangach Béarla leis an nGaeilge mar theanga ornáideach ócáide an toradh deireanach a bheas ar an bpatrún seo de chinntí polaitiúla.
“’Uimhreacha beaga cainteoirí, suimeanna beaga airgid’ a dúirt sé a bhí mar theachtaireacht ag an Stát ó na seascaidí ar aghaidh.
Ag tagairt don Acht Eorpach um Shaoirse na Meán, a bhfuil sé mar aidhm aici iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san AE, dúirt Esslemont go leagfar dualgas ar leith ar an Stát maoiniú inbhuanaithe agus intuartha a chur ar fáil do na meáin phoiblí.
“Agus, tá péire sa tír seo,” a dúirt sé, ag cur in iúl go neamhbhalbh gur craoltóir seirbhíse poiblí é TG4 chomh maith céanna le RTÉ.
“Tá fís agus uaillmhian an-soiléir ag TG4 mar chraoltóir neamhspleách. Tá fís agus uaillmhian phobal labhartha na Gaeilge againn féin mar phobal.
“Tá sé thar am ag an Stát an fhís agus an uaillmhian chéanna a léiriú agus paraidím nua maoinithe a chur ar fáil do TG4, don Ghaeltacht, agus do na meáin Ghaeilge ar fad.
“Ná cailleadh Coimisiún na Meán an deis stairiúil a bheidh acu in 2025. Ná cailleadh polaiteoirí an rialtais nua an deis stairiúil a bheidh acu in 2025.”
Agóid
Chroch Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (AMLCT) meirge i lár an champais ar an Satharn mar agóid in aghaidh theip an Choláiste seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. ‘Cá bhfuil an Ghaeilge?’ a bhí scríofa mar mhana air.
Ba iad príomhéilimh na mac léinn ná go gcomhlíonfadh an Coláiste a dualgais mar chomhlacht poiblí maidir le comharthaíocht champais a bheith dátheangach, agus go ndéanfaí beart láithreach chun spriocanna Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 a bhaint amach.
“Mar a léirigh gníomh an lae inniu, táimid diongbháilte ar an gceist seo agus ní stopfaimid den abhcóideacht go dtiocfar ar réitigh” a dúradh i ráiteas a d’eisigh na mic léinn.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis