Cé a déarfadh nach bhfuil tábhacht le mion logainmneacha?

Tugann mion logainmneacha tuairisc dúinn ar chuid den saol atá geall a bheith imithe

Mion-logainmneacha: Insíonn tírdhreach na hÉireann a scéal féin. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Foclóir: Garraí – field; iothlainn – haggard; coinín – rabbit; líon – flax; logainmneacha – placenames; grinneall na mara – sea bed; cuan – harbour; dúrud – a great deal; castacht -complexity.

Garraí na gCurrachaí, Garraí an Chladaigh. Garraí na gCoiníní, Garraí Eibhlín, An Iothlainn, Garraí an Lín, Cloch a’Teampáin agus An Garraí is Faide Amach.

Sin iad na hainmneacha atá ar chuid de na garraithe agus sainchomharthaí i ngabháltas mo mhuintire i gCois Fharraige.

Is dóigh go dtabharfá “mion-logainmneacha” ar a leithéidí sin. Baineann siad le limistéir an-bheag agus is beag duine taobh amuigh de na daoine ar leo an talamh a mbeadh a fhios acu gur ann dóibh.

READ SOME MORE

Mar sin féin, tá tábhacht leo.

Cuireann na hainmneacha sin síos ar chuid éigin den stair agus nascann siad an pobal lena dtimpeallacht. Chomh maith leis sin, tugann siad tuairisc dúinn ar chuid den tíreolaíocht agus ar chuid den saol atá geall a bheith imithe.

Dheamhan currach a bhíonn le feiceáil i nGarraí na gCurrachaí ar na saolta seo agus ní cuimhin le duine ar bith beo an líon a bheith á fhás i gceantar mo mhuintire, ach cuireann ainm an gharraí úd, Garraí an Lín in iúl dúinn gur dócha go mbíodh líon á fhás ann.

Níl aon rian de chultúr an lín fágtha sa cheantar ach an oiread, ach is dóigh gur iarsma den chultúr sin an tuirne lín a bhíodh sa sean teach.

Agus céard is brí le Cloch a’Teampáin? Carraig mhór í sin ag barr an chladaigh in aice le Garraí an Chladaigh.

Gléas ceoil é tiompán (teampán) ach cén fáth go mbaistfí sin ar charraig? Níl cosúlacht chruite ná aon ghléas ceoil eile uirthi.

Ach, ag tuile is ag trá a chaitheann an fharraige an lá mar a deirtear. Nuair a théann sé ina thrá faightear radharc ar an gcaoi atá ar na carraigeacha móra ar ghrinneall na mara.

Feictear ansin mar a bheadh cuan beag ann, cuan a bhíonn faoi uisce nuair a thuileann an fharraige ach a shíneann beagnach díreach isteach i dtreo Chloch a’ Teampáin.

An bhféadfadh sé gur bhealach isteach a bhí ann fadó ag báid a mbíodh eolas na háite ag na bádóirí agus go raibh Cloch a’Teampáin ina shainchomhartha acu?

De réir fhoclóir Uí Dhónaill, tá an dara bhrí leis an bhfocal tiompán freisin - agus an bhrí sin? Ní gléas ceoil atá ann, ach cuan domhain le foscadh aige.

Cé a déarfadh nach bhfuil tábhacht ar bith le mion-logainmneacha?

Coiste logainmneacha

Agus muid ag caint ar logainmneacha, fógraíodh le deireanas go bhfuil sé i gceist coiste nua logainmneacha a cheapadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúil. Ainmneofar na baill nua an tseachtain seo agus tionólfar an chéad chruinniú den choiste ar an Déardaoin.

Bunaíodh an Coiste Logainmneacha i 1992 chun tabhairt faoin siondróm ar a tugadh ‘Tuscany Downs’ - nós atá fós beo sa tír beagchúram a dhéanamh de logainmneacha na timpeallachta.

Ba nós ag forbróirí eastát tithíochta a bhaisteadh le logainmneacha gallda in ionad ainmneacha dúchasacha na háite. Is dócha gur shíleadar go mbeadh tóir agus luach níos airde ar a gcuid tithe ach ainmneacha breátha galánta, mar a shíl siad, a chur orthu.

Bealach eile é inar cailleadh agus ina gcailltear logainmneacha móra agus beaga na hÉireann.

A fhad agus go bhfuil eastáit nua á dtógáil agus ainmneacha aduaine á gcur orthu, is léir nach bhfuil an nós tite i léig.

Is cinnte go mbeadh luach ar leith le cur chuige ina roghnófaí ainmneacha nach gcoimeádann pobail na n-eastát nua dall ar chúlra agus ar stair an cheantair.

Tá deichniúr ball, chomh maith le cathaoirleach, le ceapadh ar an gcoiste agus is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheas ina rúnaí.

Mar a tharla roimhe seo, oibreoidh an coiste ar bhonn pro bono agus mairfidh a théarma oifige go ceann trí bliana.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Is breá an rud é go bhfuil daoine oilte a bhfuil saineolas acu ar an réimse seo ar fáil dúinn le haghaidh an Choiste Logainmneacha nua atá á bhunú faoin reachtaíocht seo.

“Agus an Coiste nua ar an bhfód, beidh mo Roinn in ann dlús a chur le hullmhú na n-orduithe logainmneacha ionas go mbeidh toradh ar obair thaighde an Bhrainse Logainmneacha le feiceáil go follasach ag an bpobal.”

Brí

Mar léiriú ar íogaireacht agus ar chastacht cheist na logainmneacha bhí tuairisc ann le deireanas go bhfuil iarracht ar bun ag comhairleoir áitiúil ainm shráidbhaile i gContae Thiobraid Árann a athrú.

Tuairiscíodh go rabhthas ag iarraidh an leagan galldaithe a baisteadh ar Bhaile Uí Chleireacháin, sé sin Ballyclerihan, a athrú.

De réir na tuairisce, Clerihan a thugtar go háitiúil ar an tsráidbhaile seo. Dúirt an t-ionadaí áitiúil John Fitzgerald leis an stáisiún raidió TippFM, gur Clerihan atá ag chuile dhuine air, agus d’áitigh sé go dteastaíonn an t-athrú seo “ó mhadraí an bhaile” chomh maith le chuile dhuine eile.

Ní fios an bhfuil sé i gceist an leagan Gaeilge a athrú freisin ach san iontráil atá i mBailiúchán na Scol ar dúchas.ie, ‘Cléireacháin’ a tugadh ar an pharóiste agus ar an scoil.

De réir logainm.ie, sloinne atá i gceist le Ó Cléireacháin. Ach sa chur síos atá san iontráil i mBailiúchán na Scol, brí eile ar fad a thugtar. An múinteoir James Bates a scríobh iontráil na scoile sa bhailiúchán sna 1930idí agus dúirt seisean go dtugtar ‘clerihan’ ar fhásra tor i dtraidisiún na háite, go raibh coill suite ar an taobh ó dheas den sráidbhaile, agus gur as sin a d’eascair an t-ainm.

Níl aon dabhat faoi ach go n-éiríonn an dúrud eolais agus ceisteanna as logainmneacha áitiúla!

Is obair fhíorthábhachtach é caomhnú logainmneacha na tíre dar ndóigh agus tugann sampla scéal Bhaile Uí Chléireacháin le fios na deacrachtaí a bhaineann leis an obair sin.

Tamall de bhlianta ó shin, bhailigh an scoláire iomráiteach an Dr Fiachra Mac Gabhann, atá anois ar shlí na fírinne, logainmneacha na n-oileán, gnéithe nádúrtha agus bailte fearainn Co Mhaigh Eo. Cuireadh ar fáil iad sa saothar dar teideal Logainmneacha Mhaigh Eo. Dúradh ag an am go raibh an saothar ‘ar na leabhair Ghaeilge is tábhachtaí dár foilsíodh riamh’. Leid, b’fhéidir, ar mhéid na hoibre agus leis an tábhacht atá le hobair an Choiste Logainmneacha.

Ghlac thart ar 5,000 bunscoil páirt san obair a bhain le Bailiúchán na Scol sna 1930idí agus chuir siad beagnach leathmhilliún leathanach ar fáil atá i gcartlann an chnuasaigh in UCD ó shin.

Le himeacht aimsire agus le himeacht na nglún tá cuid mhór logainmneacha agus mion-logainmneacha á gcailleadh againn. Déantar dearmad ar chuid acu, agus nuair a dhíoltar gabháltais agus nuair a thagann úinéirí nua isteach, cailltear go deo a mbíonn fágtha díobh.

Ach cé go bhfuil go leor caillte, tá deis ann fós iad a bhuanú. Seoladh bunachar nua mion-logainmneacha in 2016 (tá fáil air anseo: meitheal.logainm.ie/ga/) ach b’fhéidir gur fiú meitheal oideachasúil eile a chur ag obair i measc daltaí bunscoile.

Tionscnamh é sin a chuirfeadh tuilleadh dlúis leis an obair thábhachtach seo!

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.