Foclóir: Mór-ráchairte – best selling; tolg - sofa; gealltanas – promise; líofacht – fluency; múnla – form; rannpháirtí – participator; bogshodar – jogging; stiúrthóir – director; i dtús cadhnaíochta – leading; díomhaoin - idle.
De réir a chéile a thógtar na caisleáin, a deir an seanfhocal. Agus, is ar an mbonn sin, sé sin dul chun cinn a dhéanamh céim ar chéim, atá cúrsa teanga deartha ag comhlacht nua Gaeilge chun cabhrú le foghlaimeoirí na Gaeilge líofacht a bhaint amach sa teanga.
Tugann an comhlacht Gaelteanga gealltanas go mbeidh daoine a leanfaidh an córas Couch to Comhrá in 6 Weeks in ann cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge taobh istigh de shé seachtaine “gan an tolg a fhágáil”.
Múnla é atá bunaithe go scaoilte ar chur chuige eile a tháinig chun cinn roinnt bheag blianta ó shin – Couch to 5k - nó C25K mar a thugtar air uaireanta. Tá sé mar sprioc aige sin go mbeadh an rannpháirtí in ann 5 ciliméadar a rith gan stad, laistigh de naoi seachtaine. Cuirtear tús leis an bplean le bogshodar réidh, ansin déantar roinnt siúlóide, roimh don rannpháirtí tabhairt faoin rith arís. De réir a chéile, tagann feabhas ar chumas an rannpháirtí.
Mark O'Connell: The mystery is not why we Irish have responded to Israel’s barbarism. It’s why others have not
Eurovision boycott, Ozempic, bike shed: Here's what Irish Times readers searched for most in 2024
Tasty vegetarian options for Christmas dinner that can be prepared ahead of time
‘One Christmas Day my brother set me on fire’: seven writers spill their most bizarre Yuletide yarns
Tá an cúrsa Gaeilge mórán mar a chéile. Tá sé ceaptha do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár éirigh leo líofacht a bhaint amach. Baintear úsáid as an gcur chuige céanna a úsáidtear le C25K ( clár oibre agus cleachtadh rialta) dóibh siúd ar mhaith leo a bheith in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge.
Is é Éamonn Ó Dónaill bunaitheoir agus stiúrthóir oideachais Ghaelteanga. Aithneofar a ainm - tá sé ar thús cadhnaíochta maidir le hábhar <QA0>
teagaisc agus foghlama a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge le fada an lá. Tá roinnt leabhar mór-ráchairte scríofa aige - Gramadach gan Stró, Now You’re Talking agus Turas Teanga ina measc.
Labhair Tuarascáil leis faoin gcúrsa nuadheartha agus d’fhiosraíomar faoi na daoine sin a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár éirigh leo líofacht a bhaint amach.
“Is dócha go bhfuil bac síceolaíochta i gceist agus go mbíonn daoine den tuairim gur teanga iontach, iontach, deacair í an Ghaeilge agus go bhfuil an ghramadach iontach casta,” a dúirt sé.
“Sílim go mbaineann sé sin leis an chur chuige lochtach a bhí, agus atá, sa chóras oideachais.”
“Cuireadh béim ar fhoghlaim de ghlan meabhair gan tuiscint cheart a fháil ar an ábhar. An bac síceolaíochta sin a spreag an córas lochtach scoile atá againn,” a dúirt sé.
“Tá tábhacht le méid áirithe gramadaí a mhúineadh do dhaoine ach tá an bhéim i ndáiríre ar an éisteacht agus an labhairt sa chúrsa seo agus ar rudaí atá úsáideach - murab ionann agus sa chóras oideachais, áit a bhfoghlaimíonn daoine go leor rudaí imeallacha - rudaí nach bhfuil baint acu leis an ábhar.
“An cur chuige atá againne ná rudaí a mhúineadh do dhaoine atá an-úsáideach, abairtí agus focail a bheidh siad ábalta a úsáid láithreach,” a dúirt sé.
“Is dóigh go bhfuil dream ann i gcónaí a bhfuil suim acu an teanga a fhoghlaim ach go bhfuil an-drogall orthu mar gheall ar an méid a tharla sa chóras oideachais.”
“Is iarracht atá in Couch to Comhrá in 6 Weeks na daoine sin a mhealladh i dtreo foghlaim na teanga arís,” a dúirt sé.
“Blaiseadh atá ann den teanga,” a dúirt Ó Dónaill.
Borradh
Tá borradh faoi fhoghlaim na Gaeilge faoi láthair dar leis: “Sílim go bhfuil sé soiléir go bhfeiceann na heagraíochtaí ar fad agus na comhlachtaí atá ag plé le foghlaim na teanga go bhfuil an-ráchairt ar chúrsaí i láthair na huaire.”
“Go háirithe cúrsaí ar líne,” a dúirt sé.
“Tá daoine nár rith sé leo cúrsa a dhéanamh roimhe seo ag cur suime i gcúrsaí anois mar gheall go bhfuil fáil anois chomh héasca sin ar chúrsaí ar líne atá ar chaighdeán maith.”
Agus na gasúir ag filleadh ar an scoil sna seachtainí beaga atá romhainn, is tráthúil gur anois atá an tionscadal nua seolta.
“Tá muid ag díriú ar na daoine sin a bhraitheann gur cheart dóibh rud éigin nua a dhéanamh san fhómhar,” a dúirt sé.
“Is maith le daoine tabhairt faoi rudaí úrnua ag an am seo den bhliain.”
Cuirtear an dúshlán i láthair “gan é a bheith scanrúil nó ródhúshlánach”.
“Is cúrsa féinteagaisc atá ann agus an plean atá leis ná go gcaithfidh daoine sé seachtaine ag plé leis,” a dúirt sé.
Faoi dheireadh na sé seachtaine, tá súil ag Ó Dónaill go mbeidh cumas maith comhrá bainte amach ag na rannpháirtithe.
“Beidh na rannpháirtithe ábalta cumarsáid a dhéanamh i gcomhthéacsanna laethúla agus díriú ar thopaicí simplí go leor ar nós cúlra, áit chónaithe, teaghlach, cúrsaí bia agus an saghas sin ruda,” a dúirt sé.
“Tuigfidh siad go leor – i bhfad níos mó ná mar a thuigeann siad faoi láthair. Beidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh faoi na topaicí sin ag leibhéal measartha ard,” a dúirt sé.
“Ní foghlaim de ghlan meabhair atá i gceist,” a dúirt sé, agus ní chuirtear béim ar “liostaí rudaí” atá “as comhthéacs”.
“Ní rudaí imeallacha atá i gceist,” a dúirt sé.
“Beidh na foghlaimeoirí ábalta gach abairt atá sa chúrsa a úsáid ina saol laethúil féin.”
Tá comhad fuaime ag dul le gach focal nó frása nua, rud a chabhróidh go mór le cúrsaí foghraíochta.
“Tá ábhar taifeadta ag dul le gach abairt agus gach focal úr sa chúrsa. Fágann sé sin go bhfuil sé i bhfad níos fusa ar dhaoine fuaimeanna na Gaeilge a fhoghlaim,” a dúirt sé.
Tá sé aonad sa chúrsa agus déanfaidh na foghlaimeoirí aonad amháin in aghaidh na seachtaine.
Ceachtanna idirghníomhacha
Tá ceachtanna idirghníomhacha ag deireadh na n-aonad chun an dul chun cinn atá déanta a mheas.
“Tá tráth na gceist ag deireadh gach aonad agus tá sé i gceist againn teastas a bhronnadh ar dhaoine nuair a chríochnóidh siad é,” a dúirt Ó Dónaill.
Beidh lucht Gaelteanga i dteagmháil leis na foghlaimeoirí go leanúnach le linn an chúrsa chun iad a spreagadh le leanúint leis an obair.
Cé gur ar líne atá an cúrsa seo, tá luach i gcónaí leis an seomra ranga, áit ar féidir scileanna éisteachta agus cumarsáide níos éifeachtaí a chothú. Tá súil ag Ó Dónaill go dtabharfar muinín do na foghlaimeoirí leanúint le foghlaim na Gaeilge nuair a chríochnaítear an cúrsa.
“Sin ceann de na rudaí atá muid ag iarraidh a spreagadh i gcás Couch to Comhrá in 6 Weeks – go leanfaidh daoine ar aghaidh ina dhiaidh sin agus go ndéanfaidh siad cúrsa eile.”
Dar ndóigh bíonn an-chuid gnéithe ag imoibriú ar a chéile sa phróiseas foghlama teanga ach tá modhanna áirithe ann chun cuidiú leis an sealbhú agus saibhriú teanga céim ar chéim.
“Mholfainn do dhaoine b’fhéidir 20 nóiméad a chur ar leataobh gach lá le roinnt staidéir a dhéanamh,” a dúirt Ó Dónaill.
“Mholfainn dóibh gan iarracht an t-uafás a dhéanamh ag an am céanna, ach píosaí beaga a fhoghlaim de réir a chéile.
“Mholfainn úsáid a bhaint as na hacmhainní ar fad atá ar líne - tá go leor acmhainní foghlama ann,” a dúirt sé.
Molann sé freisin úsáid a bhaint as na meáin: “Fiú don té nach bhfuil mórán Gaeilge aige, d’fhéadfadh sé Tuarascáil nó píosaí as Tuairisc a léamh.”
Cé gur cúrsa “an-chuimsitheach” é Couch to Comhrá in 6 Weeks, níor cheart go mbeadh sé ródhúshlánach don fhoghlaimeoir.
“Tá ábhar éisteachta ann agus tá na míniúcháin ann agus tá ceachtanna ann.”
“Sílim nach bhfuil an iomarca ann - ach tá go leor ann le daoine a choinneáil ag obair ar feadh sé seachtaine ar a laghad,” a dúirt sé.
“Ní bheidh daoine díomhaoin!”
Breis eolais: gaelteanga.com, costas: €10