Tháinig cainteoirí Breatnaise le chéile i mBethesda i dtuaisceart na Breataine Bige Dé Sathairn chun páirt a ghlacadh i slógadh ar son cearta tithíochta agus réadmhaoine, a eagraíodh faoi scáth feachtas leanúnach de chuid Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise).
Bunaíodh an feachtas “Níl an Bhreatain Bheag ar Díol” in 1987 chun bearta a éileamh le dul i ngleic leis an ghéarchéim thithíochta – géarchéim a bhí agus atá fós ag bagairt ar thodhchaí na Breatnaise mar theanga phobail. Tá an Cymdeithas ag iarraidh go gcuirfí Acht Réadmhaoine i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh ceart ag muintir na háite ar thithíocht leormhaith agus go dtabharfaí tús áite do leas an phobail agus ceisteanna tithíochta idir chamáin.
Is ar ghníomhaíochas agus úinéireacht phobail a bhí an bhéim ag an ócáid i mBethesda Dé Sathairn, a raibh “Neart inár lámha” mar fhotheideal air. Ar na moltaí atá á gcur chun cinn ag an Cymdeithas, áirítear ciste infheistíochta pobail (amhail Ciste Thír na hAlban) agus polasaithe chun tacú le pobail atá ag iarraidh foirgneamh nó tír a cheannach chun fiontar pobail a chur ar bun. Tá cúpla fiontar den chineál sin ar an tsaol cheana i gceantar Bhethesda – ina measc, Ynni Ogwen, comharchumann fuinnimh hidrileictrigh– ina gcoinnítear na buntáistí agus an brabús laistigh den phobal áitiúil.
Tar éis mórshiúl tríd an bhaile, chruinnigh na rannpháirtithe i Halla Ogwen, mar ar thug cúigear cainteoirí óráidí uathu faoi thionchar na géarchéime tithíochta agus faoi na moltaí atáthar a chur chun cinn: labhair Osian Jones thar ceann an Cymdeithas; Sian Gwenllian, Teachta Senedd le Plaid Cymru; Jaci Cullimore, gníomhaí ó Bethesda atá ar thús cadhnaíochta san fheachtas in éadan tithe saoire; Mel Davies, comhairleoir forbartha sóisialta a bhíodh i gceannas ar an fhiontar shóisialta Partneriaeth Ogwen; agus Uachtarán Aontas Scoláirí Breatnaise, Ollscoil Bangor, Huw Williams.














