Riail an stua ina húdar achrainn fós

Dá mba rud é gur leag aon imreoir eile lámh, nó méar fiú, ar an liathróid sula ndeachaigh sí thar an trasnán, ní bhronnfaí ach pointe amháin ar an gcúilín.

Comhdháil Speisialta Chumann Lúthchleas Gael a phléann leasuithe ar na rialacha peile. Grianghraf: INPHO/James Lawlor
Comhdháil Speisialta Chumann Lúthchleas Gael a phléann leasuithe ar na rialacha peile. Grianghraf: INPHO/James Lawlor

Baineann ceiliúradh agus conspóid leis an spórt. Is fíor a rá go bhfuil tionchar dearfach, den chuid is mó, tar éis a bheith ag na rialacha nua peile ar luas an chluiche agus ar struchtúr na himeartha sna cluichí idirchontae ach tá brú ar leith ar réiteoirí, ar mhaoir chúil agus ar mhaoir líne.

Tharraing riail an stua roinnt conspóide i gcluichí club níos túisce i mbliana. Bhí cinntí cinniúnacha ann agus chonacthas an tionchar a bhí ag an gcinneadh mícheart ar thoradh an chluiche nuair a bronnadh agus go deimhin, nuair nár bronnadh, cúilíní dhá phointe.

Ba léir ó na cluichí a imríodh gur bhain roinnt conspóide leis an riail a bhronn dhá phointe ar chúilín a thógtar taobh amuigh den stua 40m.
Ba léir ó na cluichí a imríodh gur bhain roinnt conspóide leis an riail a bhronn dhá phointe ar chúilín a thógtar taobh amuigh den stua 40m.

Reáchtáladh Comhdháil Speisialta Chumann Lúthchleas Gael ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Pléadh agus aontaíodh na leasuithe ar na rialacha peile a fheicfear i dTreoir Oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael ón 1 Eanáir 2026. Chonacthas tionchar na rialacha nua peile a cuireadh i bhfeidhm i rith an tsamhraidh. Ba léir gur bhain roinnt conspóide leis an riail a bhronn dhá phointe ar chúilín a thógfar taobh amuigh den stua 40m. Dá mba rud é gur leag aon imreoir eile lámh, nó méar fiú, ar an liathróid sula ndeachaigh sí thar an trasnán, ní bhronnfaí ach pointe amháin ar an gcúilín. I ndiaidh Chraobh na hÉireann i mbliana, mhol an Coiste Athbhreithnithe Peile, ina dtuarascáil dheireanach, go ndéanfaí leasú ar an riail sin. Aontaíodh go mbronnfar dhá phointe ar chúilín a thógfar taobh amuigh den stua 40m, ar choinníoll nach ndéanann aon imreoir eile, ar an bhfoireann chéanna, teagmháil leis an liathróid. Mar sin, ní éireoidh le cúl báire an fhreasúra cúilín dhá phointe a laghdú go haon chúilín amháin a thuilleadh. Rud amháin is ea é na rialacha a chur i bhfeidhm ag an leibhéal idirchontae ach rud eile is ea é iad a chur i bhfeidhm ag leibhéal na gclubanna.

I mí Lúnasa, d’imir Doire Ó gConaíle na Cláirsigh agus CLG Ghaeil na hÉirne in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais Roinn 1 na Sraithe i bhFear Manach. Bhuaigh CLG Ghaeil na hÉirne craobh an chontae in 2024 agus bhíothas ag súil go mbeadh comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann. Bhí na foirne cothrom go leor ach le cúig nóiméad déag fágtha, ba chosúil go raibh an lámh in uachtar ag Gaeil na hÉirne agus iad chun cinn 0-12 in aghaidh 0-8. Ainneoin gur éirigh le Doire Ó gConaíle na Cláirsigh cúpla cúilín taobh amuigh den stua 40m a aimsiú (arbh fhiú dhá phointe iad), bhí Gaeil na hÉirne dhá chúilín chun cinn gan ach ceithre nóiméad fágtha. Ansin, cuireadh tús leis an gconspóid, a chinn an toradh sa deireadh.

Rud amháin is ea é na rialacha a chur i bhfeidhm ag an leibhéal idirchontae ach rud eile is ea é iad a chur i bhfeidhm ag leibhéal na gclubanna.

Ní raibh ach trí nóiméad fágtha nuair a d’aimsigh Jarlath Flanagan cúilín do Dhoire Ó gConaíle. Ba é an scór a bhí ar chlár na scóranna ná Doire Ó gConaíle 0-13 Gaeil na hÉirne 0-15. Bhí an scór go maith taobh istigh den stua 40m ach bhí dul amú ar an maor a thug dhá phointe dó, rud a chuir na foirne ar comhscór. Bhí an dá fhoireann sa tóir ar an mbua agus ba iad Doire Ó gConaíle a bhí ar an ionsaí arís le seilbh na liathróide ag Stephen McGullion. Chuir sé an liathróid thar an trasnán agus bronnadh dhá phointe ar an gcúilín arís cé go raibh sé taobh istigh den stua 40m. Mar sin, Doire Ó gConaíle 0-17 Gaeil na hÉirne 0-15 an scór deiridh a bhí ann. Sheas an cinneadh.Aisteach go leor, an tseachtain seo caite, chas siad in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais an chontae arís sa chomórtas Craoibhe an uair seo. Chuir an seanadóir Seamus Ryder cic saor cinniúnach thar an trasnán do na Gaeil agus gan ach cúpla soicind fágtha sa chluiche agus chríochnaigh na foirne ar comhscór.

Bhuaigh Gaeil na hÉirne an athimirt ag an deireadh seachtaine 1-12 in aghaidh 1-9.

Bhain eachtra chonspóideach eile faoin gcúilín dhá phointe le gcluiche club i gContae Mhaigh Eo i mí Mheán Fómhair. D’imir Maolla and Cill Mheáin i gCraobh Idirmheánach an chontae. Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach, bhí na foirne ar comhscór 1-15 le 0-18. Ach ba léir go raibh amhras faoi chúilín dhá phointe a bronnadh sa chéad leath. Ba é Kevin Millin a d’aimsigh an scór do Chill Mheáin, agus léirigh píosa scannánaíochta ón gcluiche go raibh sé istigh den stua 40m nuair a tógadh an cic. Ba mhór an tionchar a bhí aige seo ar an toradh deiridh toisc gur chríochnaigh na foirne ar comhscór. Ina cheann sin, chinntigh an comhscór go rachadh Cill Mheáin ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais. D’fhág Maolla slán ag an gcomórtas áfach mar gur theastaigh an bua uathu le dul chun cinn. Rinne Maolla achomharc in aghaidh an chinnidh ach rialaíodh gur thóg an réiteoir an cinneadh ceart nuair a bronnadh dhá phointe ar an gcúilín le linn an chluiche.

Ag tús mhí Dheireadh Fómhair, d’fhág Sleacht Néill slán ag comórtas craoibhe Dhoire. Ní raibh aon rath leis an achomharc a rinne siad in aghaidh an Droichid Nua nuair a buaileadh iad 0-21 le 1-16 i gcluiche leathcheannais na craoibhe. Tharraing scór Shane McGuigan roinnt conspóide. Chreid lucht tacaíochta Shleacht Néill gur scór dhá phointe a bhí ann toisc go raibh sé taobh amuigh den stua 40m nuair a thóg sé an cic. Ainneoin agóidí tréana an tslua, níor bronnadh ach pointe amháin air.

Níl aon amhras ach go bhfuil go leor freagrachta ar na réiteoirí agus na maoir a súile a dhíriú ar an imirt. Caithfear an cinneadh ceart a dhéanamh gan aon athimirt acu le cabhrú leo agus le gleo agus tuairimí an tslua ag cur isteach orthu cuid mhaith den am chomh maith. Ní bhíonn saoi gan locht. Táthar ag súil go mbeidh réiteoirí, imreoirí agus pobal na peile ag dul i dtaithí ar na rialacha nua peile ach ní hé sin le rá nach gcloisfear faoina thuilleadh conspóidí amach anseo.