Ocht mí ó shin, thug foireann sacair ban na hÉireann aghaidh ar Bhóthar Lansdún dá gcéad chluiche faoi stiúir Carla Ward i gcoinne na Tuirce sa chéad bhabhta de Shraith na Náisiún. Ba é an chéad scrúdú a bhí ag Ward a bhí ag dul i dtaithí ar a cúram nua. Ábhar faoisimh a bhí ann don bhainisteoir nuacheaptha agus don fhoireann an oíche sin, nuair a fuair na hÉireannaigh an ceann is fearr ar na cuairteoirí a bhí sa 60ú háit sa rangú domhanda - 35 áit chun deiridh ar Éirinn.
Is cluichí cinniúnacha d’fhoireann sacair ban na hÉireann iad na cluichí cáilithe in aghaidh na Beilge. Beidh an chéad chluiche ar siúl Dé hAoine i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus an dara cluiche sa Bheilg, Dé Máirt seo chugainn. Cluichí tábhachtacha is ea iad le hardú céime luachmhar idir dhá cheann na meá. Ní hamháin le dul chun cinn a dhéanamh le bheith i Roinn A sa tsraith ach, chomh maith leis sin, mar chuid den bheartas ullmhúcháin do chluichí cáilíochta Chorn an Domhain 2027.
Tá an Bheilg sa 20ú háit sa rangú domhanda (6 áit chun cinn ar an tír seo) agus iad ag feidhmiú i Sraith A. Tá Sasana buailte acu ach chaill siad in aghaidh na Portaingéile. Bhí an lámh in uachtar ag mná na hÉireann i gcúig cinn de na sé chluiche i Sraith B a d’imir siad. Cé go raibh bua 1-0 acu in aghaidh na Slóivéine sa chluiche deireanach, níor leor é le hardú céime go Sraith A a chinntiú i Sraith na Náisiún.
De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus tuigeann Carla Ward an tábhacht a bhaineann le muinín.
Seo an seachtú huair ag an dá fhoireann casadh ar a chéile. D’imir siad in aghaidh a chéile den chéad uair riamh in 1980 agus ba chluiche dúshláin a bhí eatarthu sa Bhruiséil an uair dheireanach i mí Aibreáin 2021. De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus tuigeann Carla Ward an tábhacht a bhaineann le muinín. Ceapadh Ward ina bainisteoir ar an bhfoireann i mí Eanáir nuair a bheartaigh Cumann Peile na hÉireann gan conradh nua a thairiscint do Eileen Gleeson. Ba í Eileen Gleeson a bhí i gceannas nuair a theip ar Éirinn áit a bhaint amach ag craobhchomórtas Euro 2025, a bhí ar siúl i rith an tsamhraidh.
RM Block
Tá ceisteanna anois ann faoin gconradh a tugadh do Eileen Gleeson an chéad uair riamh. Tá gearán oifigiúil déanta aici faoin íocaíocht freisin. Maítear go raibh a cuid pá sé huaire ní ba lú ná an pá a tugadh do bhainisteoirí fear as an obair chéanna. Níl aon réiteach ar an gcás go fóill ach tá Eileen Gleeson fós fostaithe ag Cumann Peile na hÉireann ag ceanncheathrú an Chumainn i mBaile an Aba in aice le Baile Bhlainséir.
An chéad dúshlán eile a bheas ag foireann sacair ban na hÉireann ná dhá chluiche in aghaidh na Stát Aontaithe agus iad ag súil le cáiliú do Chorn an Domhain 2027. Tá conradh ag Carla Ward go dtí deireadh fheachtas an Choirn Dhomhanda. Sular ceapadh ina bainisteoir ar an bhfoireann náisiúnta í, bhí Carla Ward ina bainisteoir ar roinnt clubanna - ina measc Birmingham City, Sheffield United agus Aston Villa.Thug sí le fios ag tús na bliana go raibh sí thar a bheith sásta leis an dúshlán nua. Dúirt sí freisin gur dhiúltaigh sí tairiscint le bheith ina bainisteoir ar chlub i Sár-Shraith Shasana toisc gur mhaith léi díriú ar ról na hÉireann.

Le cúpla mí anuas, tá athruithe móra tar éis tarlú i measc imreoirí agus foirne Éireannacha. Tá roinnt imreoirí lárnacha éirithe as an bhfoireann idirnáisiúnta. Níl aon amhras ach go bhfuil a lorg fágtha ag Diane Caldwell, Julie Ann Russell, Louise Quinn agus Niamh Fahey. Tar éis 17 mbliana a chaitheamh ag imirt ar son na hÉireann, d’fhógair Niamh Fahey i mí Eanáir na bliana seo go raibh deireadh tagtha lena gcuid imeartha idirnáisiúnta. Bhí sí ar dhuine de na himreoirí ba mhó a raibh muinín acu as sa chúl, agus bhí sí ina ceannródaí in Éirinn le fada. D’imir sí 115 chluiche i ngeansaí na hÉireann. Ina theannta sin, d’fhógair sí go raibh deireadh tagtha lena gcuid imeartha le Learpholl, áit a raibh sí ina captaen ar an bhfoireann. Ach níl deireadh tagtha lena tréimhse leis an gclub mar fógraíodh le déanaí go raibh post nua faighte aici mar chomhordaitheoir teicniúil ar fhoireann na mban i Learpholl. Beidh sí páirteach i bhforbairt na n-imreoirí, sa bhfoireann margaíochta, agus sna beartais straitéiseacha a bhaineann le foireann na mban. I measc a cuid buanna eile, tugann a cumas mar iar-imreoir léargas luachmhar di ó thaobh taithí agus ceannaireachta sa ról nua seo.
Cé go bhfuil roinnt ceannródaithe tar éis imeacht, tá ceannairí nua ag teacht chun cinn agus imreoirí a bhfuil neart taithí acu fós ag imirt. Is mór an chaint atá cloiste faoi Katie McCabe atá ceannasach cumasach. Ceannródaí is ea Denise O’Sullivan. I measc na n-imreoirí óga atá ag cruthú go maith, tá Heather Payne, Leanne Kiernan agus Caitlin Hayes. Beidh an bainisteoir ag súil go neartófar an nasc idir an fhoireann atá ag dul in aois agus an chéad ghlúin eile. Tá Carla Ward agus a cuid imreoirí fós ag dul i dtaithí ar a chéile ach thabharfadh taispeántas maith spreagadh suntasach don fhoireann.