Thall is Abhus: Doireann Ní Ghlacáin le dul ar camchuairt

Fotheidil Ghaeilge ar Netflix, Kombucha Na Dálaigh agus Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Tá an ceoltóir traidisiúnta Doireann Ní Ghlacáin le dul ar camchuairt.
Tá an ceoltóir traidisiúnta Doireann Ní Ghlacáin le dul ar camchuairt.

Doireann Ní Ghlacáin le dul ar camchuairt

Beidh an ceoltóir traidisiúnta, amhránaí ar an sean-nós agus craoltóir mór le rá Doireann Ní Ghlacáin ag bualadh an bhóthair an mhí seo agus í ag tabhairt aghaidh ar chúpla áit éagsúil timpeall na tíre lena seó aonair ‘An Cailleach’. Is cinnte go raibh bliain den scoth ag Doireann lena podchraoladh ‘How to Gael’ in éineacht le Síomha Ní Ruairc agus Louise Cantillon, a raibh camchuairt rathúil acu ag tús na bliana chomh maith le seó mór bríomhar ag an Phicnic Leictreach ag deireadh an tsamhraidh.

Is é ‘An Chailleach’ an chéad seó aonair atá ag Doireann agus tabharfaidh sí an lucht féachana ar thuras lán le scéalta agus le hamhráin ina bpléifear banúlacht chomhaimseartha an lae inniu tríd an cheol traidisiúnta agus béaloideas. Tá cúpla oíche thar barr geallta!

Beidh Doireann ag tabhairt faoi Ghaillimh, Luimneach, Cloich na Coillte agus Baile Átha Cliath leis an seó seo ón 19-29 Deireadh Fómhair. Níl mórán ticéad fágtha, mar sin faigh do chinnse go luath!

Tá idir mhaith agus olc sna léirmheasanna, ar House of Guinness ach ní hamháin mar gheall air seo atá sé ag tarraingt airde.
Tá idir mhaith agus olc sna léirmheasanna, ar House of Guinness ach ní hamháin mar gheall air seo atá sé ag tarraingt airde.

Fotheidil Ghaeilge ar Netflix

Dráma teilifíse stairiúil le foireann scothaisteoirí is ea ‘House of Guinness’ a d’eisigh Netflix an mhí seo caite agus tá sé go mór i mbéal an phobail ó shin. Tá idir mhaith agus olc sna léirmheasanna, ach ní hamháin mar gheall air seo atá sé ag tarraingt airde.

D’fhógair Netflix i mí Mheán Fómhair go raibh céim mhór chun cinn á tabhairt acu agus go mbeadh fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an tsraith nua uathu den chéad uair riamh. Léiríonn an cinneadh sin fás dearfach na Gaeilge chomh maith le freagairt Netflix ar an éileamh méadaitheach ar sheirbhísí Gaeilge sa lá atá inniu ann, a bhuí le tionscal na scannán Gaeilge atá ag fás go gasta. Ghlac pobal na Gaeilge go fonnmhar leis an bheart seo fosta mar go bhfuil an Ghaeilge á cur ar comhchéim leis na teangacha móra eile agus go dtugann sé deis d’fhoghlaimeoirí leas a bhaint as an áis chun cuidiú leo cúpla focal nua a fhoghlaim.

Tá ‘House of Guinness’ ar fáil ar Netflix anois.

Is i nGort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill atá Kombucha Na Dálaigh lonnaithe
Is i nGort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill atá Kombucha Na Dálaigh lonnaithe

Maitheas putóige in achan bhuidéal

Tá borradh mór faoi kombucha ar na saolta seo agus is cinnte go bhfuil cúis mhaith leis. Deoch bhoilgeogach choipthe atá in kombucha, é déanta as tae dubh nó glas agus meascán iontach de bhaictéir agus giostaí maithe ann. Ciallaíonn sé seo go bhfuil maitheas ann do dhuine ar bith a bhfuil fadhbanna putóige aige, agus meastar gur rogha eile níos sláintiúla é in áit deochanna súilíneacha mar go mbíonn go leor blasanna difriúla ar fáil a bhíonn chomh blasta céanna agus nach mbíonn an oiread sin siúcra iontu.

Toisc gurb é tae glas príomh-chomhábhar go leor kombucha, cuireann sé na buntáistí sláinte céanna ar fáil, cosúil le tairbhí cardashoithíocha agus rialú siúcra fola. Ní hamháin go ndéanann na próibhithigh agus na frithocsaídeoirí ann maitheas don phutóg ach cuidíonn siad fosta leis an chóras imdhíonachta a neartú chun tinnis shéasúracha a chosc, rud atá iontach tábhachtach an t-am seo bliana.

Is i nGort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill atá Kombucha Na Dálaigh lonnaithe agus déanann siad kombucha blasta go háitiúil. Dar leo féin gur rogha neamh-mheisciúil den scoth é Kombucha Na Dálaigh a dhéantar gan aon bhlastán saorga ná carbónú breise. Úsáideann siad duilleoga tae, luibheanna, torthaí agus súnna orgánacha leis an deoch is blasta agus is sláintiúla a chur ar an mhargadh sa Ghaeltacht agus timpeall na tíre.

Tá Kombucha Na Dálaigh ar fáil i siopaí ar fud Dhún na nGall agus i siopaí ar leith i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Is féidir ordú ar líne ag www.nadalaigh.ie

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta
Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Is beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an bheirt seo i ndiaidh cos a leagan ann agus clú agus cáil idirnáisiúnta tarraingthe orthu féin mar cheoltóirí ar an sean-nós. Is as an Árd Mhóir i gcroílár Chonamara iad Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, deartháir agus deirfiúr atá ag dul ó neart go neart i saol an cheoil le cúpla bliain anuas. Bhain an bheirt ‘Best Emerging Artists’ ag Gradaim Ceol Tíre RTÉ in 2024 chomh maith le bheith ag canadh i gcomhcheol le chéile ar an Late Late Show, Other Voices agus Fleadh Cheoil na hÉireann. Bíonn siad ag seinm go rialta mar chuid den ghrúpa iontach Bláth na hÓige atá anois ar cheann de na grúpaí ceoil is mó agus is rathúla sa cheol traidisiúnta.

Má tá blaiseadh den cheol draíochtúil uait mholfainn go mór cluas éisteachta a thabhairt do Shéamus agus Caoimhe – tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil teorainn leis na gaiscí a bhainfidh na siblíní seo amach.