Tá an bhliain acadúil faoi lánseol agus gnáthchúrsa an lae gan staonadh anois go dtí an samhradh seo chugainn.
Bhí an fiach tithíochta ann agus é sna ceannlínte arís i mbliana. Mar mhacalla ar dhúshlán na sochaí go ginearálta, tá sé deacair i gcónaí, costasach i ngach áit agus ar an nganntanas go háirithe sna háiteacha inar mic léinn iad céatadán ard den daonra. I gcathair Luimnigh, mar shampla, is iad na mic léinn thart ar thrian de dhaonra na cathrach sa gheimhreadh, is ceathrú den daonra iad i gcathair na Gaillimhe, agus i mbaile Shligigh is beagnach leath den daonra iad. Agus mic léinn á mealladh ó chúlchríoch scaipthe, a mbíonn orthu teacht ar lóistín as baile, cuireann sé sin leis an mbrú.
Ach tá níos mó ná sin faoi chúram ag mic léinn anois. Is cuimhin liom féin an chéad léacht ollscoile seal agus an léachtóir ag maíomh le leath-mhagadh, ‘breathnaigh ar chlé agus breathnaigh ar dheis, ní bheidh duine agaibh i láthair an bhliain seo chugainn’.
B’fhearr liomsa agus le meon na linne seo an óige a mholadh.
RM Block
Cén saghas duine thú? Cad is suim leat? Cuir aithne ort féin agus bí istigh leat féin
Cuirtear béim anois ar mhic léinn a choinneáil sa chóras agus tá an-obair déanta ag ollscoileanna ina leith. Dar le tuairisc ón Údarás um Ard-Oideachas, cé go raibh ardú ar líon na mac léinn ag fágáil a gcuid staidéir le linn thréimhse Covid, go bhfuil sin tagtha ar ais chuige féin ó shin a bheag nó a mhór i gcás cúrsaí onóracha (le 9% ag fágáil na gcúrsaí sin roimh chríochnú) ach go bhfuil siad fós níos airde i gcás cúrsaí ag leibhéil níos ísle (idir 23% agus 25%). Léiríonn an tuairisc go bhfuil ceangal soiléir idir fágáil cúrsa roimh chríochnú agus stádas socheacnamaíoch na mac léinn chomh maith le leibhéil na bpointí a fhaightear san ArdTeistiméireacht.
Is tús nua é an mhí seo do scoláirí na tíre. Agus nuair a bhíonn tús nua ann, is féidir go minic dearcadh nua ar an saol a chaomhnú freisin. Go hiondúil nuair a bhíonn muid sa suíomh céanna ar feadh seal, bíonn íomhá in aigne daoine eile fúinn nach bhfuil go hiomlán fíor. Deintear tréithriú orainn nach mbíonn muid compordach leis, an masc ar scríobh Yeats faoi ina dhán The Mask. Nuair a bhíonn deis againn dul chuig áit nua, nó suíomh a athrú, bíonn deis againn an masc a fhágaint ar cúl agus filleadh níos cóngaraí chugainn féin.
Sin an deis atá ag mic léinn ollscoile anois agus fás agus foghlaim fós rompu, a bheith níos mó acu féin. Cén saghas duine thú? Cad is suim leat? Cuir aithne ort féin agus bí istigh leat féin. Ní foláir an deis sin a thapú i ré nua seo sa scolaíocht agus sa saol.
Sa ré nua seo dár saol, mholfainn i gcónaí do mhic léinn triail a bhaint as imeachtaí nua, rud éigean nár thriail tú cheana. Spórt nua, caitheamh aimsire nua, cúrsa nua, teanga nua, club nó cumann nua.
Má dheineann tú sin, is féidir dhá rud tarlú. Faigheann tú amach go bhfuil tú go maith ag rud nua agus go bhfuil cumas nua aimsithe agat, tallann nua sa saol. Agus is maith an rud é sin. Nó, níos tábhachtaí fós b’fhéidir, faigheann tú amach nach bhfuil tú cumasach ag an ngné sin den saol ach faigheann tú amach freisin go dtéann an saol ar aghaidh, go bhfuil do chairde fós agat, go bhfuil tú beo fós, ábalta agus go bhfuil tacaíocht thar timpeall ort. Sin fáil ar fhoghlaim. Agus is maith an rud é sin freisin.
Sin gné thábhachtach freisin anois do shaol na hollscoile. Má tá cúnamh de dhíth, tá infrastruchtúir tacaíochta ann. Cairde, clann, léachtóirí, riarthóirí, comhairleoirí. Ach muna n-iarrann tú cúnamh, ní bheidh a fhios ag daoine go bhfuil cúnamh de dhíth.
Mholfainn freisin go mbeadh mic léinn cineálta dá chéile. Ní fios go minic cén caidreamh - socair nó míshocair - a bhíonn sa teaghlach. Is féidir le léachtóirí nó riarthóirí cabhrú i gcúrsaí léinn ach níl siad oilte sa chomhairleoireacht. Agus tá comhairleoirí oilte faoi bhrú. Níl dóthain acu ann ceal infheistíochta Stáit agus tá liostaí feithimh dóibh ag teacht as dúshláin bhreise sa tsochaí i gcoitinne.
Tá an cairdeas, an cineáltas agus an charthanacht mar sin níos tábhachtaí fós. Cairde, mic léinn, ag breathnú amach dá chéile. Is fiú dlúth-chara amháin ná iliomad lucht aitheantais.
Ach an rud is tábhachtaí ná cúnamh a iarraidh má tá cúnamh de dhíth.
Tá rud eile faoi charthanacht agus cineáltas. Agus fostóirí ag earcú, go minic bíonn siad ag lorg iarrthóir a chreideann i rud éigean eile seachas iontu féin. Sin a sheasann amach i measc torthaí ollscoile nó caighdeán intleachtúil nó cumas cainte. Carachtar agus luachanna.
Is maith an rud é mar sin go mbíonn mic léinn ag agóid ar son domhan níos fearr sa bhaile agus i gcéin. Ní hamháin go bhfoghlaimítear faoin pholaitíocht agus faoin bhfeachtasaíocht, agus go léirítear paisean, ach feictear freisin suim i rud éigean níos mó ná muid féin, an domhan mór. Agus is maith an rud é sin, rud le moladh seachas le cáineadh.
Nuair a labhair Darwin faoi “survival of the fittest”, ní hé an choimhlint a bhí i gceist aige, mar a shíltear go minic, sa ghnó ach go háirithe, ach an oiriúint. Tá an leagan Gaeilge den choincheap (‘bua na hoiriúnachta’) níos oiriúnaí, má mhaitear dom an t-imeartas focail. Oiriúint a bhí i gceist aige seachas neart, comhar seachas naimhdeas. An té is oiriúnaí a thagann i dtír dar leis, ní an té is láidre. Agus léiríonn taighde antraipeolaíoch anois gurb é an comhar seachas an choimhlint a chabhraigh le dul chun cinn an chine daonna. Ní gá ach oiread cur leis an gcruachás a bhraitheann mórán sa saol.
Agus muid ag tabhairt faoin bhliain acadúil, tá deis teacht orainn féin, triail a bhaint as imeachtaí nua agus treisiú ar an gcineáltas a thacaíonn le foghlaim agus le turas an tsaoil.
Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe é an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.