‘Ní breac go port’, a deir an seanfhocal agus is fíor é. Is maith is eol d’iascairí brí an tseanfhocail seo mar go minic go n-éalaíonn an breac nó an t-iasc sula mbaineann sé an ‘port’ amach. Agus tá rud eile ag baint le húsáid an fhocail mar atá anseo - is é sin gur síniú céille ar bhunbhrí an focail é - rud atá nádúrtha go leor. Is iomaí úsáid a bhaintear as an fhocal ‘port’ i nGaeilge an lae inniu agus le fada agus déanfaidh an t-alt gairid seo iarracht cur síos a dhéanamh ar fhorbairt an fhocail ó ré na Sean-Ghaeilge anuas – suas le míle go leith bliain nó mar sin.

Tá an focal seo cosúil leis an fhocal Laidine portus a bhfuil an chiall chéanna leis, féadaim a rá, ach glactar leis go coitianta nach iasacht ón Laidin an focal i nGaeilge ach gur as an fhréamh chéanna don dá fhocal ag dul siar go dtí an Ind-Eorpais. Tugtar Ind-Eorpais ar an mháthairtheanga atá ag cuid mhór de theangacha na hEorpa agus teangacha eile san Áis chomh maith.
Is é an focal port a chiallaíonn áit a dtagann báid nó longa isteach ann ar foscadh nó le lasta éigin a chur i dtír atá faoi chaibidil againn. Tá port eile ann i nGaeilge a chiallaíonn ‘tune, jig’ ach ní bheimid á phlé sin inniu.
Áit oscailte é an Port sa bhunchiall a bhí leis ar féidir le duine nó bád beag nó long cuairt a thabhairt air le teacht i dtír, le foscadh a fháil nó le hábhar a stóráil. Agus chan iontas é mar sin go bhfuil bríonna éagsúla á mbaint as an fhocal le himeacht aimsire. Ag smaoineamh dúinn ar bhunús an fhocail measaim gurb é an bhrí a bhí leis – doras nó spás oscailte a bhféadfadh duine nó ainmhí úsáidí éagsúla a bhaint as.
RM Block
Ó tharla gur áit shábháilte a bhíodh i gceist go minic le <i>Port</i> – cineál de dhún daingean – thugtaí an t-ainm go minic ar mhainistreacha…
Má ghlacann muid mar shampla leis an fhocal portach atá bunaithe ar an fhocal port, is é is dócha gur bealach isteach sa talamh bhog a dtugann muid portach air inniu a bhí i gceist leis i dtús báire. B’fhusa sin a dhéanamh ná iarracht tús a chur leis an obair istigh i lár an phortaigh agus gan uirlisí cearta agat ná bealach ná slí amach as an bhoglach.
Tá focal eile againn sa teanga mar atá portán ‘a crab’ a thugann léargas eile dúinn ar bhunbhrí an fhocail – an t-áras cónaithe a bhíonn ag an ainmhí beag seo. Ní áit mhór a bhíonn i gceist ach oscailt isteach i gcarraig a bhíonn mór go leor le portáin a ligean amach agus isteach san áras cónaithe. Aice an t-ainm a thugtar ar an áras seo i nGaeilge Uladh. Is minic a gheofá trí cinn de phortáin istigh in Aice agus má fhaigheann, ní bheidh craiceann cruaidh ar bith ar an cheann is faide siar acu.
Tá focail go leor eile i nGaeilge ina bhfaightear port nó phort/fort i bhfolach iontu, mar atá aerfort, calafort, longfort agus araile. Bhíodh an litriú phort iontu sin go dtí le deireanas. Tá ciall na bhfocal sin, a dtugtar comhfhocail orthu, soiléir go leor, measaim.
Tá an focal port le fáil go fairsing in áitainmneacha na tíre seo - Port Láirge, Port an Dúnáin, Port leis féin agus Port na dTrí Námhad in aice le Leifear i dTír Chonaill a bhíodh go mór i gceist sa 16ú/17ú céad déag in aimsir chogaidh.
Ó tharla gur áit shábháilte a bhíodh i gceist go minic le Port – cineál de dhún daingean – thugtaí an t-ainm go minic ar mhainistreacha agus ar na foirgnimh a bhíodh thart orthu thiar sna meánaoiseanna. B’ionann Port ar ndóigh agus áit a mbíodh ciúnas agus suaimhneas le fail ann.
Baintear úsáid eile as Port in ainmneacha áite a chuireann in iúl go bhfuil duine ag deireadh aistir go háirithe ar bhus, ar thraein nó ar eitleán – port na traenach, aerfort Bhaile Átha Cliath – agus nuair a bhíonn ar bhád nó ar long fanacht ar foscadh i gcuan le stoirm, deirtear “tá siad le port le seachtain”.
Tiocfaidh muid ar ais anois go dtí an áit ar thosaigh muid. De bhrí gur poirt a bhíodh go minic sna háiteanna ina dtigeadh báid srl. i dtír, tógadh sórt bancanna ar na láithreacha sin nó áiteanna a mbíodh sé sábháilte teacht i dtír iontu agus le himeacht aimsire tógadh foirgintí ar na láithreacha céanna.
Mar sin, ní fhéadfaidh tú bheith cinnte den iasc go mbeidh sé ar port agat!!
FOCLÓIR: Aice = Crabhole; Banc = Bank, mound; Boglach = Soft boggy land; Comhfhocal = Compound word; Dún = Fort; Fréamh = Root; Foscadh = Shelter; Iasacht = Loan, borrowing; Ind-Eorpais = Indo-European; Lasta = Freight, cargo; Le port = Weather-bound; Síniú céille = Extension of meaning