Orlach. Orlach amháin a shílfeá a sheas idir Bubbles agus Corn Liam Mhic Cárthaigh.
B’fhéidir gurbh é sin an bealach ab fhearr le deireadh a chur leis an imirt. Poc saor a bronnadh go bog a bhí ann, áit ar chinn an réiteoir Barry Kelly go raibh calaois déanta ag Brian Hogan.
Cé go raibh bronnadh an phoic bog, ní raibh an dúshlán os comhair John O’Dwyer. Turas 97 slat a bhí le déanamh ag an sliotar agus bhí uirthi dul idir na cuaillí.
Cosúil leis an am seo anuraidh, chuir an cúpla soicind deireanach i gcluiche ceannais iomána na hÉireann drochbhail ar an lucht féachana.
Domhnall O’Donovan, agus an sliotar ina láimh, ar tí ceann de na cúilíní ba thábhachtaí riamh a aimsiú don Chlár.
Bhí chuile dhuine a bhí ag tacú le fir an Chláir ar scanradh, mar bhí a fhios acu nach raibh aon cháil scórála ar O’Donovan.
B’shin é an chéad uair ag O’Donovan scór a aimsiú i gcluiche craoibhe.
I ndiaidh an chluiche dúirt sé gur tugadh íde béil corruair dó as ucht a bheith ag triail scóranna agus ní raibh ag éirí leis.
Ach is é a chuir na foirne ar comhscór agus bhí athimirt ag teastáil ar an gcluiche ceannais.
Is aisteach an mothú é nuair a chríochnaíonn cluiche ceannais ar comhscór.
Níl ceachtar den dá thaobh sásta leis, ach nach fearr é ná a bheith buailte?
Is cuimhin liom 2012 nuair a bhí muid ar fad ag imeacht as Páirc an Chrócaigh, Gaillimh tarraingnithe ar ais ón aill ag Joe Canning. Is muid a bhí buíoch as athimirt in aghaidh Chill Chainnigh an lá sin.
Seo é an tríú cluiche ceannais i ndiaidh a chéile ina ndéanfar athimirt. 1959 go deireadh a tharla sé.
Port Láirge agus, aisteach go leor, Cill Chainnigh a bhí ann. Na Déise a ghnóthaigh an lá sin, agus níl sé buachta ag Port Láirge ó shin.
4-50 an méid scóranna a aimsíodh Dé Domhnaigh, agus níor cuireadh ach naoi n-iarracht amú.
Roimhe seo, níor fritheadh an méid sin scóranna riamh i gcluiche ceannais iomána.
Coimhlint
Anonn is anall, coimhlint aisteach, dlús imeartha, fiú Hawk-Eye, bhí sé ar fad ann.
Bhí leid againn ag tús na bliana seo go dtarlódh a leithéid dá gcasfadh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh ar a chéile i gcluiche craoibhe.
Sa chluiche ceannais sraithe, thóg sé am breise leis an chluiche a shocrú. Cill Chainnigh a ghnóthaigh an lá sin.
Táthar ann a déarfadh gur comhartha é seo go bhfuil ceannasaíocht Chill Chainnigh san iománaíocht ag maolú. Theastaigh athimirt idir iad agus Gaillimh i gcraobhchomórtas Chúige Laighean i mbliana.
Agus beag nár rabhadar i ngreim ag Luimneach sa bháisteach mhór i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin.
Ach ní aontóinn leis sin. Léiríonn sé láidreacht Chill Chainnigh. Ní chailleann siad an cloigeann; cuireann siad ag obair é.
Dé Domhnaigh, bhí Eamon O’Shea in ann ag cleasanna na gCat. Tá obair aisteach déanta aige ar mheon agus láidreacht aigne a fhoirne.
Rud mór a bhí ann nuair a d’fhill Eamon O’Shea ar Thiobraid Árann. Tar éis imeacht Sheedy, thit an lug ar an lag orthu.
B’fhéidir gur thóg sé cúpla bliain air, ach den chéad uair ó 2010, bhí Tiobraid Árann ag dul isteach i gcluiche craoibhe i gcoinne Chill Chainnigh agus roinnt gaoithe ina gcuid seolta.
Imreoirí óga tugtha ar ais ar a seanléim arís aige – Pádraic Maher ach go háirithe – atá ag fanacht leis an lá breá ón lá sin a d’éirigh leo ceithre bliana ó shin.
Tá go leor deiseanna curtha amú acu, ach ní fhéadfaí é sin a chur ina leith an uair seo. Chonaic muid sa chluiche cáilithe i gcoinne na Gaillimhe níos túisce an samhradh seo go raibh teacht aniar i dTiobraid Árann.
Bhí Gaillimh sé chúilín chun cinn agus 50 nóiméad imithe. Faoin am a bhí an cluiche thart, bhí farasbarr naoi gcúilín ag na Tiobradaigh. Tá a fhios acusan anois chomh maith conas an cloigeann a choinneáil.
Botún a scarfaidh na foirne seo. Is féidir brath ar Chill Chainnigh sárchluiche a bheith acu i gcónaí, ach má imríonn Tiobraid Árann go maith agus go cliste, ní féidir iad a bhualadh. Beag iontas mar sin gur athimirt a bheidh ann.