* Is alt é seo ón nuachtán seachtainiúil úrnua Gaeilge ‘Scéal’. Foilseofar ‘Scéal’ gach Máirt le The Irish Times agus an Irish Examiner.
Is cuid bheo d’oidhreacht na hÉireann iad na pobail Ghaeltachta atá fós láidir ach tá siad faoi bhagairt ag neamhshuim na n-eagras stáit agus ag an fhadhb thithíochta sa Ghaeltacht, fadhb atá ag brú cainteoirí dúchais amach agus ag cruthú géarchéim theangeolaíochta in go leor ceantair Ghaeltachta.
Sin an léamh atá ag an ghníomhaí Donncha Ó hÉallaithe atá ina chónaí i gConamara le fada.
Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge fréamhaithe sa Ghaeltacht i mbealach nach bhfuil áit ar bith eile sa tír: “Is teanga orgánach í ag na pobail agus is í an Ghaeilge a dhaingníonn na pobail Ghaeilge. Dá gcaillfí an Ghaeilge sna pobail ina bhfuil sí fós á húsáid mar theanga choitianta, ní hamháin go mbeidh na pobail Ghaeltachta níos boichte ach bheadh an tír ar fad níos boichte mar gheall air.”
Garda upgrades case of missing farmer Mike Gaine to homicide inquiry
Gerry Adams defamation case: BBC accused of ‘reckless journalism’ over spy killing claim
Kneecap Cornwall gig cancelled, as British government warns Glastonbury organisers to ‘think carefully’ about proceeding with band
Leaving Cert student who died after car entered river was a wonderful child, father tells funeral
Le cúpla bliain anuas tá coistí agus brúghrúpaí, ar nós BÁNÚ agus TINTEÁN, curtha ar bun de bharr na bhfadhbanna atá ag cainteoirí Gaeilge áit chónaithe a aimsiú sna Gaeltachtaí agus muna ndéantar an fhadhb a réiteach go luath d’fhéadfadh sé go ndéanfaí damáiste ollmhór don teanga sna ceantair seo, a dúirt Ó hÉallaithe.
“Tá géarchéim theanga sna Gaeltachtaí is láidre agus tá sé sin feicthe agamsa ó bheith ag breathnú ar an daonáireamh. San áit is mó a bhfuil titim i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ná sna ceantracha Gaeltachta is láidre - sin iarthuaisceart Dhún na nGall, Conamara, Oileán Áránn. Má leanann an laghdú sin ar aghaidh ní bheidh aon cheantar fágtha a bhféadfaí a rá faoi go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail ann.
“Tá muid gar go maith don phointe sin - is géarchéim theanga é sin ach cuid den fháth a bhfuil an ghéarchéim sin ann ná na daoine a bhfuil Gaeilge acu agus a bheadh ag iarraidh socrú sna ceantracha ina bhfuil Gaeilge á húsáid - tá sé thar bheith deacair acu áit chónaithe a aimsiú,” a dúirt an gníomhaí teanga.

Tá Adhna Ní Bhraonáin, as Cois Fharraige i gConamara, ar dhuine de na daoine nach bhfuil ábalta áit chónaithe a aimsiú ina baile dúchais féin.
I ndiaidh tréimhse a chaitheamh ag obair thar lear d’fhill sí ar Chonamara agus rún aici cur fúithi sa cheantar. D’ainneoin a cuid iarrachtaí, chonacthas di go raibh sé dodhéanta teach a fháil ar cíos nó teach a cheannach i nGaeltacht Chonamara.
Dúirt sí: “Níor chreid mé na deacrachtaí a bhí romham nuair a thosaigh mé ag lorg tí. Dúradh liom nár cháiligh mé do scéim na gceannaitheoirí tí céaduaire mar nach raibh mé tar éis na ceithre bliana deireanacha a chaitheamh ag obair sa tír.”
Tá cuid mhór daoine óga ag obair thar lear agus dar léi go mbeidh na deacrachtaí céanna acu siúd leis an scéim nuair a thiocfaidh siad abhaile.
Nuair a thriail sí teach a fháil ar cíos sa cheantar thug sí faoi deara go raibh go leor tithe le fáil ar cíos go gearrthéarmach ach nach raibh teach ar bith ar fáil go fadthéarmach.
“Thosaigh imní ag teacht orm faoi thodhchaí na Gaeltachta mar go bhfuil formhór mo chuid cairde ón scoil, ó fhoirne spórt agus araile thar lear faoi láthair agus beidh an-deacracht acu filleadh ar an gceantar seo.
“Teastaíonn uainn na daoine óga Gaelacha seo a choinneáil sa nGaeltacht le gur féidir leo a gclann a thógáil le Gaeilge.”
Tógadh Adhna i dteaghlach Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta - d’fhreastail sí ar scoil Ghaeltachta, d’fhoghlaim sí an sean-nós, d’imir sí lena club áitiúil. Dar léi go bhfuil sé riachtanach go mbeadh an deis chéanna ag a clann féin.
“Bhrisfeadh sé do chroí i ndáiríre,” ar sí.
Bhog Adhna go Tiobraid Árann i ndeireadh na dála ach d’fhág sí a lorg ar an cheantar féin sular imigh sí. D’eagraigh sí cruinniú poiblí a d’fhreastail thar cheithre scór duine air agus as sin a d’eascair an brúghrúpa BÁNÚ.
“Ba mhór an t-údar díomá dá gcailleadh muid an teanga álainn mhilis shaibhir seo a bronnadh orainn ó ghlúin go glúin, de bharr easpa cosanta ón Rialtas agus gan na polasaithe córa a bheith i bhfeidhm. Tá an Ghaeilge beo le hos cionn míle bliain sa Ghaeltacht, agus tá súil agam go mairfidh sí míle bliain eile.”
Is mar sin atá an scéal chomh maith ag múinteoir de bhunadh cheantar Mhaínse i gConamara. Rinne Máire Eibhlín Ní Chlochartaigh iarracht teach a thógáil i bpáirc taobh le teach a tuismitheoirí ach de bharr deacrachtaí pleanála cuireadh deireadh lena haisling.
“Bhí feachtas ar bun cúpla bliain ó shin ag Scoil Cholmáin agus bhí siad ag déanamh iarracht an scoil a choinneáil oscailte. Sin a spreag mé ar dtús,” a dúirt sí.
Nuair a d’iarr sí píosa talaimh ar a tuismitheoirí bhí siad sásta é a thabhairt di.
“Bhí mé ag iarraidh bogadh abhaile agus a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt gach aon lá le mo mhuintir féin. Bhí mé ag iarraidh, le cúnamh Dé, cur leis an scoil áitiúil ina bhfuil líon na ndaltaí titim. Bím ag glacadh páirt in go leor rudaí sa bhaile. Thosaigh mé ag snámh Lá Nollag, i Maínis, le haghaidh Cancer Care West - déanaim neart rudaí ar aon nós ach tá a fhios agam dá mbeinn sa mbaile go mbeinn in ann i bhfad níos mó a dhéanamh don phobal ach mothaím féin gur tógadh an deis sin uaim,” a dúirt sí.
Tapaíonn Máire Eibhlín gach deis a fhaigheann sí agus fios aici go bhfuil a tuismitheoirí ag dul in aois.
“Nuair a bhím sa mbaile déanaim iarracht an chuid is mo de mo chuid ama a chaitheamh le mo thuismitheoirí. Fiú nuair a bhím ann mothaím sórt ciontach imeacht nuair atá cairde ag iarraidh bualadh suas mar go dtagaim abhaile le ham a chaitheamh le mam agus daid agus tá luach leis an am sin,” ar sí.
Tá Máire Eibhlín ina rúnaí ar an ghrúpa Cosaint Cósta Conamara atá tar éis aighneacht a dhéanamh in aghaidh iarratas pleanála d’fheirm ghaoithe eischósta amach ag Carraigeacha Sceirde.
“Tá sé ag cur olc orm mar gur diúltaíodh cead pleanála dhomsa mar gheall gur dúradh nach raibh sé feiliúnach don timpeallacht chósta seo ach ceapann siad go bhfuil 30 tuirbín ar airde Thúr Eiffel feiliúnach dó.
“Tuigim go maith go gcaithfidh muid fuinneamh athnuaite a bheith againn. Tuigim é sin go maith ach ní thuigim cén fáth a bhfuil siad ag roghnú a bheith chomh gar sin do Mhaínis ,” a dúirt sí.
Bhí Máire Eibhlín sásta gnáth-theach a thógáil taobh lena tuismitheoirí ach níor éirigh léi ach dul chomh fada le cead pleanála imlíneach dá teach, agus €5,000 caite aici air, nuair ab éigean dí droim lámha a thabhairt dá haisling.
“Ceapaim féin nach bhfuil siad ag iarraidh daoine a bheith ina gcónaí in áiteanna iargúlta sa Ghaeltacht mar nach bhfuil an Rialtas ag iarraidh airgead a chaitheamh ar áiseanna. Tá dearmad glan déanta orainn,” a dúirt sí.
Tá aithne ag Máire Eibhlín ar go leor daoine ar chuir a scéalsa siar iad ó chead pleanála a lorg sa cheantar.
“Níl aon rogha againn ach teach a thógáil i gConamara mar má tá teach ar díol bíonn sé sciobtha ar an bpointe ag dream as áit éigin eile a bhfuil neart airgid acu. Úsáidfidh siad é coicís sa mbliain, ar an méid, uaireanta agus mo leithéidse a bheadh sásta cur fúm agus cur leis an teanga sa cheantar, cur leis an gceantar féin agus airgead a chaitheamh ann, níl deis tugtha dúinn,” ar sí.
Tá lagmhisneach ar Mháire Eibhlín faoin méid atá ag tarlú.
“Is briseadh croí atá ann. Tá rud éigin speisialta faoi Mhaínis. Tá na daoine ann álainn agus nuair a théann tú ar siúlóid tá tú cinnte go bhfeicfidh tú duine éigin agus tá tú in ann stopadh agus Gaeilge a labhairt leo - is álainn an rud é seo.
“Tá sé chomh deas a bheith cóngarach do do mhuintir féin agus na comharsanaí ar fhás tú aníos leo. Dá ndéarfá liomsa agus mé sa meánscoil ‘ní bheidh tú i dó chónaí i Maínis,’ ní chreidfinn féin thú agus ní chreidfeadh mo chairde thú mar gheall go raibh a fhios acu an méid grá a bhí agam don cheantar.
“Tá mé croíbhriste ach bhí an t-ádh liom gur tháinig an teach seo aníos in Inis, Contae an Chláir. Ach fiú muna dtiocfadh, tá mé ag ceapadh go mbeadh sé níos fusa cead pleanála a fháil in Inis ná i Maínis.”
Is in Indreabhán, i gConamara, a rugadh agus a tógadh Caitríona Ní Chualáin.
“Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de mo shaol agus mé ag éirí aníos. D’fhreastail mé ar bhunscoil Ghaeltachta agus meánscoil Ghaeltachta. Bhí mo sheantuismitheoirí ar an mbaile céanna liom agus bhí cúnamh agus tacaíocht ar fáil i gcónaí agus mé ag éirí aníos agus bhí an Ghaeilge le cloisteáil i gcónaí.”
“Chuir mé isteach air (cead pleanála) faoi dhó agus níor éirigh liom,” a dúirt sí.
“Chuireadh an próiseas ar fad lagmhisneach ort - ní bheadh a fhios agat cén rud is fearr le déanamh - coinneáil leis nó rud éigin eile a thriail,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur mhaith léi a clann a thógáil sa Ghaeltacht: “[Is] as Inis Mór mo leathbhádóir Darach agus is beag go bhfuair muid an tógáil céanna agus muid ag éirí aníos. Nuair a bheidh gasúr againn féin amach anseo, ba mhaith linn na deiseanna céanna a thabhairt dóibh mar a tugadh dúinne mar shampla freastal ar bhunscoil Ghaeltachta agus meánscoil Ghaeltachta agus pobal Gaelach a bheith thart timpeall orthu.
Is iad na haidhmeanna atá ag an bhrúghrúpa TINTEÁN ná go dtabharfar an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú, rud a chuirfeadh ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Chomh maith leis sin is mian leo go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a reáchtáil arís chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht.
Táthar ag éileamh freisin go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Teastaíonn ón bhfeachtas freisin go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta le spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú, agus soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.