Madama Butterfly: fabhalscéal don ré seo?

Tá ceoldráma clúiteach Giacomo Puccini bunaithe ar shaothar David Belasco ‘Madame Butterfly: A Tragedy of Japan’.

Deirdre Masterson agus Janyce Condon i léiriúchán de Madama Butterfly i mBaile Átha Cliath in 2022.  Grianghraf: Alan Betson/The Irish Times.
Deirdre Masterson agus Janyce Condon i léiriúchán de Madama Butterfly i mBaile Átha Cliath in 2022. Grianghraf: Alan Betson/The Irish Times.

Foclóir: Fabhalscéal - fable; ceoldráma - opera; Curfá Crónáin - Humming Chorus; oifigeach cabhlaigh - naval officer; bean choimhdeachta - Lady-in-waiting (maid); scriosta - devastated; púicín - blindfold; smachtú comhéigneach - coercive control; fuath ban - misogyny; nach mbeidh gar ná gaobhar - no one will come close to; thar insint scéil - beyond description.

Trí ghníomh atá i gceoldráma clúiteach Giacomo Puccini agus é bunaithe ar dhráma aon-ghníomh David Belasco ‘Madame Butterfly: A Tragedy of Japan’.

Ní raibh ach dhá ghníomh sa chéad leagan a chum Puccini. Léiríodh sin den chéad uair in La Scala, Milan, i mí Feabhra 1904. Ach níor éirigh go maith leis an léiriú agus d’athscríobh sé an ceoldráma ag cur gníomh breise leis.

Sa leagan nua chuir sé an ‘Curfá Crónáin’- atá go hálainn - idir an dara agus an tríú gníomh agus rinne an méid seo deimhin de go raibh an-rath go deo ar an gceoldráma nuair a léiríodh sa Teatro Grande in Brescia é i mBealtaine 1904.

READ SOME MORE

Baineann an scéal le hoifigeach cabhlaigh, Leifteanant Pinkerton, a phósann cailín Géisha cúig bliana déag d’aois, Cio-Cio-San (Madama Butterfly), i bport Nagasaki na Seapáine. Ní bhíonn sé riamh ar intinn aige í a phósadh i ndáiríre, mar go bhfuil i gceist aige filleadh abhaile go Meiriceá agus bean Mheiriceánach a roghnú.

Faraor, tá Cio-Cio-San i ngrá leis agus creideann sise go bhfanfaidh sé léi. Ar an ábhar seo iompaíonn sí ina Críostaí, rud a tharraingíonn drochmheas a huncail (atá ina bhonze nó sagart Búdaíoch) uirthi, ní áirím drochmheas a muintire. Díreach tar éis dóibh pósadh, filleann Pinkerton ar Mheiriceá.

Trí bliana ina dhiaidh sin tá Cio-Cio-San fós ag feitheamh le Pinkerton cé go ndeir a bean choimhdeachta Suzuki go mion minic nach bhfuil ar intinn aige filleadh. Fiú nuair a dhéantar cleamhnas nua do Cio-Cio-San, ní ghéilleann sí mar go gcreideann sí fós go bhfuil Pinkerton i ngrá léi agus go bhfillfidh sé.

Ansin bíonn scéal ag an gconsal Meiriceánach go bhfuil Pinkerton ag filleadh ar Nagasaki. Insíonn sé an méid seo do Cio-Cio-San. Ach ní bhíonn de mhisneach aige a insint di freisin go bhfuil Pinkerton pósta agus go bhfuil a bhean chéile Mheiriceánach Kate, ina theannta. Tá sé seo níos deacra fós mar go bhfuil Cio-Cio-San chomh tógtha sin lena fhilleadh, agus de bharr go bhfuil mac óg aici a rugadh tar éis do Phinkerton imeacht trí bliana roimhe sin.

Iarrann sí ar an gconsal an méid seo a chur in iúl do Phinkerton. Agus í ag féachaint anuas ón gcnoc, feiceann Cio-Cio-San long Phinkerton ag teacht chun cuain. Ullmhaíonn sí féin agus Suzuki dó agus titeann an páiste ina chodladh. Fanann sí féin ina dúiseacht an oíche go léir ag tnúth lena theacht.

An mhaidin dár gcionn, fad a chodlaíonn Cio-Cio-San, tagann Pinkerton ar an láthair lena bhean chéile nua, Kate. Tá sise sásta an páiste a thógáil. Ní féidir le Pinkerton aghaidh a thabhairt ar Cio-Cio-San agus ligeann sé don chonsal an scéal a insint di. Cé go bhfuil sí scriosta, tá sí sásta an páiste a thabhairt suas má bhíonn Pinkerton sásta bualadh léi. Ansin éiríonn sí go ciúin, cuireann sí púicín ar a mac óg agus sánn sí í féin.

Tagann Pinkerton isteach de ruathar ansin ach tá sé ródhéanach chun í a shábháil. Ní féidir a shéanadh gurbh í an t-amhránaí Maria Callas ab fhearr a chruthaigh páirt Cio-Cio-San i gceoldráma Phuccini agus go raibh a leagan den amhrán Un Bel Di thar insint scéil.

San aria álainn seo feicimid an bhean óg ag feitheamh le Pinkerton, í ag súil le Dia go dtiocfadh sé chuici aníos an cnoc.

Tá an crescendo de dhóchas gan fíorú an-chorraitheach go deo, bíodh is go raibh saol chomh tragóideach is a bhí ag Callas féin.

Nuair a chuir Puccini peann le pár chun Madama Butterfly a scríobh, ba mhinic go raibh steiréitíopaí ciníocha in úsáid. Bhí ról lárnach acu i gcothabháil an choilíneachais. Cé nár éalaigh Madama Butterfly ón nós sin sa léiriú a tugadh ar chultúr na Seapáine, d’fhéadfaí a rá go bhfuil féith frith-impiriúlach sa saothar.

Léirítear, trí iompar Phinkerton, an chaoi a chaití le pobail allúracha ag an am. Ar na saolta seo, chuirfí an dlí ar Phinkerton as mí-úsáid leanaí.

Tá an drochíde a thugann sé do Cio-Cio-San níos tráthúla ná riamh nuair a fheicimid an drochúsáid uafásach a thugtar do mhná. Bhainfeadh dínit Gisèle Pelicot na deora as an duine is crua agus í ag imeacht ó Theach na Cúirte, tar éis do lucht a héignithe a bheith daortha chun téarmaí príosúin.

Tá mná thíos leis gach uile lá. Tá na tuairiscí drochúsáide ró-líonmhar ar fad agus is cosúil go bhfuil fuath do mhná ag dul i méid in aghaidh an lae. Tuairiscítear go minic gur sáthadh agus gur maraíodh bean eile, agus sna cúirteanna, tugtar fianaise faoi smachtú comhéigneach. Sin gan trácht ar ghréasáin de thionchairí idirlín conspóideacha ar nós Andrew Tate.

Cuimhnímid freisin ar dhaoine mar Aisling Murphy agus Natasha O’Brien: ‘Dhá bhuille chun í a leagan, dhá bhuille eile chun í a chur gan aithne gan urlabhra’; gan trácht ar go leor eile. Tá sé ríthábhachtach go labhródh fir mhaithe amach, fir a bhfuil meas acu ar mhná agus atá sásta aghaidh a thabhairt ar ‘fhireannacht nimhneach’ agus ar an tráma a chruthaítear dá bharr.

Maidir le Maria Callas, ghlac Angelina Jolie páirt an amhránaí le déanaí sa scannán dar teideal ‘Maria’ atá bunaithe ar an tseachtain dheireanach i saol Challas sa bhliain 1977. Ní nach ionadh, déantar dubáil ar amhránaíocht Challas ach is léir nach mbeidh gar ná gaobhar ag duine ar bith riamh ar Mharia mar amhránaí. Nuair a chan sí Casta Diva le Bellini in Opera Pháras sa bhliain 1958 bhí na deora léi fad a sheas an lucht féachana á moladh.

A bhuí leis an teicneolaíocht agus leis an Idirlíon, is féidir linn Un Bel Di agus An Curfá Crónáin a chloisteáil ina steillbheatha nuair a fhanann Cio-Cio-San ina dúiseacht an oíche go léir ag feitheamh go soineanta le filleadh Phinkerton.