Bronnadh slabhra Uachtarán an Oireachtais ar an t-iarr Aire rialtais Éamon Ó Cuív ag searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.
Tá Oireachtas na Samhna ar an fhéile ealaíne náisiúnta Gaeilge is sine sa tír agus beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste.
Dúirt Ó Cuív gur “cuid lárnach de shaol na Gaeilge” é an tOireachtas atá ag dul “ó neart go neart”.
Dúirt sé gur chuir sé “gliondar agus lúcháir” ar a chroí go bhfuil an tOireachtas le reáchtáil i mBéal Feirste i mbliana agus thréaslaigh sé le pobal Gaelach na cathrach sin tar éis “an éacht atá déanta acu le leathchéad bliain” chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobal labhartha a chruthú ann “go minic i gcúinsí thar a bheith deacair”.
Civil Service remote working: how often do you work in the office? Have you been asked to come in more frequently?
From KPMG to Bank of Ireland, where do major employers currently stand on working from home?
Order for man to pay lifelong €10,000 monthly maintenance to ex-wife overturned
Civil servants to keep existing remote working arrangements pending talks process with unions
Mar mholadh ar an obair atá déanta ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a bunaíodh i mBéal Feirste sa bhliain 1991, dúirt Uachtarán nua an tOireachtas gur cheart d’aon duine atá ag iarraidh “eiseamláir” den mhúnla sin cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste agus ar Bhóthar na bhFál.
Rinne sé comhbhrón le bean chéile agus le clann Ghearóid Uí Chairealláin, a d’éag roimh Nollaig agus d’inis sé scéal faoi chuairt a thug an Caireallánach ar Chorr na Móna ar a rothar sna hochtóidí agus é ag bailiú airgid don nuachtán Lá.
Luaigh Ó Cuív an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine a bhunaigh Naíscoil na Seolta agus Scoil na Seolta an chéad naíscoil agus an chéad ghaelscoil imeasctha in Oirthear Bhéal Feirste.
Dúirt sé “nach mbaineann an Ghaeilge le haicme ar bith, le creideamh ar bith ach go mbaineann sí le chuile dhuine ar an oileán agus chuile dhuine a bhfuil spéis acu inti.”
“Is iontach go deo an obair atá déanta in Oirthear Bhéal Feirste aici,” a dúirt sé.
Ag breathnú ar aghaidh, dúirt sé go bhfuil sé “ag tnúth le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann an oireachtais ag ócáidí éagsúla i rith na bliana agus go mór mór le freastal ar imeachtaí an Oireachtais i mBéal Feirste i mí na Samhna.”
Tá seachtar ball foirne earcaithe ag an Oireachtas i mbliana chun clár forbartha náisiúnta i dtaca le taibhealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fheidhmiú.
I measc na bpost nua a fógraíodh tá comhordaitheoir náisiúnta agus oifigigh taibhealaíon i ngach Cúige, chomh maith le hoifigeach a bhfuil freagracht aici do cheantar Bhaile Átha Cliath.
Dúirt Ceannasaí at An tOireachtas Máirín Nic Dhonnchadha le Tuarascáil go gcabhróidh na hearcaigh nua leis an eagras “dul chun cinn i bhfad níos straitéisí agus níos struchtúrtha a dhéanamh ar bhonn náisiúnta le tionchar an Oireachtais a imirt ar na taibhealaíona teangabhunaithe.”
Reáchtálfar féile na bliana seo i mBéal Feirste, ó 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis