Mná, ríthe agus dreoilíní

Tá athnuachan dulta chomh maith céanna ar Lá an Dreoilín

Close up of a wren perched on a frosted fern in winter.
Close up of a wren perched on a frosted fern in winter.

Tá an Nollaig thart inniu. Slán le bolg is slán le baoithe. Bainfear an crann Nollag bréige anuas le cur in airde sa lochta agus déanfar iarracht nach mbeidh na soilse úd ina spaigití casta doscaoilte go dtí an chéad uair eile. Níl ach trí chéad dá fhichead éigin lá siopadóireachta fágtha don Nollaig seo chugainn, mar sin, bíodh foighne agat.

Lá na mbronntanas inniu é dá lán i ndeisceart leithinis na hEorpa nuair a chuimhnítear ar na saoithe/draoithe/ríthe anoir nach mbeadh aon fháilte rompu inniu, go háirithe dá dtiocfaidís ar chamaill.

Tá beochan ar Nollaig na mBan, áfach, ach ní féidir athbheochan a ghairm uirthi mar is ar éigean go raibh sí beo riamh sa cheart. Pé rud aisteach eile atá i mbeathaisnéisí uile na Gaeilge san oileán agus in oileáin an oileáin ní cuimhin liom aon fhear ag róstadh na gé nó an ghabhair agus ag gabháil d’obair an tí cothrom an lae seo.

Tá, in ainneoin na bhfinscéalta, an lá seo ar cheann de na laethanta atá ar leith Gaelach nó Éireannach de chuid na tréimhse móire rófhada. Fara grianstad an gheimhridh agus Lá an Dreoilín is beag rud a leithríonn an Nollaig abhus ó Nollaigí an domhain bhig amuigh ansin seachas an teideal agus an bhréag a bhaineann leis an lá inniu.

READ SOME MORE

Tá athnuachan dulta chomh maith céanna ar Lá an Dreoilín, ach ní mharaítear an t-éan bocht níos mó ar eagla an Pháirtí Ghlais agus Birdwatch Ireland. Is fíor go bhfuil a leithéid ar Oileán Mhanainn, a bhfuil Shelg yn Dreean acu air, ach ar chuma éigin braithim go bhfuil éileamh faoi leith againne air.

De réir leagain amháin den bhéaloideas nó den Bhéarlore ar aon nós, is amhlaidh gurbh é an dreoilín bocht a sceith ar Stiofán naofa bocht ionas go dtángathas air is gur gabhadh de chlocha ann. Chuige sin go dtéití amach i moiche na maidne chun breithe ar dhreoilín sna sceacha d’fhonn a mharú. Nós coitianta ba ea sin, go háirithe i gCiarraí toisc taithí a bheith acu ar fhoirne peile ó chontaetha eile a scrios (de réir an tseanchais), ach níorbh é gach duine a thaobhaigh leis.

Bhailíos féin an scéal seo ó sheanchailligh a bhí ina cónaí ar mhaoilinn sléibhe i mBéarra tamall de bhlianta ó shin, bíodh nach bhfuil anseo agam ach an chreatlach: ‘Is amhlaidh go dtéidís amach, na buachaillí, tá’s agat, ar maidin le breacadh an lae d’fhonn an dreoilín a dhúiseacht sa tom agus cur as dó.

Agus an lá le Stiofáin áirithe seo do thánadar air, an dreoilín bocht, agus é ar crith leis an eagla sa sceach. Do chromadar ar bhreith air is é a bhascadh go dtí gur airíodar an t-éan bocht ag caint leo i nguth íseal faiteach.

“Cad fáth go bhfuileabhair ag iarraidh mise a mharú?” do dh’fhiafraigh an dreoilín bocht.

“Mar gur tú agus sibh fé ndear bás Stiofáin naofa.”

“Ach ní mise ná sinne a mharaigh Stiofán naofa” arsa an dreoilín. “Is amhlaidh gur dreoilín áirithe amháin a dhein é. Fadó riamh. Níl mise ciontach sna gníomhartha gránna a dhein nó a dhéanann dreoilín eile. Má dhéanann Ciarraíoch coir an é go bhfuil gach Ciarraíoch eile ciontach ann? An é nach raibh sibh riamh ar scoil? Nó an bhfuil sibh chomh tiubh leis an dreach sin atá oraibh? Cad is fiú oideachas in aon chor? Dreoilín amháin a chiontú de dheasca aon drochdhreoilín amháin de na dreoilíní go léir! Dob fhearr liom a bheith im dhreoilín ná im dhúradán…”

Is amhlaidh gur imigh na buachaillí leo go maolchluasach mar do thuigeadar go maith go raibh gaol nó gaolta leo go léir sa phríosún, nó ba cheart go mbeadh…'

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar