Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir agus gníomhaí teanga, ar lár

Bhunaigh Ó Snodaigh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim in 1980 agus chuir sé na céadta leabhar i gcló ó shin i leith.

Pádraig Ó Snodaigh (1935-2025). Grianghraf: The Irish Times
Pádraig Ó Snodaigh (1935-2025). Grianghraf: The Irish Times

Tá an scríbhneoir, file, foilsitheoir, staraí agus gníomhaí teanga aitheanta, Pádraig Ó Snodaigh, tar éis bás a fháil.

Bhí sé 89 bliain d’aois.

Rugadh i gCeatharlach é agus chaith sé a shaol ag obair le Bord Soláthair an Leictreachais agus leis an Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath.

Bhí aithne mhaith air i saol na Gaeilge mar ghníomhaí teanga agus chaith sé tréimhse ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1979.

READ SOME MORE

Ceannródaí a bhí ann in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge. Bhunaigh sé an comhlacht Coiscéim in 1980 agus chuir sé suas agus anuas le 1,500 leabhar de gach cineál i gcló.

I measc na leabhar a d’fhoilsigh sé bhí saothair le Biddy Jenkinson, Gabriel Rosenstock, Máirtín Ó Cadhain, Tomás Mac Síomóin, Nollaig Ó Gadhra, Breandán Ó Doibhlin, Risteard Ó Glaisne agus go leor eile.

Tugadh aitheantas dó in 2019 nuair a bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, céim onórach DLitt Celt air.

D’éag a bhean chéile, an t-ealaíontóir iomráiteach Cliodhna Cussen, i Lúnasa 2022.

Maireann a chlann mhac: Fergus, Aengus, Colm, Cormac, Rónán agus Rossa.