Urlabhra naofa

Fág gurb í an Araibis teanga fhormhór na tíre tá caint eile ann

Grianghraf: Omas Haj Kadour/AFP via Getty Images
Grianghraf: Omas Haj Kadour/AFP via Getty Images

Sna laethanta dorcha seo dhá oíche roimh an Nollaig is maith is fiú machnamh a dhéanamh faoin tSiria, sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh. Ar éigean a bhfuil sé de chumas aon duine faoi bhun saoi staire agus fáidh aimsire a thuar cad atá i ndán don áit mhí-ámharach úd. Tá an chuma uirthi go raibh riamh anall faoi smacht ag impireachtaí ainiochtacha, nach raibh sna hOtamánaigh agus sna Francaigh ach an dá bhuíon is déanaí.

Ní fios cad tá i ndán di anois, go háirithe nuair a shíthleoidh eacstais na bua a rug an chomhghuaillíocht a dhíbir Assad agus a réimeas lofa. Chomh fada siar is a ghabhann bhí faoi smacht ag gallaibh agus is amhlaidh gur fhág gach concas díobh a spága troma ar bholg na háite, agus mar sin ar lorg a dteangacha éagsúla chomh maith.

Fág gurb í an Araibis teanga fhormhór na tíre tá caint eile ann leis, arb í an Choirdis an ceann is túisce a rithfeadh le daoine a bhfuil breaceolas beag acu féin ar an gceantar. Labhraítear Asairis chomh maith, agus mura bhfuil cuimhne agat ar an dream sin is amhlaigh gurbh iad an cine céanna iad a luaigh Byron ina dhán cáiliúil ‘The Destruction of Sennacharib’ – ‘The Assyrian came down like a wolf on the fold/And his cohorts were gleaming like purple and gold.’ In ainneoin an dáin sin is amhlaidh gur Críostaithe iad go leor de na hAisiriaigh faoi láthair, amhail cuid éigin de lucht labhartha na hAramaise, ar lú fós díobh atá ann i muir mhór fhairsing Ioslaim agus na hAraibise.

Díol suime iad an lucht labhartha sin, mar is í an Aramais an teanga a labhair Íosa nuair a shiúil sé ar an talamh. Más díol suime é sin, is díol iontais é gur beag an tábhacht a chuir na heaglaisí Críostúla ar fad sa chaint a dhein an té gur dá bharr arb ann dóibh in aon chor. Ba san Aramais a hinsíodh a chuid fabhalscéalta, is í a chuala sé os cionn an chliabháin nó an mhainséir a mbeimid ag cuimhneamh air Dé Céadaoin. Is inti a tugadh an tSeanmóir ar an gCnoc, inar thug sé Lazaras ón uaigh, ina ndúirt sé an chéad Aifreann agus inar fhan sé balbh nuair a cúisíodh os comhair na Rómhánach é.

READ SOME MORE

Nach lánait nár tugadh aon ómós ceart don teanga a tháinig amach as a bhéal, ná go deimhin d’fhormhór na dteangacha eile, seachas an Ghréigis, a bhí ag pobail bhunaidh na Críostaíochta – Coptais, Airméinis, Maialaimis, Amáiris? Ina choinne sin, tugadh stádas don teanga a labhair na saighdiúirí a chéas é lena bhfuipeanna, agus a bhuail a gcuid tairní isteach ina lámha, agus inar airigh sé an magadh uathu agus é ar tí bás a fháil.

Dhein siad teanga naofa den Laidin, caint a bhí chomh crua le heibhear, chomh fuar le marmar, chomh díreach leis an via Appia, chomh dolúbtha le sleá, chomh fuilteach leis an gColaseam, chomh fadálach le Cicéaro, chomh barbartha le Caligula, chomh domhothaitheach le Néaró, chomh neamhfhileata le Lucan, chomh hiata le maighdean veisteach, chomh neamhbhinn le rothaí charbaid ag tiomáint ar chnámha na gcorpán.

Níl fágtha ag an IarAramais (an leagan is gaire do theanga Íosa) ach dhá bhaile. Bhí an tríú ceann ann cúpla bliain ó shin, ach bánaíodh é le linn an chogaidh chathartha. Baile Moslamach is ea ceann amháin díobh, ach Críostaithe is mó atá in Maaloula lena tuairim is dhá mhíle duine, is gan é ach tríocha is a cúig éigin míle ón Damaisc.

Nár dhóigh leat gur chóra ball mór oilithreachta a dhéanamh den bhaile sin seachas go leor eile nár airigh urlabhra Íosa riamh?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar