FOCLÓIR: Gaothaireacht - bluster; olltoghachán - general election; dócúlach - distressing; greim - grasp; aisling - dream; tithíocht - housing; mianta - wishes; i bhfeighil - in charge; Cnoc an Anfa - Stormont; ionraic - honest; fuadar - bustle/rush.
Tá na bileoga seachadta, tá na póstaeir crochta, agus tá geallúintí fós á dtabhairt.
Táimid i laethanta deiridh fheachtas an olltoghcháin ach i ndiaidh na gaothaireachta, nuair a bheidh an clampar ar fad thart, níl na saoithe ag tuar go mbeidh mórán éagsúil faoi chomhdhéanamh an rialtais nua.
Más dócúlach an aisling í sin d’pháirtithe an fhreasúra, insíonn an stair dúinn nach raibh rialtas againn go dtí seo nach raibh faoi stiúir ag Fianna Fáil, ag Fine Gael, nó ag a réamhtheachtaithe.
Wake up, people: Here’s what the mainstream media don’t want you to know about Christmas
‘This is not easy for me’: FBI director resigns before Donald Trump takes office
I cringed at Paul Mescal’s Brit-bashing
High levels of air pollutants that can cause respiratory, heart and brain issues found in Dublin hotspots
Mar sin féin, tá fuadar faoi na polaiteoirí agus iad ag súil go n-éireoidh leo vóta nó dhó sa bhreis a mhealladh ón bpobal sna laethanta beaga atá fágtha.
Tá gníomhairí teanga i mbun a gcuid oibre freisin agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar a gcuid cuspóirí.
Dar ndóigh chuir an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 i bhfeidhm agus cé go bhfuil forálacha tábhachtacha atá fós le teacht i bhfeidhm, tá dul chun cinn déanta.
Ach tá móréilimh seasta fós ag pobal na Gaeilge a bhaineann le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, cúrsaí oideachais, tithíocht sa Ghaeltacht agus ionadaíocht ag Bord an Rialtais.
Tá Conradh na Gaeilge tar éis sraith cruinnithe a reáchtáil ar fud na tíre agus tá siad chun liosta éileamh agus seasamh na bpáirtithe maidir leo a fhoilsiú inniu.
D’fhiafraigh Tuarascáil de Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, céard is mó a bhfuil sí ag súil leis ón chéad rialtas eile. “Beart a dhéanamh de réir briathair agus cothrom na féinne don Ghaeilge,” a dúirt sí.
Chuir Melvin in iúl go láidir go raibh ‘díomá agus alltacht’ uirthi faoi teip an rialtais dheireanaigh gníomhú ar son na Gaeilge.
“Tá duine as gach ochtar ag fáil díolúine ón nGaeilge, rud atá ar cheann de mórfhadhbanna na linne don Ghaeilge,” a dúirt sí.
“Níor shuigh 23 faoin gcéad de dhaltaí na hArdteistiméireachta an scrúdú Gaeilge i mbliana - an líon is mó riamh.”
“Ní thuigim cén fáth go mbeadh ar dhuine díolúine a fháil ón nGaeilge ach gur féidir leo Spáinnis, Fraincis nó Gearmáinis a dhéanamh. Ní dhéanann sé ciall.”
“Roimh an olltoghachán deireanach gheall páirtithe an rialtais go méadófaí faoi dhó líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar oideachas lán-Ghaeilge - ach tá sé sin tar éis titim trí faoin gcéad.”
“Má tá an rialtas dáiríre faoin 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa státseirbhís a bheith inniúil ar an nGaeilge, conas a bhainfear sin amach nuair atá duine as ochtar ag fáil díolúine?,” a dúirt sí.
“Is léir faoin staid seo go bhfuil rudaí ag dul chun donais ó thaobh na Gaeilge de sa chóras oideachais,” a dúirt Melvin.
Roimh an olltoghchán deireanach agus sa chlár rialtais ina dhiaidh sin, gealladh go gcuirfí i bfheidhm go leor de mhianta Chonradh na Gaeilge.
“Le bheith ionraic leat, tá díomá orm le gach páirtí,” a dúirt sí.
“Tá an-díomá orm leis na trí pháirtí a bhí sa rialtas toisc go raibh an oiread sin rudaí [geallta] nár cuireadh i bhfeidhm.
“Gheall Fianna Fáil dúinn roimh an toghchán deireanach go mbeadh Aire sinsearach don Ghaeilge ann - cá bhfuil sé sin? Mhol Fine Gael go múinfí ábhar amháin trí Ghaeilge i scoileanna Béarla.
“Ní chosnódh sé pingin bhreise ar an Stát dá múinfí corpoideachas, tíreolaíocht nó stair trí mheán na Gaeilge. Gealladh go mbeadh polasaí againn ón luathoideachas go dtí an triú leibhéal. Cá bhfuil sé sin? Tá muid fós á lorg,” a dúirt sí.
“Ní raibh Sinn Féin sa rialtas ó dheas go fóill, ach cá raibh an Ghaeilge luaite sa dréachtchlár rialtais ó thuaidh? Ní raibh sí luaite. Má thoghtar iad [ó dheas], an mbeidh an Ghaeilge luaite?
Cé go ndúirt sí nach gan dua a shlánaítear geallúintí, dúirt Melvin nach fiú iad gan an tacaíocht chuí a bheith ar fáil.
“Bímid sa Dáil go minic, bímid ag bualadh leis na polaiteoirí ar Chnoc an Anfa agus bímid sa Bhruiséil ag plé agus ag labhairt leis na feisirí Eorpacha. Éisteann siad go dtí an pointe go gcuirtear rudaí i bhfoirm scríofa ach bíonn easpa gnímh ann ar deireadh.”
“Táimid ag súil le gníomh – gníomh, gníomh, gníomh,” a dúirt sí.
Roimhe sin, tá cruinnithe fós le reáchtáil agus tá stocaireacht fós le déanamh. “Tá [na baill] thar a bheith spreagtha,” a dúirt Melvin. “Tá muid ag dul thar timpeall na tíre ó Dhún na nGall go Muineacháin go Loch Garman agus eile.”
“Tá muid ag iarraidh go gcuirfear ceisteanna ar na polaiteoirí áitiúla. Mar shampla, i gContae Liatroma, tá siad ag brú ar an gComhairle Contae oifigeach Gaeilge lán -aimseartha a cheapadh. Tá gaelcholáiste agus foirgnimh de dhíth in áiteanna eile.”
Dúirt Melvin nár cheart go mbeadh drogall ar dhaoine ceisteanna a chur.
”Nuair a chnagann polaiteoirí ar do dhoras, cuir ceisteanna orthu faoi chúrsaí oideachais Gaeilge, faoin Aire sinsearach Ghaeilge, agus faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Seol ríomhphoist, nó cuir glaoch teileafóin. Má tá díospóireachtaí áitiúla á reáchtáil, bí i láthair agus cuir ceisteanna faoin nGaeilge,” a dúirt sí.
I measc na gcuspóirí buanseasmhacha atá luaite ar liosta éileamh Chonradh na Gaeilge tá an t-éileamh go mbeadh Aire sinsearach ag Bord an Rialtais freagrach as cúrsaí Ghaeltachta agus Ghaeilge. Níor gheall Fianna Fáil é sin an babhta seo, agus ní léir gur thug Fine Gael freagra.
Ábhar suime, b’fhéidir, dóibh siúd atá ag breathnú ar chomhdhéanamh an chéad rialtais eile ná gur thug an páirtí eile is mó a luaitear mar chuid de chomrialtas, Páirtí an Lucht Oibre, tacaíocht don chuspóir.
Ba mhinic cúrsaí oideachais na Gaeilge sna cinnlínte le linn téarma an rialtais dheireanaigh agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh freisin go gceapfar Aire Stáit sa Roinn Oideachais le comhordú a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge sa chóras oideachais.
De réir thaighde an eagrais, tá na páirtithe ar fad ‘uile ar a shon’, ‘dearfach faoi’, nó ‘sásta é a mheas’.
Tá an t-éileamh go bhforbrófar Polasaí don Ghaeilge sa chóras Oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal luaite freisin chomh maith leis an sprioc go mbeadh gach céim den chóras sin bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
An tseachtain seo caite, shiúil daltaí Ghaelcholáiste Reachrann, an t-aon mheánscoil Ghaeilge i ndáilcheantar Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, amach as an seomra ranga de bharr dhrochstaid na bhfoirgneamh scoile agus an easpa mór áiseanna atá sa scoil.
Tar éis 24 bliain ag feidhmiú i mbotháin réamhdhéanta, is léir go bhfuil riachtanais bhunúsacha fós gan réiteach.
Is léir freisin, má táthar chun an cuspóir go mbeidh ar a laghad 20 faoin gcéad de scoileanna na tíre ina scoileanna lán-Ghaeilge laistigh de 20 bliain a bhaint amach, go mbeidh gá le breis infheistíochta ag gach leibhéal den chóras.
Beidh pobal Ghaelcholáiste Reachrann agus go leor eile i bpobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ag súil go gcuirfidh an chéad rialtas eile níos mó béime ar a gcuid geallúintí a chur i gcrích go gasta.
Is éasca an rud é geallúint a thabhairt agus páirtithe ag iarraidh dea-thoil a chothú i measc an phobail vótála, ach mar a léiríodh cheana, ní hionann i gcónaí caint bhreá agus gníomh ceart.
Féiríní na Nollag
An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é i Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 27 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphost.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis