An dá imirce

Is é oighear diachrach an scéil é gur airíomar é seo go léir cheana.

"Is mó sin guais a bhaineann leis an domhan mór faoi láthair i leataobh ó chúrsaí cogaíochta amháin." Grianghraf: iStock/Getty
"Is mó sin guais a bhaineann leis an domhan mór faoi láthair i leataobh ó chúrsaí cogaíochta amháin." Grianghraf: iStock/Getty

FOCLÓIR: Braighdeán - captive; éamais – absence/without; amhlachas - semblance; tearc - few/scarce; camra - sewer; íonghlan – pure; monabhair – murmerings ; tráilleanna – slaves; suaitheanta - conspicuous; saobhchlaonta – twisted/prejudiced; guais – danger; dearóile – insignificance.

B’í an imirce amach crá croí agus briseadh dóchais na tíre seo ar feadh nach mór dhá chéad bliain; dhealródh gurb í an imirce isteach atá ag déanamh braighdeáin don phobal faoi láthair. Níl aon amhras ná go ndeachaigh an ghluaiseacht phobail isteach le fiche bliain anuas i bhfeidhm ar na toghcháin áitiúla abhus i mí an Mheithimh a d’imigh thart, agus go leathnóidh a scáil anuas ar an olltoghchán atá linn faoi láthair.

Ní hé gur éirigh thar barr le hiarrthóirí arbh fhéidir a rá go raibh ciníochas lom ag baint leo, cé gur cinnte go raibh a leithéid ann. Ach is amhlaidh gur thug siad gairbhe agus míbhéas sráide isteach sa phlé a ghránnaigh go leor den dioscúrsa poiblí. Dá éamais sin, tharraing siad formhór na bpáirtithe seanbhunaithe ar dheis, uaireanta dá n-ainneoin. Gan aon bhréag, áfach, rinne siad ceist na himirce a phlancadh isteach i gceartlár pholaitíocht na tíre, agus is donndeimhin gur mar sin atá sí chun aimhleasa ar an mórchóir.

Má bhí an toradh i lár an bhóthair agus gan aon tacaíocht mhór léirithe do na daoine a nocht binb i leith lucht inimirce, ní féidir a amhlachas céanna a dhearbhú maidir leis na meáin shóisialta. Is amhlaidh gur camra bréan lofa ba ea go leor a nochtadh ann agus ar réalaíodh arís sna léirsithe sráide agus sna loscaí foirgneamh a lean. Ba dheacair aon duine foighneamh leis na feillbhithiúnaigh a bhí ag éamh ‘Dóitear iad! Dóitear iad! Dóitear iad,’ agus liú tacaíochta a fháil acu ón daoscar ina dtimpeall.

READ SOME MORE

De dhearbhú an scéil sin arís, na ciréibeanna i mBaile Átha Cliath Samhain 2023; bean ón tSín caite isteach sa chanáil mhór; ionsaithe á ndéanamh ar eachtrannaigh, cuid acu barbartha go maith, toisc go raibh a dteanga dhúchais á labhairt acu seachas Béarla, agus b’in ó dhream a bhí in ainm is a bheith ag seasamh d’fhéiniúlacht íonghlan na hÉireann.

Is féidir cás lag éigin a dhéanamh ar son buairt phobail bheaga a shamhlaíonn go bhfuil siad á mbá ag rabharta isteach, fág gur tearc iad na pobail sin, agus gur ródhócha go gcuireann an dream nua le fuinneamh agus le beatha an bhaile nó an cheantair seachas a mhalairt. Is ródhócha, áfach, gur leithscéalta a chloisfear, agus cé nach ndeirtear ar fad os ard é, cloisfear monabhair mar gheall ar shalachar, ar fhir óga fhiáine, ar chreideamh eachtrannach, ar chontúirt do mhná óga, ar ghadaíocht, ar éigean, ar choiriúlacht.

Is é oighear diachrach an scéil é gur airíomar é seo go léir cheana. D’airíomar mar gheall orainn féin é. D’airíomar é nach mór focal ar fhocal, abairt ar abairt, leithscéal ar leithscéal, mar ba sinne iad tráth den saol.

Is geall é pailmseist é taithí mhuintir na hÉireann san 19ú haois agus ar feadh cuid mhaith den bhfichiú haois anuas ar chleachtadh imirceach an domhain bhoicht mar atá sé i láthair na huaire.

Níl aon mhasla dá gcaitear le lucht dídean a lorg inniu, níl aon agóid dár déanadh in aghaidh teifigh an lae seo, níl aon leithscéal a chumtar i gcoinne na muintire atá ag iarraidh teicheadh ón ocras aneas agus ón leatrom anoir nár cuireadh inár leith céad bliain ó shin agus roimhe nuair a bhíomar inár dtráilleanna ag an saol.

Tá áireamh gur cúig mhíle bád a sheol ó chuanta na hÉireann le linn an ama go raibh an imirce ina airde láin. Luann an scríbhneoir Seamus MacManus ina dhírbheathaisnéis go bhfeiceadh sé báid bheaga ag seoladh amach ó na Cealla Beaga agus iad ag iarraidh báid níos mó ó Dhoire a leanúint go Meiriceá; mar a bheadh siad ag síobshiúl ar an bhfarraige mhór ag dul siar. Ní hionann go baileach iad agus na naomhóga agus na curachaí rubair ag iarraidh dul trasna Loch an Bháis arb í an Mheánmhuir í, ach is den amhlachas céanna iad.

Is suaitheanta soiléire fós, áfach, na cosúlachtaí le mar a caitheadh linne thall nuair a bhuail na mí-ámharaigh bhochta port i Meiriceá. Bhí na biogóidí dá ngairmtear na Know Nothings rompu ag cosaint an phobail, dar leo, ar an salachar seo nár bhain leo, a bhí ag tabhairt galair isteach, a raibh coirpigh ina measc agus a bhí ag truailliú na muintire. Cár chualamar a leithéid seo cheana?

Bhí léirsithe sna cathracha móra inár gcoinne, nach raibh sna Bible Riots in Philadelphia ach ar an gcuid is táscúla díobh. Léirsithe frithChaitliceacha agus frithÉireannacha ba ea iad sin agus leathnaigh na ráflaí go raibh siad ag iarraidh an Bíobla a bhaint amach as na scoileanna. Loisceadh dhá shéipéal Chaitliceacha agus tithe daoine ina raibh Gaeil ag cur fúthu, nó le cur fúthu iontu. Aon rud inaitheanta mar gheall ar sin?

B’éigean balla cosanta a thógáil timpeall ar Ardeaglais Phádraig i Nua-Eabhrac ar eagla go ndéanfaí ionsaí air, agus bhí ráflaí go tiubh ar bhéala daoine - arbh iad meáin shóisialta na linne iad - go raibh an Pápa chun teacht lena arm faobhair is tine chun athVatacáin a bhunú i Sasana Nua. Dá éamais sin, chuirfí an dlí canónta i bhfeidhm sa tír agus chaithfeadh gach duine géilleadh dó. Anois, an airímid aon rud mar é inniu abhus, dlí Sharia agus mar sin de?

Mhair an chuid is measa de na saobhchlaonta seineafóbacha frithsinnemuidemuinne seo ar feadh dhá ghlúin sna Stáit ar a laghad, agus má dhéanaimid leamhgháire inniu mar gheall ar an léiriúchán a rinneadh ar Éireannaigh sa ré Victeoiriach, mhair iarsma na drochintinne seo níos gaire don bhaile agus dár linn féin. Rinne H.P. Lovecraft, an té a scríobh na scéalta uafáis úd a bhain cáil amach dó féin, rinne sé áiteamh nár cheart go ngéillfí neamhspleáchas polaitiúil d’Éirinn mar bhí ceart rialaithe ag Sasana orainn de bharr ‘racial superiority’, agus b’in sa bhliain 1921.

Is mó sin guais a bhaineann leis an domhan mór faoi láthair i leataobh ó chúrsaí cogaíochta amháin. An ceann is túisce a ritheann le daoine ná an t-athrú aeráide agus téamh na cruinne; ach ar ala na huaire is cinnte gurb é an suathadh polaitiúil agus pobail a leanann an imirce is mó atá ag fágáil cor suaitheantasach is ag déanamh cancair ar na tíortha saibhre.

Ní ghéillim nach bhfuil deacraí móra á leanúint seo. Is fíor go bhfuil cás buartha bailí ag pobail bheaga íogaire go mbáfaí faoi inimirceacht gan chló stiúrtha éigin. Ní thagann athrú gan a sciar féin den phiolóid a bheith ina orlaí nó ina slata tríd.

Ach cuid den bheatha riamh ba ea an imirce. B’í an imirce a chuir ag gluaiseacht sinn ón chéad lá nó bheimis ar fad inár gcónaí i ngleann éigin in oirthuaisceart na hAfraice fós. Tá cosa fúinn agus ní fréamhacha. Tá an t-imeacht sa dúchas againn.

Is é atá ar bun anois ná ceann de ghluaiseachtaí móra pobail na staire, ar nós imeacht an duine chun na hAstráile daichead míle bliain ó shin, nó teacht na nInd-Eorpach thar an Bhosparais anall. Gluaiseacht na mbocht ón ngorta, ón ainnise, ón dearóile go dtí an saibhir atá ar bun.

Ní féidir í a stop; ach ar a laghad is féidir tuiscint di agus caitheamh go cóir leis na slaoda seo den daonnacht; mura mbeadh ann ar an gcuid is caoile de ach go mba sinne iad tráth den saol, agus ní rófhada ó shin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar