Foclóir: Ráfla - rumour; cáinaisnéis - budget; dóthain - enough; leasuithe - improvements; dheonaigh - granted/consented; bonneagar - infrastructure; úllghort - orchard; leithdháileadh - allocation; cur agus cúiteamh - deliberation; rátaí boilscithe - rates of inflation.
Is iomaí ráfla á scaiptear le linn na seachtainí agus na laethanta roimh an lá a chuirtear an cháinaisnéis bhliantúil faoi bhráid phobal na tíre.
Tuartar arduithe anseo agus leasuithe ansiúd ach gan anáil a tharraingt, agus ar fhaitíos aon dul amú, cuirtear i gcuimhne gur gá dóthain a bheith sa chiste stáit chun íoc as pé chaiteachas poiblí a dhéanfar.
Ach mar is eol don domhan mór faoi seo, san imirt i mbliana, tá toisc eile a chaithfear a chur san áireamh.
US election results: Polls close in swing states of Georgia and North Carolina as Trump inches ahead of Harris
First €3bn tranche of Apple tax money lands in State coffers
Woman suing Conor McGregor over alleged sexual assault says he was ‘not taking no for an answer’
Barry Keoghan: ‘I’m not an absent father ... people love to use my son as ammunition’
Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach roinnt seachtainí ó shin gur dheonaigh Éire cabhair neamhdhleathach do Apple i dtaobh cúrsaí cánach. Bhain an chabhair sin leis an gcóireáil cánach ar bhrabús a ghintear le gníomhaíochtaí Apple lasmuigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM).
De bharr an bhreithiúnais seo, fágadh mar dhualgas ar an Stát an t-airgead sin a aisghabháil. Sé bun agus barr an scéil anois ná go bhfuil níos mó ná €14 billiún le húsáid ag an Rialtas, agus beidh súil ag an bpobal go mbainfear leas fiúntach as an éadáil mhór neamhghnách seo. Is cinnte nach ndáilfear airgead Apple ar fad san aon bhabhta amháin, ach fiú más fíor é sin, beidh deis ag an Rialtas beartais éigin a nochtadh sa cháinaisnéis.
Go deimhin, thug an Taoiseach Simon Harris le fios i gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist an t-airgead a infheistiú i mbonneagar an Stáit.
Le holltoghchán ar an mbealach bheadh ionadh mór ar dhaoine mura ndéanfaí iarracht cuid den airgead a chaitheamh ar an gCáinaisnéis.
Ach ní gan chur agus cúiteamh a shocraítear sa cháinaisnéis a bhíonn i ndán do mhála airgid an Stáit. Fiú nuair nach mbíonn de dhíth ach cúpla bonn sa bhreis a aimsiú, bíonn mórchinntí airgeadais i gceist agus de ghnáth déantar a bhformhór sin tamall maith roimh sheachtain na Cáinaisnéise.
Sin ceann de na fáthanna a reáchtáil Conradh na Gaeilge SEAS (Seisiún Eolais Agus Spreagtha) i gcomhpháirt leis an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga i mBaile Átha Cliath ag tús mí Iúil.
Bhí díomá ann arís anuraidh nuair a fógraíodh sa cháinaisnéis nach bhfaigheadh earnáil na Gaeilge/Gaeltachta ach €4.2 milliún breise de mhaoiniú Stáit in 2024 (€100.1 milliún san iomlán) ar leithdháileadh 2023 (€95.9 milliún).
Le rátaí boilscithe beagnach as smacht le tamall maith roimhe sin, ba bheag an méid é €4.2m. Agus iad bailithe in Óstán Buswells i gcroí lár cheantar na Dála, chuir Conradh na Gaeilge agus an Meitheal Náisiúnta éilimh airgeadais agus an Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 faoi bhráid pholaiteoirí na tíre.
Tacaíonn an mheitheal, ina bhfuil nach mór 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta, agus pobail ina mbaill, le príomhsprioc an Phlean Fáis, eadhon, cothrom na féinne a bhaint amach don teanga ó na cistí stáit thuaidh agus theas.
Cheadaigh an Rialtas breis airgid do thograí agus scéimeanna anseo agus ansiúd i rith na bliana ach is ardú buan atá á éileamh faoin bplean.
Tá ardú á lorg ar chaiteachas bliantúil an Stáit ar an nGaeilge ó faoi bhun 0.2 faoin gcéad i láthair na huaire go 0.4 faoin gcéad thar thréimhse chúig bliana. Luach thart ar €200 milliún a bheadh ar an méid sin.
Ach cén fáth go bhfuil gá le dúbailt ar chaiteachas an Stáit?
Deir gluaiseacht na Gaeilge le fada go bhfuil uaillmhian Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in easnamh maidir le tacaíocht airgeadais. Is minic a luaitear an méid a íoctar leis an Chomhairle Ealaíon, áisíneacht a dhéanann obair chomhchosúil le Foras na Gaeilge.
Cuireadh maoiniú de €134 milliún ar fáil sa cháinaisnéis is déanaí don Chomhairle Ealaíon i gcomparáid leis an €100 milliún a fuair earnáil na Gaeilge/Gaeltachta san iomlán.
Gearradh siar go mór ar mhaoiniú ar earnáil na Gaeilge in 2008 agus tá na ciorruithe sin fós le brath. Táthar ann a chreideann gur nós seanbhunaithe ag an Roinn Airgeadais é in aimsir chiorruithe go mbeadh an Ghaeilge ar an chéad rud a chaití anuas ar bhord na hidirbheartaíochta nuair a bhíonn ciorruithe le déanamh.
B’fhéidir nár tuigeadh luach cultúrtha, oideachasúil agus sóisialta na Gaeilge, ach níl sé chomh fada sin ó shin nuair ba dhóbair, mar chuid de chiorruithe stáit, go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta.
I dtuarascáil an Bhoird Snip Nua a foilsíodh i mí Iúil 2009 moladh deireadh a chur leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na seirbhísí Gaeilge a chur de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Moladh freisin deireadh a chur le scéimeanna Ghaeilge agus leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Meon nua?
Ach le deireanas, agus den chéad uair le fada an lá, labhair Aire Airgeadais amach ar son na Gaeilge. Agus é faoi agallamh le Raidió na Gaeltachta, dúirt Jack Chambers go raibh gá le tacaíocht agus cosaint a thabhairt don Ghaeltacht trí infheistíocht agus beartais tosaíochta a chur ar fáil.
“Tabharfar tacaíocht don Ghaeltacht le Buiséad 2025 agus is eol dom go mbeidh an tAire Thomas Byrne [le linn a chuid cainteanna leis an Aire Paschal Donohoe] ag déanamh argóinte an-láidir ar son a thuilleadh infheistíochta sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.
“Beidh seirbhísí poiblí agus infheistíocht chaipitil sa tithíocht, san uisce, san fhuinneamh agus san iompar mar chuid lárnach de Bhuiséad 2025. Bainfidh na pobail Ghaeltachta uile tairbhe as an airgead,” a dúirt sé.
“Is bunriachtanas é go mbeidh na teaghlaigh sin ar mian leo clann a thógáil agus a gcuid páistí a theagasc chun an Ghaeilge a úsáid in ann amhlaidh a dhéanamh. Táim tiomanta mar Aire Airgeadais chun na deiseanna [a chur ar fáil] agus níos mó a dhéanamh chun cabhair a thabhairt don Ghaeltacht agus don teanga. Tá sé sin an-tábhachtach domsa.”
Dá n-ardófaí caiteachas an Stáit ar an nGaeilge go 0.4 faoin gcéad den chaiteachas bliantúil thar thréimhse chúig bliana chuirfeadh sé sin níos mó ná €200 milliún ar fáil le tionscadail a mhaoiniú agus le seirbhísí breise a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Ní fios fós cén chaoi a n-úsáidfear airgead Apple. Níl aon cheist faoi ach go bhféadfaí an deis a thapú agus múnla iomlán nua a chur i gcrích chun tacú le saol na Gaeilge, gan ach rúinín beag den éadáil a chaitheamh.
Níl ag teastáil ach blaisín den úll.
Polasaí oideachais
Cáineadh creatpholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht nuair a dáileadh é ar pháirtithe leasmhara ag ollchruinniú comhairliúcháin ar an ábhar ar na mallaibh.
Níor luadh spriocanna náisiúnta teanga, scoileanna nua, cearta chun oideachas trí Ghaeilge a fháil, nó ardú ar chéatadán na ndaltaí atá ag freastal ar ghaelscoileanna. Níorbh aon ionadh mar sin é, gur dúradh go raibh easpa uaillmhéine agus físe sa cháipéis. Deis a bhí ann an cheist a fhiosrú a thuilleadh nuair a tháinig an tAire Oideachais Norma Foley os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite. Cé gur cuireadh na ceisteanna cuí uirthi, níor cuireadh mórán feola ar na cnámha.
I litir a d’eisigh Gaeloideachas ar scoileanna agus a dáileadh ar thuismitheoirí ar an Aoine, dúirt an t-eagras go rabhadar thar a bheith míshásta leis an gcreatpholasaí. Dúradh go raibh “neamhaird” déanta den taighde ar mhúnla an aonaid [sruth Ghaeilge i scoil Bhéarla] agus gur “beag atá ann” maidir leis na naíonraí.
“Níl aon uaillmhian, eolas nó substaint a thabharfadh soiléireacht, tuiscint ná misneach maidir le bunú scoileanna amach anseo,” a dúradh sa litir.
“Tá sé tugtha le fios go bhfuil an tAire chun an Polasaí a bhrú chun cinn go sciobtha agus go bhfuil an deis chomhairliúcháin thart,” a dúradh.
Agus olltoghchán ar na bacáin, impítear sa litir ar thuismitheoirí éileamh a dhéanamh ar pholaiteoirí go ndéanfaí an dréachtpholasaí a fhoilsiú agus go ndéanfar comhairliúchán ina leith.
Ag labhairt di os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt an tAire Foley go raibh sí ag fanacht leis an bpolasaí críochnaithe a fheiceáil.
Ar an bpointe sin is dócha atáthar uile ar aon intinn.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis