An bhfuil éan ar bith níos bómánta ná an piasún ann?
Is minic a fheicim an piasún ar an ród sin romham.
Amharcann sé ort.
Amharcann tú air.
Ní chorraíonn sé.
Sin an sórt éin é – scaoiltear saor sna bólaí seo le, bhuel, go scaoiltear marbh é.
An dtuigeann sé ina chroí istigh gur an bás atá i ndán dó agus gur sin an chúis go mbíonn sé chomh réamhchúiseach sin? Níl sé seachantach mar atá an chorr réisc, abair.
Rith sé liom go minic dá rithfinn ina dhiaidh – ahem – nach gcuirfeadh sé crua orm breith ar eireaball piasúin.
Leoga, má éiríonn cúrsaí iriseoireachta mórán níos measa, seans go mbeidh mé le feiceáil i gcuibhrinn na hÉireann ag rith i ndiaidh an phiasúin le greim beag bia a chur ar fáil do na páistí.
Tá dúil ag daoine i bhfeoil an phiasúin ach caithfidh mé a rá nár ith mé ceann riamh.
Ní hionann mo chás agus cás daoine eile. Chuala mé faoi dhuine a bhí ag tiomáint lá. Bóthar folamh a bhí roimhe.
Agus é ag pilleadh cúpla bomaite ina dhiaidh sin, chonaic sé go raibh piasún leagtha ag gluaisteán.
Stad sé an carr, thapaigh an deis agus chaith an piasún marbh ar chúl an chairr.
Creach a bhí ann.
Cá bhfuil an Gael a dhiúltódh don dinnéar réamhdhéanta?
Sea, maireann mianta na sean-Ghael ionainn uilig.
Piasún don Phota – scéal nua Fiannaíochta!
póm