Is dócha go gcaithfeadh tarlú. Ní raibh aon dul as. Ní raibh aon ní eile fágtha.
Dúirt an Bunc Domhanda é, agus Na Nóisin Aontaithe, agus an SAS (Saoirse Ársa Saoránach), agus An Púpa féin, gan trácht ar SAINT agus ar MUDNA agus ar MISE agus ar INNTI (Idirnáisiúntacht náisiúnach neamhní thionsclaíocht idirchum) agus eile go heireaball siar ar ais arís.
Bhí tarlaithe cheana féin i gcás na talún. Bhí tráth ann nuair nár le duine ar bith an talamh. Leis na déithe, b’fhéidir, pé iad féin ar na hiarshaolta réasúnta seo.
Dá mba dhéithe baineanna féin a thug a n-ainm don tír, b’fhada dearmadta an méid sin eolais nach raibh feidhm bhrabúis a thuilleadh leis.
Nuair a ghabh na ríthe an talamh fadó thug siad le tuiscint do na gnáthdhaoine gur leo, na ríthe, é.
Nuair a ghabh na ríthe an talamh de cheart claímh bhí a fhios acu go leanfadh an slua iad.
Óir, chuala siad go binn an méid a chan an tUachtarán Johnson, “Má tá greim againn ar a gcuid caidirní, ní fada go leanfaidh a gcroí agus a n-anam.”
Ina dhiaidh sin, an fearann ar ar ghluais na Fianna ar na sléibhte, is na toirc nach raibh a fhios acu go sibhialfaí feasta iad, is go ndéanfí ispíní is bagúin díobh ar ball, níor leo a thuilleadh é.
Dúnadh isteach a dtailte fáin fiain féin, agus tuigeadh go maith nár cheart cur in aghaidh cumhacht na n-údarás agus tuiscint ghinearálta an tsaoil.
Agus bhí sé scríte, nuair a tháinig siad ar son an talaimh a ghabháil, nárbh fhada uathu an t-uisce dá éis.
‘Earra gann is ea an t-uisce,’ ar siad, mar chuala siad á rá ag duine éigin san Éigipt, nach raibh riamh ganntanas uisce aige féin.
Ba ghairid gur chuala lucht páirte an mhacalla an scéal. Bhí siad ag cruinniú isteach go tiubh, agus abair leat go tiubh, ina mbuíonta polaitiúla.
‘Deirtear amuigh ansin go gcaithfimid íoc as uisce feasta,’ arsa macaí mo dhuine nach raibh ainm ar bith air.
‘Má deir Úillín mo Húirín linn go gcaithfimid íoc as uisce feasta,’ arsa fear an chaipín agus neach na mbriathra soilbhre in éineacht, agus fiú d’aon ghuth, ‘Cé sinne le smaoineamh dá mhalairt a bheith againn?’
‘Agus machnaigh gurb earra gann ar fad is ea an t-uisce,’ arsa Plobarnach Ó Maoine. ‘Cá mbíonn an t-uisce céanna nuair a bhíonn sé ag teastáil uainn?’
‘Ach tá mo theachsa báite ag fuaráin sléibhe agus ag toibreacha tuile agus ag na braonta anuas, cén fáth a n-íocfainn as obair Dé?’ d’fhiafraigh gamal saonta amháin.
Mhair ciúnas na ceiste go rófhada, áfach, mar bhí na freagraí i bhfolach i ndoimhneacht phócaí nár osclaíodh fós agus go soiléir lasnairde ar an spéir airgeadta nár shroich cosa an ghnáthdhuine fós.
‘Seanscéal é sin anois,’ arsa fear Fhuine Gúl, ‘tá deireadh leis na meánaoiseanna, agus leis an tuiscint sin gurb earra é an t-uisce atá saor do chách, nuair is léire go bhfuil sé gann.’
‘Mise leat siar go dúid,’ arsa neach Fháinne Fill, ‘níor cheart go mbeadh aon deacracht maidir le híoc as uisce, fad is go ndéanfar i gceart é, go gcomhlíonfar na dlíthe siar ar fad, agus go dtitfidh na pinginí ramhra sna pócaí cearta féin.’
Ní raibh aon chur ina gcoinne rómhór agus ghéill daoine gur chóir dóibh íoc as an uisce a tháinig ina bhfrasa chuca, go díreach is mar a ghéill siad gur dhualgas dóibh íoc as an talamh a thál féar is ithir is cré is méithreas na maitheasaí, mar bhí sin greanta sna deich n-aitheanta i gcloich, mar chonaic siad sa scannán é.
‘Caithfear íoc as seirbhísí poiblí feasta,’ adúirt an Bunc Domhanda, ‘go fiú mura bhfuil an t-airgead agaibh.’
Is d’aontaigh gach naíon leo, mar d’aontaigh gach naíon go raibh an dream a raibh airgead acu níos fiúntaí ná iad siúd a bhí bocht, agus d’aontaigh gach naíon nach raibh aon airgead ann, cé go raibh an t-airgead céanna ag fás go cranna na spéire; ach b’fhearr le gach naíon gan a shúile a oscailt, is b’fhearr le gach naíon a bheith dall seachas an rud nach bhféadfaí a shéanadh a admháil.
Is, féach, nuair a tháinig siad ar deireadh ag rá go gcaithfí príobháidiú a dhéanamh ar an aer, d’admhaigh cách is gach naíon nárbh fholáir a leithéid a dhéanamh.
Óir, caithfear an t-aer a ghlanadh agus tá costais ag baint leis agus caitheann daoine áirithe níos mó aeir ná daoine eile agus cé adúirt gurb earra flúirseach é an t-aer ar aon nós, agus smaoinigh daoine air seo, agus d’aontaigh siad gur cheart íoc as an aer, agus gur chóir méadair a chur ar scámhóga, is dá mhéid análacha a tharraingeofaí is ea ba mhó ba cheart íoc astu…