Dé Domhnaigh seo caite fuair Cill Chainnigh a 11ú craobh Uile-Éireann faoi stiúir Brian Cody. Taobh istigh de thréimhse 16 bliain.
Ó 1999, tá Uíbh Fhailí, an Clár, Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Tiobraid Árann curtha de dhroim seoil acu. Gaillimh arís Dé Domhnaigh seo caite.
Sa tréimhse chéanna, buaileadh trí huaire iad sa chluiche ceannais.
Mar sin, tá sé de lán-cheart acu a rá, is dóigh, go dtuigeann siad briseadh croí an té atá fágtha ar a nglúine ar an bpáirc, ag féachaint ar an bhfoireann eile ag dul suas na céimeanna ag glacadh leis an gcorn.
Mar Ghaillimheach, áfach, nílim in ann glacadh leis nuair a dhéanann duine éigin as Cill Chainnigh iarracht é sin a chur ina luí orm.
Ní thuigeann siad é.
Ní thuigeann siad an briseadh croí a bhaineann le filleadh ar an mbaile, buailte arís, agus b’fhéidir níos measa ná sin, ní thuigeann siad gliondar an bhua.
I 2013, tharla sé nach raibh Cill Chainnigh ná Tiobraid Árann sa chluiche ceannais. Athimirt idir an Clár agus Corcaigh, sula raibh fir Davy Fitzgerald buach.
Gliondar a bhí ar mhuintir an Chláir i mBaile Átha Cliath an oíche sin, agus nuair a d’fhill an fhoireann bhuach ar bhaile na hInse oíche lá arna mhárach, bhí sé dochreidte.
Na mílte cruinnithe i lár an bhaile, iad ag cur fáilte ghlórmhar abhaile roimh a laochra.
Is iomaí uair ráite ó shin agam é nár sháraigh aon oíche eile riamh é agus ní sháróidh – go dtí go dtiocfaidh sé go Gaillimh.
Agus cuimhnigh go raibh ócáidí iontacha mar é ag an Chlár i 1995 agus arís i 1997.
Ní fhaca Gaillimh aon oíche mar é ó 1988. Go deimhin, ní raibh cuid de na himreoirí a chuaigh chun páirce do Ghaillimh fiú ar an saol.
I 2012 chuaigh muid go Páirc an Chrócaigh, lán le dóchas, ach fios againn gur dóigh gur ag na Cait a bheadh an lá. Sin a tharla tar éis athimeartha. I mbliana, bhí cruas nua i bhfir na Gaillimhe.
Tar éis drochthús in aghaidh Bhaile Átha Cliath, thugadar comharthaí dóchais dúinn.
Cé gur bhuail Cill Chainnigh iad i gcluiche ceannais Chúige Laighean, fós ní raibh aon lagmhisneach mór orainn ag imeacht. Nár dhúirt Anthony Cunningham féin é, go mbeadh siad sa chluiche ceannais?
Agus bhí.
Bhí na seanridirí cumhachtacha Corcaigh agus Tiobraid Árann buailte acu ar an mbealach an uair seo.
Ní raibh foireann Chill Chainnigh chomh ‘lag’ le fada an lá agus a bhí i mbliana agus bhí na Gaillimhigh ag dul chun feabhais le gach cluiche a d’imir siad.
Chreid muid go dtarlódh sé i mbliana.
Ní raibh fágtha ach ridire amháin, as Caisleán Chill Chainnigh, agus ní raibh aon rí acu níos mó ná é ach oiread.
Filíocht.
Bhí Páirc an Chrócaigh lán le marún agus bán, The Fields of Athenry á chanadh.
Ach ní raibh sé i ndán dúinn. Cé go gcuireann sé pian i mo bholg, samhlaigh dá mbeadh an bua ag Gaillimh.
Samhlaigh an gleo.
Samhlaigh an léimt agus an ceiliúradh.
Samhlaigh an spraoi.
Ina áit sin, bhí lucht Chill Chainnigh ag siúl amach, sásta, ach gan aon tuiscint acu ar an lá speisialta a bhí feicthe acu.
Go háirithe iad siúd atá óg, agus nach bhfuil aon chuimhne acu ar uair nach raibh Cill Chainnigh ar barr chnoc na hiomána.
Ní bheadh a fhios agat go raibh craobh Uile-Éireann buaite acu. Gnáthlá dóibh ag Páirc an Chrócaigh.
Cuid acu imithe sular crochadh an corn, in iarracht na sluaite a sheachaint. Táthar ann a déarfadh go mb’fhéidir gur acu a bhí an chiall.
Déan gnáthrud as agus lean ort suas go dtí an barr. Seachas muidne i nGaillimh a chumann amhráin ag samhlú an lae a thiocfaidh an bua.
Níl a fhios agam.
Inniu agus mé á scríobh seo, tá liricí i gceann d'amhráin na Saw Doctors ag déanamh ríle i mo cheann – To Win Just Once.
Tá cúpla líne ann, áfach, a d’fhéadfadh a bheith crochta i seomra feistis Chill Chainnigh: “To never have considered losing,/As if to win is by your choosing...”
I nGaillimh, tá tús curtha le tórramh eile, ach muid níos dóchasaí ná riamh go bhfuil aiséirí ag teacht.
Agus mar a dúirt na Saw Doctors san amhrán céanna: “Time is passing so come on, /And face the ball, the game is on.”
Níl siad i bhfad as marc.
Dé Luain seo caite, d’fhill Cill Chainnigh ar an mbaile, agus bhí slua ag fanacht leo ag déanamh comhghairdis leo.
Cúpla uair an chloig i bPáirc Uí Nualláin, cúpla bleaist de The Rose of Mooncoin, cúpla deoch i Langtons b'fhéidir.
Dé Máirt, bhí a n-aird dírithe ar chraobhchomórtas chlub an chontae.
Tá éacht déanta acu.
Ach an bhfuil a fhios ag mórchuid de phobal Chill Chainnigh é sin?
Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh