D’imir Conor Grace cispheil go proifisiúnta ar fud an domhain mhóir. Tá an domhan siúlta aige ag imirt d’fhoirne éagsúla.
Foireann ollscoile Davidson i North Carolina ar dtús. Ar aghaidh ansin go dtí an Iodáil, an Fhrainc, an Fhionlainn, an tSualainn, an Ghréig, an Ísiltír, agus as sin chuaigh sé go Kuala Lumpar.
Cé go raibh coinníollacha maithe ann – cosúil le hárasán ag dul leis an gconradh – bhí saol imeartha KL Dragons an-difriúil go deo.
Bhí siad ag iarraidh i bhfad an iomarca traenála a bhaint as imreoirí. Traenáil ar maidin agus arís sa tráthnóna le haghaidh seisiún trom eile.
Úinéirí na foirne den tuairim má bhí imreoir go maith tar éis dhá uair an chloig, go mbeadh sé thar barr uilig dá ndéanfadh sé cúpla uair an chloig eile. Éileacht air, d’fhill Grace ar an Eoraip. Is ansin a thosaigh gortú droma ag cur as dó.
I gcaitheamh a chuid 20í bhí sé ag fáil airgid le dul ag imirt cispheile. Go hiondúil le conradh, fuair sé lóistín, bia agus carr, ach ba é an rud ba thábhachtaí a fuair sé ná scíth.
Cosúil leis an gcaint ar fad atá déanta faoi scíth, nó an easpa scíthe a thugtar d’imreoirí na gcluichí Gaelacha le déanaí, tá Grace den tuairim go bhfuil scíth riachtanach, agus éigeantach, má tá foireann le barr feabhais a bhaint amach.
Go hiondúil, traenáil dhá uair an chloig ar maidin a bhí ann, ag díriú ar chiseáin, crochadh meáchain nó san ionad aclaíochta. Ansin, scíth don chuid eile den lá, go dtí an tráthnóna sin nuair a bhí seisiún cúigear in aghaidh cúigear acu: “Ní thuigim cén chaoi a bhfuil bainisteoirí idirchontae anseo ag súil go mbeadh imreoirí peile agus iomána in ann an méid céanna traenála a dhéanamh, dul ag obair, agus deis a thabhairt dá gcuid corp cneasú chomh maith.
“Tá cluichí Gaelacha bunaithe ar bhród agus ar ghrá don imirt. Imeoidh sé sin má chuirtear brú ollmhór ar imreoirí agus beidh daoine gortaithe róluath dá bharr sin.”
Ós ag caint ar bhród muid, bhí Conor Grace i measc na ndaoine a bhí thar a bheith díomách nuair a cuireadh deireadh le foireann náisiúnta cispheile na hÉireann, go háirithe ó bhí sé ina chaiptín ar an bhfoireann.
Cuimhneoidh sé go brách ar an lá a chuir sé léine ghlas ar a dhroim agus é ag imirt le foireann Faoi 18 na hÉireann san Íoslainn.
Choinnigh sé leis an bhfoireann náisiúnta, agus ós rud é gur imir sé a chuid cispheile ar fad thar lear, ba deis a bhí anseo ag a mhuintir agus ag a chairde tacú leis.
Bhí spéis ag an bpobal ann chomh maith, a deir sé. Déanann sé comparáid le spórt eile, cruicéad. Nuair a cuireadh deireadh leis an bhfoireann náisiúnta cispheile, tharla sé go raibh borradh faoi chruicéad thart ar an am céanna agus bhí borradh faoin gcaighdeán imeartha freisin. Ba bhreá leis dá mbeadh laethanta den sórt sin ann do lucht cispheile arís.
Tá sé 32 bliain d’aois, céim mháistir bainte amach aige ag Scoil Gnó Michael Smurfit. Dathanna Theach Mealóg atá ar dhroim anois.
Go dtí coicís ó shin, níor imir sé le bliain de bharr gortuithe éagsúla agus dhírigh sé ar an ollscoil a fhad agus a bhí sé ag teacht aige féin: “Is dóigh de réir a chéile gur thuig mé go raibh sé in am tosú ag smaoineamh ar an saol tar éis cispheile.
“Maireann saol imreora chomh fada céanna le himreoir sacair, go dtí 34 nó 35 bliain d’aois. Cinnte, tá roinnt eisceachtaí ann cosúil le Ryan Giggs nó Liam McHale a bhí ag imirt cispheile agus é os cionn 40 bliain d’aois. Ach bhí a fhios agam go raibh an deireadh ag teacht.”
Rinne sé roinnt machnaimh ar filleadh ar na Stáit Aontaithe agus dul i mbun cóitseála ach roghnaigh sé díriú ar chúrsaí gnó anseo.
Ag traenáil trí huaire sa tseachtain atá sé anois, chomh maith le roinnt oibre sa ghiom, in iarracht é féin a láidriú tar éis bliain a chaitheamh ar an taobhlíne. Is gearr go mbeidh sé ag tosú post nua agus ag iarraidh dul i dtaithí ar obair lánaimseartha agus cispheil a imirt.
Ach tá sé réidh d'aisphreabadh amháin eile. Dá bhfilleadh an fhoireann náisiúnta, ba bhreá leis go mbeadh sé fós sách óg agus sách aclaí chun léine ghlas a chur air féin uair amháin eile. Is iriseoir le Nuacht RTÉ í Máire Treasa Ní Cheallaigh