Ar thug tú faoi deara le déanaí na comharthaí dóchais sin go bhfuil deireadh ag teacht leis an gcuid is measa den phaindéim? Is fíor go bhfuil geallúintí an rialtais ag dul i bhfad agus gurb í seo an t-aon uair ar domhan a bhfuil na mílte ag dúil le hinstealladh a fháil; ach is mó is deá-chomhartha go bhfuil an trácht ar na bóithre ag dul i raimhre agus go bhfuil rialtas na Breataine ag briseadh socruithe idirnáisiúnta go dalba arís.
Ach is é a dhéanann deimhin dár ndóigh ná go bhfuil deireadh tagtha de phlimp an bladar cheana go bhfuilimid ‘go léir sa ghéarchéim seo le chéile.’ An dá luathacht is a tugadh le fios go bhfaigheadh seirbhísigh phoiblí cúpla denarius nó sou in aghaidh na bliana seachas mar atá acu faoi láthair, bhí siad amuigh lena gcallairí agus lena dtrumpaí práis amhail is go raibh Pilip an Chleite ag an doras.
Go hobann, bhí an dá thaobh sactha i gcúinne an chró arís, an earnáil phríobháideach ansin go glórach, agus an earnáil phoiblí ina poll go leithscéalach ag iarraidh dul i bhfolach.
Abraimis aon uair amháin eile é, agus greantar sa mharmar é: níorbh í an earnáil phoiblí a bhris an tír, b’í an earnáil phríobháideach a rinne - na bainc. Dá mbeadh faoistin sa bhfaisean arís, d’fhéadfaí é a leagadh mar phianós ar dhaoine a rá seacht n-uaire seachtód: ‘b’iad na bainc a bhris an tír, b’iad na bainc…’
Aisteach go leor, táimse ar dhuine de na saontacháin sin a cheapann go bhfuilimid ar fad sa naomhóg chéanna. Ní bheadh déanamh agus díol agus ceannach ann mura mbeidís siúd a chuireann a gcroí dícheall isteach sna gnólachtaí beaga is móra ar cuid dár n-arán laethúil iad; agus ní bheadh déanamh agus díol agus ceannach ann murach an t-oideachas a chuirtear ar fáil, agus an t-eolas a dháiltear, agus an tarramhacadam a leagtar ar bhóithre poiblí, agus na cánacha a bhailítear, agus na hoibrithe sláinte a choinníonn an lag is an t-easlán beo, agus na deontais a scaiptear, agus líon isteach na bearnaí tú féin.
Tá an chuma air gurb iad taobh na hearnála príobháidí a chomáineann an capall áirithe seo lena gcuid fuipeanna searbhphusacha. Is annamh a chloiseann tú an gheonaíl agus an doicheall ón taobh eile.
É seo in ainneoin gurb iad na boic mhóra ina gcaisleáin ghloine a shocraíonn a dtuarastal féin. ‘Ba mhaith liom milliún mar thuarastal i mbliana.’ ‘Ó sin go breá. Agus bónas? Cé mhéid de bhónas atá uait?’ ‘Déanfaidh milliún eile cúis. Mo leithscéal. Abair dhá mhilliún.’ ‘Agus scair-roghanna?’ ‘Oiread agus is féidir.’
Ar thug tú riamh faoi deara go bhfágann daoine ardoilte sárchumais an státseirbhís d’fhonn post mór a fháil i gcomhlacht phríobháideach éigin? Ait go leor, ní chloiseann tú a leithéid ag teitheadh ón gcaipitleachas chun post deas sábháilte a fháil sa státseirbhís. Conas sin, n’fheadar?
Nuair a bhínn ag eitilt agus cead againn dul níos sia ná cúig chiliméadar ón mbaile, thugainn faoi deara go raibh deighilt san eitleán. Théadh na gabhair ar dheis isteach i gcorp na todóige, agus na haoirí caorach isteach ar chlé, áit a raibh an ‘grád gnó.’ D’iarr mé suíochán uair amháin sa ‘ghrád oideachais’ agus dúradh liom go raibh an bolg lasta ann i gcónaí.
An méid seo ar fad de bhreis ar dheontais, ar fhóirdheontais, ar dhíscríobh in aghaidh cánach, ar lacáistí agus ar sholamair gan áireamh nach eol ach dóibh siúd amháin. Agus, gan amhras, ó thosnaigh an phaindéim mhallaithe gurb é an stát a íocann tuarastal a gcuid fostaithe.
Ba cheart an fhiacail nimhe seo in aghaidh daoine atá ag obair ar son leas an phobail a stoitheadh go brách.